Ní chuirfear béaltriail ná cumas labhartha na Gaeilge san áireamh sna gráid mheasta atá le bronnadh ar gach dalta Ardteiste i mbliana.
Ní bheidh scrúduithe cainte á ndéanamh ach amháin ag na daltaí Ardteiste a roghnaíonn scrúdú traidisiúnta a dhéanamh chomh maith le grád measta a fháil.
Is fiú 40% den mharc iomlán scrúdú cainte na Gaeilge de ghnáth.
Fágann an cinneadh seo gur cosúil nach mbeidh aon rogha ag dalta ar mhaith leis nó léi aitheantas a fháil dá líofacht Ghaeilge ach scrúdú traidisiúnta a dhéanamh mí an Mheithimh.
Tá a thuilleadh sonraí le fógairt fós faoi leagan amach na scúduithe i mbliana, ach beidh na scúduithe cainte ar siúl le linn saoire na Cásca, nó go gairid ina dhiaidh sin.
Déanfaidh scoileanna a socruithe féin don scrúdú cainte. Beidh ar scoil socrú a dhéanamh le scoil gar di maidir le reáchtáil na scrúduithe, déanfar na scrúduithe a thaifeadadh agus cuirfear ar aghaidh go dtí scrúdaitheoirí an Choimisiúin um Scrúduithe Stáit iad.
Fógraíodh tráthnóna inné go dtabharfar gráid mheasta do gach dalta Ardteiste i mbliana, ach go mbeidh rogha acu freisin scrúduithe traidisiúnta a dhéanamh.
An Coimisiún um Scrúduithe Stáit a chreidiúnóidh agus a eiseoidh na gráid ríofa agus gráid chreidiúnaithe-SEC a thabharfar orthu.
Toradh amháin a bhronnfar ar na daltaí do gach scrúdú agus an dalta a dhéanfaidh scrúdú freisin beidh cead aige an marc is airde a roghnú.
Táthar ag súil go spreagfaidh sin daltaí chun na scrúduithe tradisiúnta a dhéanamh.
“Rinne daltaí agus tuismitheoirí an-soiléir é go raibh gá le soiléireacht agus rogha agus creidim go bhfuil sé sin acu leis an gcinneadh seo,” a dúirt an tAire Oideachais Norma Foley.
Foilseofar amchlár na scrúduithe inniu.
Ní bheidh aon scrúduithe scríofa ann don Teastas Sóisearach i mbliana, measúnú scoile a bheidh ar siúl.
Thug fochoiste oideachais an Rialtais a mbeannacht don phlean do na scrúduithe tráthnóna inné.
Chuir urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin fáilte roimh an bplean agus dúirt sé go mbeadh a pháirtí ag comhoibriú leis an Rialtas lena chinntiú go mbeadh an gnáthstádas ag torthaí Ardteiste na bliana seo.
D’fhéadfadh, a dúirt sé, go mbeadh gá le reachtaíocht chun tacú le córas na ngrád measta i mbliana.
Táthar ag súil go bhfillfidh daltaí na hArdteiste ar an seomra ranga ar an 1 Márta.
Seán Ó Gaibhín
Deireann sé san alt seo “Ní chuirfear béaltriail ná cumas labhartha na Gaeilge san áireamh sna gráid mheasta atá le bronnadh ar gach dalta Ardteiste i mbliana”. Ach dúirt an ISSU go mbeidh múinteoirí ag tuairt grád maidir leis an scrúdú béil. https://t.co/Yt6FqhOE4D