‘Scrúdú diaibéitis a rinne pláistéir orm a chuir ag an dochtúir mé’

Ní raibh ár gcolúnaí ag dochtúir le leathchéad bliain cé is moite d’aon uair amháin nuair a d’ól sé drochphoitín

‘Scrúdú diaibéitis a rinne pláistéir orm a chuir ag an dochtúir mé’

Ba é Déardaoin seo caite Lá Domhanda an Diaibéitis. Níor chuala mé aon trácht ariamh ar an lá speisialta sin go dtí i mbliana. Thug mé faoi deara an iarraidh seo é ar chúis mhór amháin; d’fhéadfadh sé gur gearr go mbeidh sé orm féin mura dtuga mé aire dhom féin.

Bhí fear ag plástráil sheid na móna dhom tamall ó shin. D’inis sé dhom go raibh diaibéiteas air.

“Seans go bhfuil sé ormsa freisin,”  arsa mise, “bhí sé ar mo mháthair agus bhí sé ar mo sheanmháthair. Is maith is cuimhin liom an bhanaltra a bheith ag teacht chuig Mamó chuile lá le instealladh a thabhairt di.”

Cuimhním ar an mothú a bheith ag imeacht as mo mháthair freisin nuair a d’athraíodh leibhéal an tsiúcra.

“Beidh  a fhios againn amárach an bhfuil sé  ort,” a dúirt an pláistéir, “cuirfidh mise scrúdú ort.”

Tháinig sé lá arna mhárach  agus deis bheag aige le haghaidh na trialach. Bhain sé braon fola as mo mhéir agus thomhais sé an toradh.

“Tá sé ort cinnte,”  ar seisean, “níor mhór dhuit a dhul chuig an dochtúir láithreach.”

Chuaigh. Bean shuáilceach ghroíúil a bhí inti.

“Cén fáth a bhfuil tú anseo,?” a d’fhiafraigh sí dhíom.

“Tá diaibéiteas orm,”  arsa mise.

“Cé a dúirt é sin leat?” ar sise.

“Cuireadh scrúdú orm,”  arsa mise.

“Cén dochtúir a rinne an scrúdú?”  ar sise .

“Ní dochtúir é, ”  arsa mise “ach pláistéir.” 

Thug sí amharc iontais orm.

“An bhfuil pláistéirí ag déanamh scrúduithe mar sin anois?”  ar sise.

Mhínigh sí dhom ansin go dteastódh cruthú níos fearr ná sin mar go n-ardaíonn agus go n-íslíonn leibhéal an tsiúcra ar chúiseanna éagsúla.  D’fhiafraigh sí dhíom  an dtéinn chuig an dochtúir go minic.

“Inseoidh mé an fhírinne dhuit,”  arsa mise, “ní raibh mé ag aon dochtúir le leathchéad bliain, cé is moite d’aon uair amháin.”

“Cén uair é sin?  ar sise.

“Nuair a d’ól mé drochphoitín,”  arsa mise. 

Bhain sin an chaint ar fad di ach thuig mé go maith ón gcéad amharc eile a thug sí orm  nach gcuirfeadh sí isteach mé ar chomórtas othar na bliana.

Ba é deireadh na cúise gur thóg sí féin sampla fola agus gur cuireadh chun bealaigh é. Nuair a tháinig an breithiúnas ar ais ní raibh sé ródhona. Dúradh nach raibh diaibéiteas orm faoi láthair ach go raibh mé ag dul sa treo  sin. Moladh dhom fanacht glan ar bhia milis agus neart siúil a dhéanamh. Chaithfinn meáchan a chailleadh.

An rud is contúirtí ar fad  faoin diaibéiteas go mbíonn sé ar dhaoine i ngan fhios dóibh.

Galar marfach a bhí ann dtí gur tosaíodh ag úsáid insline. 

Ba é Sir Frederick Grant Banting is túisce a chuir ag obair é sin. Lia, eolaí míochaine agus péintéir as Ceanada a bhí ann.

Nuair a d’fhéach  sé le dhul san arm i 1914 níor tógadh isteach é mar nach raibh amharc na súl go maith aige. Ach d’éirigh leis a dhul san arm an bhliain dár gcionn.

Gortaíodh é i gCath Cambria sa mbliain 1918 ach chuidigh sé le fir ghonta eile ar feadh sé huaire déag an chloig go dtáinig dochtúir an bealach a chomhairligh dhó é a thógáil go réidh.

Nuair a chríochnaigh an cogadh chuaigh sé ag cleachtadh dochtúireachta as éadan. Sa mbliain 1923 bronnadh Duais Nobel an Leighis air. Roinn sé an gradam agus an t-airgead lena chomhghleacaí an Dr. Charles Best.

I dtimpiste eitleáin a bhásaigh Banting sa mbliain 1941.

Ciorcal gorm an tsiombail atá ag an ngluaiseacht idirnáisiúnta in aghaidh an diaibéitis. Cuirtear solas gorm ar fhoirgnimh phoiblí  ar fud an domhain ar an gcúis sin chuile Shamhain.

Má bhím féin beo an bhliain seo chugainn cuirfidh mé ciorcal mór soilseach gorm ar bharr an tí anseo in Aill na Brún.

Fág freagra ar '‘Scrúdú diaibéitis a rinne pláistéir orm a chuir ag an dochtúir mé’'

  • uinseann

    an-alt!