Scrúdú beag daoibh mar léiriú ar cheannas Bhaile Átha Cliath…

Tá Baile Átha Cliath fós chun tosaigh ar chách ach bí cinnte go gcreideann Mickey Harte ina chroí istigh gur féidir iad a chloí

Scrúdú beag daoibh mar léiriú ar cheannas Bhaile Átha Cliath…

Bernard Brogan. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Scrúdú beag i dtús báire.

Tháinig na peileadóirí seo a leanas isteach chun imeartha ar Pháirc an Chrócaigh le cúpla seachtain anuas i mbabhtaí ceathrú ceannais chraobh na hÉireann. Ainmnigh a gcontaetha.

  1. Conor McCarthy, Dermot Malone agus Neil McAdam.
  2. David Mulgrew, Lee Brennan agus Richard Donnelly.
  3. Anthony Duffy, Oisín O’ Neill agus Ben Crealy.
  4. Chris Compton, Gary Patterson agus Ronan Stack.

Mo ghairm thú má bhí a leath agat agus fiú más as Muineachán (a) duit, Tír Eoghain (b), Ard Mhacha (c) nó Ros Comáin (d) agus má d’aithin tú triúr lasmuigh de do chontae féin, molaim go hard tú freisin.

Anois seo triúr eile a tháinig i gcabhair ar a gcontae féin sa mbabhta ceathrú ceannais a d’imir siadsan – Bernard Brogan, Paul Flynn agus Michael Dara McCauley.

Tá mianach an bhobarúin ionat mura bhfuil freagra agat ar an gceann sin!

Ní ar mhaithe le tástáil a dhéanamh ar an mioneolas atá agat ar an bpeil Ghaelach atá na ceisteanna á gcur ach lena léiriú cén fáth go bhfuil an fhoireann seo atá ag Baile Átha Cliath le cúpla bliain anuas chomh mór sin chun cinn ar an gcuid eile – ceannas atá cruthaithe ag seacht gCraobh Laighean as a chéile, Craobh na hÉireann ceithre bliana acu sin agus iad anois ag iarraidh a chinntiú go gcrochfaidh Stephen Cluxton Corn Mhig Uidhir don tríú bliain as a chéile, rud a chinn fiú ar fhoireann chlúiteach Kevin Heffernan.

Mórán chuile uair a caitheadh an liathróid san aer in aon chluiche craoibhe a d’imir Baile Átha Cliath le hocht mbliana anuas, d’fhéadfá a rá go bhfaigheadh bunáite na bhfear a thug aghaidh ar bhinse na n-ionadaithe ag an tráth sin áit ar an bhfoireann a bhí curtha chun páirce ag a gcéilí comhraic.

Chomh maith leis an triúr atá luaite thuas agam, tháinig Eoghan O’Gara chun páirce dóibh sa mbabhta ceathrú ceannais sin in aghaidh Mhuineacháin i mbliana, Kevin McManamon i gCluiche Ceannais Laighean agus ar na hionadaithe eile a bhí acu le cur isteach bhí Shane Carty, Darren Daly, David Byrne agus Brian Howard.

Fanann formhór na gcontaetha eile in Éirinn go mbíonn imreoir gortaithe nó spíonta sula gcuimhnítear é a bhaint den pháirc – sin mura mbíonn sé imithe glan dá bhuille. Ní hionann cás do Bhaile Átha Cliath. Tá rogha chomh leathan acusan agus a bhíonn ag na foirne móra rugbaí. Bíodh seal áirid ama ag fear lena chion a dhéanamh agus nuair atá an seal sin istigh, cuir duine chun páirce atá chomh paiteanta céanna leis an jab a chríochnú.

Ós rud é go bhfuil bailiúchán imreoirí chomh cumasach sin aige is ar éigean go mbeidh aon éagsúlacht ag baint leis an gcaoi a dtabharfaidh foireann Jim Gavin faoi chluiche leathcheannais an Domhnaigh seo chugainn in aghaidh Thír Eoghain seachas mar atá déanta aige féin agus ag Pat Gilroy roimhe seo ó 2010 i leith.

Maidir leis an mbainisteoir eile, seo foireann nua atá ag teacht le Mickey Harte agus tá go leor scríofa agus ráite faoin éacht a bheadh ag baint le Cluiche Ceannais na hÉireann a shroichint leis an gceathrú buíon ógánach atá múnlaithe aige.

Is beag atá ráite ag an mbainisteoir féin agus ná bí ag súil go n-athróidh sin.

Níor ghá dó ach féachaint ar an méid a tharla d’fhoireann iomána Chorcaí Dé Domhnaigh seo caite agus iad ag imirt i mbabhta leathcheannais i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair le go dtuigfeadh sé nach buntáiste i gcónaí gur imreoirí óga atá faoi do chúram – níl bainisteoir in Éirinn a thuigeann luaineacht na hóige chomh maith leis an bhfear ar thug a chuid foirne mionúr agus faoi 21 an chraobh abhaile trí huaire leo.

Ach, má mhaitheann tú an t-imeartas focal dom, bí cinnte go gcreideann Harte ina chroí istigh go bhfuil sé in ann díoltas a bhaint amach ar an gcluiche ceathrú ceannais a bhí eatarthu seo in 2011.

Níl fanta den fhoireann sin aige ach na deartháireacha Kavanagh, Mattie Donnelly agus mac a dhearthár, Peter Harte. Imithe tá na McMahons, Conor Gormley, Philip Jordan, Kevin Hughes, Brian McGuigan agus Owen Mulligan.

Fós, mar a rinne Corcaigh in 2010, Maigh Eo in 2012 agus Dún na nGall trí bliana ó shin is féidir an bua a fháil ar Bhaile Átha Cliath, cé gur deacair sin – chomh deacair agus go gcaithfidh do chuid imeartha a bheith iomlán gan locht an lá sin.

Ní mór duit do chuid ciceanna amach féin ar fad a bhuachan, cosaint go dian, gan saorchiceanna a ghéilleadh agus thar rud ar bith eile glacadh le chuile sheans scórála beo a thiocfaidh i do bhealach.

Níl sé as compás mar sin go bhféadfaí breith amuigh ar Bhleá Cliath. Anuas ar na trí chluiche sin atá luaite agam, ná dearmad go mba dhá athimirt in aghaidh Mhaigh Eo, i gcluiche ceannais na bliana seo caite agus i mbabhta leathcheannais na bliana roimhe, a fhágann go bhfuil seans acu ar na ‘trí bhua as a chéile’.

Tháinig an néal ar Homer féin, a deir siad.

Ní minic leis an néal a theacht ar na ‘Dubs’ na laethanta seo, ach má tharlaíonn sé Dé Domhnaigh, ní mór don Lámh Dhearg a chinntiú go bhfuil ceangal na gcúig gcaol curtha ar a gcéilí comhraic faoin am a ndúisíonn siad.

Fág freagra ar 'Scrúdú beag daoibh mar léiriú ar cheannas Bhaile Átha Cliath…'