Scrúdú Béarla €170 á chur ar inimircigh Éireannacha i gCeanada

Roimh 2013, ba leor agallamh i mBéarla le hoifigeach inimirce le víosa a fháil, ach tugadh an scrúdú isteach ceithre bliana ó shin agus níl an dara rogha ag iarrthóirí víosa ach an scrúdú sin a dhéanamh

Scrúdú Béarla €170 á chur ar inimircigh Éireannacha i gCeanada

Tá “frustrachas” agus “iontas” ar Éireannaigh atá ar imirce i gCeanada mar gheall ar pholasaí rialtais na tíre sin a chuireann iallach orthu scrúdú Béarla a dhéanamh le víosa buan a fháil ann. Is céim riachtanach san iarratas ar shaoránacht Cheanadach é an víosa buan.

Tá costas $256 (€170) ar an scrúdú Béarla, agus dúirt inimirceach Éireannach amháin leis an tseirbhís nuachta CBC go bhfuil an costas ag cur iarrthóirí ó dhoras.

Dúirt Sinéad Breen, a chuaigh go Ceanada i mí Márta na bliana seo caite, nach bhfuil aon ghá leis an scrúdú.

“Níl aon dealramh leis. Is ball mé de ghrúpa Facebook darb ainm ‘Irish and Applying for Canadian PR’ agus tagann an cheist aníos go minic ann. Táthar an-mhíshásta go gcaitear an scrúdú a dhéanamh,” a dúirt sí.

D’éirigh go maith le Marina Hannigan, as Port Láirge, a rinne an scrúdú roinnt blianta ó shin, ach dúirt sí go bhfuil sé “seafóideach” go gcaitheann cainteoirí dúchais scrúdú a dhéanamh ina dteanga féin le víosa buan a fháil.

“Tá sé seafóideach nuair is í do theanga dhúchais, do theanga féin atá i gceist. Sílim más as tír a labhraítear an Béarla ann, agus más í do theanga dhúchais í, ba cheart gur leor cáilíocht meánscoile le víosa a fháil,” a dúirt sí.

Is í Ollscoil British Colombia a chuireann an scrúdú ar na hinimircigh agus is é IRCC (Inimirce, Teifigh agus Saoránacht Cheanada) a chruthaíonn na ceisteanna. Déantar tástáil ar chumas scríofa, léite, éisteachta agus labhartha na n-inimirceach sa Bhéarla agus maireann an scrúdú trí uair an chloig.

Roimh 2013, ba leor agallamh i mBéarla le hoifigeach inimirce le víosa a fháil, ach tugadh an scrúdú isteach ceithre bliana ó shin agus níl an dara rogha ag iarrthóirí ar an víosa ach an scrúdú sin a dhéanamh.

Tá dlíodóir inimirceach as Toronto ag éileamh ar rialtas Cheanada díolúine ón scrúdú a thabhairt d’inimircigh a thagann ó thíortha a bhfuil stádas oifigiúil ag an mBéarla iontu.

Dúirt Guidy Mamann nach bhfuil “aon chiall” le scrúdú costasach a chur ar chainteoirí dúchais Béarla.

“Cuireann sé an chuma orainn go bhfuil muid róthógtha leis an maorlathas. Ar ndóigh, tá muid ag iarraidh go mbeadh caighdeán oibiachtúil ann ach caithfidh muid ciall a bheith againn freisin.”

Mhaígh nach iad na hÉireannaigh amháin atá thíos leis an socrú reatha ach cainteoirí dúchais Béarla as Sasana freisin.

“Tá muid ag iarraidh ar mhuintir an náisiúin a chum an Béarla, go bunúsach, a chruthú dúinn go labhraíonn siad é,” a dúirt sé.

“Bhí mé anseo le hollamh le Béarla in ollscoil mór le rá sa Ríocht Aontaithe, agus mé ag iarraidh a chur ina luí air go gcaithfeadh sé scrúdú Béarla a dhéanamh. Tá sé áiféiseach,” arsa Mamann.

Dúirt urlabhraí de chuid an IRCC go gcaithfidh gach inimirceach an scrúdú a dhéanamh beag beann ar a thír ná ar a theanga dhúchais.

“Mandatory language proficiency tests for applicants to economic immigration programs have been in place for many years … With a standard language proficiency test, all applicants are evaluated against the same standards, no matter their language of origin, nationality or ethnicity,” a dúradh.

Níos luaithe an mhí seo, theip ar chainteoir dúchais Béarla as Éirinn ina hiarratas ar víosa oibre san Astráil mar gheall nach raibh sí ‘líofa’ a dóthain sa teanga, de réir scrúdú a cuireadh uirthi.

Fág freagra ar 'Scrúdú Béarla €170 á chur ar inimircigh Éireannacha i gCeanada'