Scrúdú éigeandála struchtúrach le déanamh ar ocht nGaelscoil

Tá Gaelscoil na gCloch Liath i gCill Mhantáin i measc ceithre scoil a bhfuil imeachtaí dlí á dtionscnamh ina dtaobh ag an Roinn Oideachais i gcoinne Western Buildings Systems

Scrúdú éigeandála struchtúrach le déanamh ar ocht nGaelscoil

Tá scrúdú éigeandála struchtúrach le déanamh ag an Roinn Oideachais ar ocht nGaelscoil agus imní ann faoin tslí a tógadh na scoileanna sin.

Tá na Gaelscoileanna i measc 30 scoil atá le scrúdú i bhfianaise an scéala go bhfuil “ceisteanna suntasacha” ann faoi struchtúr Choláiste Pobail Ard Giolláin i mBaile Brigín i mBaile Átha Cliath.

De réir tuairisce ag RTÉ, cuirfear tús leis an tsuirbhéireacht sna laethanta amach romhainn agus is é an comhlacht tógála Western Buildings Systems a thóg na scoileanna go léir. 

Idir an dá linn, tá Gaelscoil na gCloch Liath i gCill Mhantáin i measc ceithre scoil a bhfuil imeachtaí dlí á dtionscnamh ina dtaobh ag an Roinn Oideachais i gcoinne Western Buildings Systems.

Is iad na Gaelscoileanna eile atá i gceist ná Gaelscoil na Mí, Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, Scoil Chaitlín Maude, Tamhlacht, Gaelscoil Shliabh Rua, An Chéim/ Baile Uí Ógáin, Gaelscoil Phortlaoise, Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin, Cloch na Coillte, Gaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán agus Gaelscoil Átha Í, Cill Dara.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais go bhfuil an scéal á phlé i gcónaí acu le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit.

Dé hAoine, dúnadh Coláiste Pobail Ard Giolláini mBaile Brigín, a thóg Western Building Systems in 2009, nuair a fuair innealtóirí amach nach raibh na ballaí taobh amuigh ceangailte mar ba chóir leis na ballaí taobh istigh.

Rinneadh scrúdú ó thaobh sábháilteachta dóiteáin ar na scoileanna go léir cheana féin agus dúirt an Roinn go raibh ceisteanna faoi shábháilteacht dóiteáin sna scoileanna ar fad, cé gur mioncheisteanna a bhí ann i gcásanna áirithe.

Tá ráite ag an Roinn Oideachais go bhfuil an córas maoirseachta atá i bhfeidhm anois maidir le tograí tógála “an-éagsúil go deo” ón gcóras a bhí i réim idir 2008 agus 2013, an tréimhse inar tógadh formhór na scoileanna atá i gceist.

Dúirt Western Building Systems cheana gurbh amhlaidh go mbíodh cigireacht déanta ag an Roinn ar an obair ar na scoileanna go léir agus teastas eisithe ina taobh nuair a bhí an obair sin críochnaithe.

Dúirt an comhlacht gur chreid siad gur chloígh na scoileanna ar fad a thóg siad le pé rialacha sábháilteachta dóiteáin agus tógála a bhí ann nuair a tugadh ar láimh na scoileanna don Roinn.

Maíonn an Roinn áfach gurbh é an comhlacht a bhí freagrach as teastas sábháilteachta dóiteáin a fháil agus as a chinntiú go raibh na foirgnimh tógtha de réir na rialacha sábháilteachta dóiteáin. 

Fág freagra ar 'Scrúdú éigeandála struchtúrach le déanamh ar ocht nGaelscoil'