Scrúdú cainte le plé ag grúpa comhairleach speisialta an tseachtain seo

Níl an Roinn Oideachais sásta a rá céard atá i ndán do scrúduithe cainte na hArdteiste nuair a ceistíodh iad

Scrúdú cainte le plé ag grúpa comhairleach speisialta an tseachtain seo

Pléifear a bhfuil i ndán do scrúduithe na hArdteiste, béaltriail na Gaeilge ina measc, ag cruinniú speisialta an tseachtain seo.

Tá an Roinn Oideachais agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) i mbun pleanála do scrúduithe na hArdteiste 2021 i láthair na huaire agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte phoiblí atá cruthaithe ag an Covid-19.

Mar chuid de na hullmhúcháin, tá grúpa comhairleach speisialta bunaithe chun scrúduithe na hArdteiste a phlé agus beidh cruinniú ag an ngrúpa sin Dé hAoine, an 15 Eanáir.

Tá an brú atá á chur ar an Rialtas fógra a dhéanamh faoi Ardteist na bliana seo ag méadú, go háirithe i gcás na scrúduithe cainte a thosaíonn mí an Mhárta.

 Tá ionadaithe ón Roinn Oideachais, an Roinn Ardoideachais, an SEC. daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí, boird bhainistíochta scoileanna agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an ngrúpa comhairleach.

I measc na rudaí is práinní atá le plé ag an gcruinniú, tá cás na scrúduithe cainte.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc.ie go raibh sé ina rún láidir ag an Roinn scrúduithe na hArdteiste a reáchtáil ach diúltaíodh aon eolas a thabhairt maidir leis na scrúduithe cainte a bhfuil amhras mór ann faoina bhfuil i ndán dóibh.

“Is é rún daingean na Roinne agus an Aire Oideachais scrúduithe 2021 a reáchtáil agus na bearta cuí sláinte phoiblí agus aon réiteach eile a bheith faoi réir chuige sin,” a dúradh.

Reáchtáiltear na scrúduithe cainte idir mí an Mhárta agus mí Aibreáin gach bliain ach cuireadh ar ceal anuraidh iad de dheasca na paindéime iad agus tá siad i mbaol arís i mbliana.

Is ionann scrúdú cainte Gaeilge na hArdteistiméireachta agus 40% de na marcanna ar fad. 25% atá ag gabháil do na scrúduithe cainte i scrúdú Ardteiste na Fraincise, na Gearmáinise agus na Spáinnise.

Rinneadh leasuithe eile ar Ardteist na bliana seo mar gheall ar an méid ama scoile a chaill daltaí nuair a dúnadh na scoileanna mí Márta 2020 de bharr an choróinvíris.

Laghdaíodh an méid den siollabas a bheidh éigeantach sna hábhair ar fad, agus tugadh rogha níos leithne do dhaltaí agus iad ag freagairt ceisteanna sna scrúduithe stáit.

An t-athrú is feiceálaí ar an Ghaeilge san Ardteist is ar an scrúdú cainte é mar gur 10 bpictiúr as an 20 Sraith Pictiúr a bheidh le réamhullmhú feasta ag gach dalta Gnáthleibhéil agus Ardleibhéil.

Tá 61,000 dalta ag tabhairt faoi scrúdú deiridh na hiarbhunscolaíochta i mbliana.

Tharraing an Rialtas raic an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh go raibh iarbhunscoileanna an stáit le hathoscailt trí lá sa tseachtain do dhaltaí Ardteiste amháin.

Cáineadh go láidir an plean agus caitheadh i dtraipisí é.

Fág freagra ar 'Scrúdú cainte le plé ag grúpa comhairleach speisialta an tseachtain seo'

  • Mícheál

    Is é an scrúdú cainte an mhír is tábhachtaí den scrúdú Gaeilge don Ardteist. Tá todhchaí na teanga labhartha ag brath go mór uirthi. Botún mór a bheadh ann an mhír seo a chur ar ceal dhá bhliain as a chéile, dar liom.

  • Sarah Lily Lynch

    I think the oral exams should not go ahead as a decision needs to be made now and in the current climate is it impossible to determine whether it will be safe to perform them in march. Students need an answer now and I think the most logical thing to do would be a predicted grade for our orals compiled over the last 2 years by our teachers and what we received in the Junior Certificate Orals, factoring in additional time to study and the fact that we were denied the opportunity to go to the Gaeltacht or abroad to strengthen our chosen languages. This is better than giving every student 40/40 because it means students get what they deserve and what they have worked for.

  • Ciaran Kavanagh

    An rud is tábhachtaído do mise ná go ndéantar cinneadh go luath. is fearr an t-am mortlaíochta a ullmhu. In ainneoin sin is cuma liom cad a tharlíonn, beidir gach duine ag fáil 100 faoin gcéad is fearr ach níl se ró-thábhtach cad a dheanamh.

  • Emily Barrett

    Mar daltaí 6ú bliana, tá an t-alt seo ar cheann de na píosaí faisnéiseach a léigh mé maidir lena bhfuil ag tarlú lenár scrúduithe. Tá strus dochreidte ar daltaí faoina bhfuil ag tarlú lenár scúduithe, tá mearbhall orainn agus níl soiléireacht againn. Tá sé bunúsach go bhfaighimid cinntí soiléire cinntitheacha maidir lenár dtodhchaí ag an gcruinniú seo ar an 15ú. Tá go leor roghanna féideartha ann maidir le conas is féidir leo na scrúduithe béil a chur ar stáitse ar bhealach sábháilte agus cothrom, mar shampla lenár múinteoirí scoile féin a bhfuil taithí acu ar scrúdaitheoirí nó ar líne trí zoom le scrúdaitheoirí seachtracha. Mar daltaí ní mór dúinn ár scrúduithe béil a dhéanamh, is céatadáin mhóra dár ngráid iad agus táimid ag obair ina dtreo le cúpla bliain anuas. Tá súil agam go dtuigeann an roinn tábhacht na scrúduithe seo agus go gcabhróidh sí linn iad a chríochnú ar bhealach sábháilte.

  • Orla Nic Liam

    Is dálta ardteist mé agus táim ag déanamh ardleibhéal i nGaeilge i mbliana. I mo thoirm, ní raibh an bealach ar déileáladh leis na scrúduithe béil anuraidh inghlactha. Nuair a fhaigheann gach duine céad faoin gcéad, tá daoine ardleibhéil faoi mhíbhuntáiste agus níl sé sin féaráilte ar bith. Muná bhfuilimid in ann na scúduithe béal a dhéanamh mar gnáth, ceapaim gur féidir linn iad a dhéanamh tríd zoom nó lena múinteoir inár scoileanna. Ceapaim go mbeadh rudaí mar sin i bhfad níos fearr agus níos cothroime do ne dáltaí mar ag an am seo, táimid ag obair go dian.

  • Emilia Connolly

    Día Duit,

    Is dalta sa séú bhliain mé agus ba mhaith liom mo thuairimí ar na scrúdaithe cáinte a phlé leat. An bhliain seo chalet bhí na scrúdaithe cáinte go leir curtha ar ceal, agus fuair daltaí cead faoin gcéad sa páirt seo den scrudu. B’fheidir an bhliain seo chaite, ní raibh an am ag an Rialtas, chun ‘Plan B’ a smaoineamh nó a dhéanamh, ach i mbliana tá an am againn chun mbealaí difriocht a phlé leis na scrudaithe cainte muna bhfuil muid in ann iad a dhéanamh mar is gnath.

    Tá cupla smaointe agam mar shampla;

    1. Is feidir linn na scrúdaithe cáinte a dhéanamh ar líne ar Zoom, nó Google Meet. Tá an teicneolaiocht againn agus caithfimid é a úsáid.

    2. Is feidir linn iad a dhéanamh sa scoil, leis ár muinteoirí. Tá a fhios agam go mbheadh fadhb ann leis an cothroimeacht agus leis na marcanna, ach an bhliain seo chaite, bhí an Rialtas sasta leis na muinteoirí ag marcáil na daltaí leis na gráidanna tuartha. Is feidir linn seol físean do Coimisiún na Scrudáithe Stáit tar éis an scrudu.

    I mo thuairm, ceapaim le grupa polaiteoirí ag obair le cheile, is feidir linn mar tíre, réiteach a fhail ar fadhb na scrudáithe cainte, gan iad a curtha ar ceal, mar níl se an taon réiteach don fadhb sin.

    Go raibh maith agat,
    Emilia Connolly

  • Bríd

    Leithscéal maith don Stáit chóras an teanga a chur i gCré na Cille & an scraith deiridh a chur uirthi. BYE BYE don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta más ann dó ariamh………Cur i gCéill….

  • Lisa Sutton

    Is datla séú bhliain mé agus táim ag éiri níos buartha lá i ndiadh lae faoi na scrúdaithe cainte. Níor chulamar faic go foill faoi cathain, conas nó má mbeidh ár scrúdaithe cainte agus ár Ardteist ar súil. Cuireann an neamhcinnteach lagmhisneach orm agus mo chomhscolairí, agus tá sé fíor deacar leannuint ar aghaidh ag staidéar gan aon nuacht nó dóchas. D’oibrigh mé go dian ar mo Ghaeilge labhartha agus ar mo theangacha eile agus i mo tuairim, níl sé cóir chun lánmharcanna a thabhairt a gach uile dalta sa tír. Is eol go chách nach dócha é go dtarlóidh na scrúdaithe cainte mar is gnáth, ach tá cúpla réitigh shimplí. Tá muinteoirí i formhór na scoileanna sa tír cé go bhfuil taithí acu ag scrúdaigh na béaltrialacha agus beidh siad in ann ár scrudaithe a dhéanamh. Chruthaigh na muinteoirí an bhliain seo cáite gur fhéidir leo bheith cóir agus cothrom leis na torthaí thuar. Mar sin, ní feicim cén fath nach fhéidir leo ár scrúdaithe a scrúdaigh mar bímid ag meascadh le chéile ar aon nós. Freisin, is féidir na scrúdaithe cainte a dhéanamh tríd seomraí cainte, cosúil le Zoom. Tá siad sábhailte agus easca le úsaid, mar tá fhios againn go léir. Tá súil agam gur thiocfaidh an Rialtas ar réiteach go luath mar tá tionchar ollmhór ag an strus agus an neamhchinnteacht ar mheabhairshláinte an aos óige.

  • Alan Gordon

    Dia dhuit mo chara,
    Táim ag obair go dian agus ag staidéar freisin don Ardteist i mbliana, ag déanamh Gaeilge agus Spáinnís. Caithfidh mé a admháil go bhfuillim beagánín buartha faoi na scrúduithe cainte i láthair na huaire, mar níl aon soléireacht ann. Tá a fhios agam gur ceist chasta agus deacair é sin agus i mo thuairim, ní bheidh gach duine sásta le réiteach amháin.

    An bhliain seo caite, cuireadh na scrúdaithe cainte ar ceal agus tugadh marcanna iomlán do gach dalta. Ní raibh sé seo ceart, cóir nó cothrom mar d’oibrigh daltaí áirithe go crua, níor oibrigh daltaí eile chomhdhian, agus fuair siad na torthaí céanna.

    Tá sé fíorthábhachtach a rá go raibh tionchar ollmhór ag an tréimhse dianghlasta ar ár gcuid teangacha. Ní raibh ranganna ábalta labhairt le chéile ar feadh leathbhliain anuraidh, agus ní bheimid in ann an scrúdú cainte a cleachtú ar feadh níos mó ama i mbliana. Mar sin, tá imní ar dhaltaí faoi na marcanna a gheobhaidh siad. Freisin, cuireann na tréimhse seo isteach go mór ar ár meabharshláinte agus tá rudái níos tábhachtaí ann ná na scrúdaithe.

    I mo thuairim, tá dhá réitieach ann. Rinne an tréimhse dianghlasála éagóir ar daltaí gan ríomhairí agus Wifi. Ní bheadh sé cóir an scrúdú céanna a thabhairt do chách. Mar sin, caithfimid na scrúduithe cainte a chur ar ceal arís, ach an am sin, thabharfaí marcanna tuartha do gach dalta. Déanaimid scrúdaithe go minic agus tá a bhfios ag na múinteoirí an méid marc a gheobhaimid.

    Is é an réiteach eile ná na scrúduithe a dhéanamh lena múinteoirí sa scoileanna. Tá na cáilíochtaí ag formhór na múinteoirí chun na scrúdaithe a dhéanamh. Thabharfaí ár múinteoirí marcanna cearta dúinn mar bíonn siad ag éisteacht linn go minic agus tá a bhfios acu an léibhéal teanga atá againn.

    Ní féidir linn scrúdaithe cainte a dhéanamh ar Zoom mar cheilfeadh daltaí an scrúdú gan aon agó, bheadh sé i bhfad ró-éasca. Freisin, tá sé ró-chotúirteach na scrúdaithe a dhéanamh leis an scrúdaitheoir. Tá líon na gcásanna ró-ard agus tá daoine goilliúnacha ag gach dalta agus múinteoir.

    Mar chonclúid, is iad na réitigh ná marcanna tuartha a thabhairt nó an scrúdú a dhéanamh leis an múinteoir scoile in ionad an scrúdaitheoir. Tá daltaí faoi bhrú agus tá imní orainn agus tá sé an-thábhachtach go ndéanfaimid ceann de na réitigh seo.

    Go raibh maith agat.

  • Jenny

    Mar mhac léinn reatha sa 6ú bliain creidim go bhfuil sé tábhachtach dúinn ar a laghad roinnt soiléireachta a fháil maidir lenár scrúduithe béil. Creidim gur féidir na scrúduithe béil a dhéanamh ar zúmáil nó google bualadh le chéile nó fiú lenár múinteoirí féin. Anuraidh bhí muinín ag na múinteoirí gráid tuartha a thabhairt mar sin creidim gur féidir muinín a bheith acu arís sna scrúduithe béil. Tá an teicneolaíocht againn chun dul ar aghaidh leis na scrúduithe seo. Sílim go bhfuil sé ríthábhachtach go dtiocfar ar chinneadh go luath d’fhonn an t-am a thabhairt dúinn ullmhú.

  • Roisin

    I think the orals should go ahead. The teachers within schools can easily examine us as many of them are already official examiners. I think the most important thing is that we are actually told what is going to happen instead of being told absolutely nothing about the department’s plans.

  • Mícheál

    Mar atá ráite i bhformhór mór de na freagraí thuas, níl ciall ná réasún leis an mBéaltriail a chur ar ceal scun scan arís agus marc iomlán (ie. 240m nó 100%) a bhronnadh ar gach uile dhalta mar a tharla anuraidh. Déantar éagóir mhór ar na daltaí díograiseacha agus ar na daltaí a bhfuil grá acu don teanga labhartha sa réiteach místuama seo. Sa chás nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis an scrúdú béil oifigiúil, ba chóir ligint don mhúinteoir iad a thástáil ar bhonn leanúnach idir seo agus an Cháisc agus grádanna bunaithe ar a gcumas cainte a bhronnadh orthu ansan. Spreagfaidh sé seo a suim sa teanga agus cothóidh sé meas don teanga i measc na ndataí ag an am céanna. Dhéanfadh an Bhéaltriail a chur ar ceal agus lánmharcanna a bhronnadh ar gach éinne dochar mór don teanga agus ceap magaidh di sa chóras oideachais, im thuairimse.