‘Scrúdú an tSéala’ d’aistritheoirí le reáchtáil arís an mhí seo chugainn

Tá Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí bronnta ar 194 duine ó cuireadh tús leis in 2006 agus áirítear mar cháilíocht ghairmiúil fhíorthábhach d’aistritheoirí Gaeilge é

‘Scrúdú an tSéala’ d’aistritheoirí le reáchtáil arís an mhí seo chugainn

Tá scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí le reáchtáil i nGaillimh agus i nGaeltacht Thír Chonaill ag tús na míosa seo chugainn. Beidh an scrúdú á reáchtáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus in Ionad na hOllscoile i nGaoth Dobhair ar an 2 Nollaig.

Tá an scrúdú dírithe ar dhaoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu agus nár ghnóthaigh an Séala go dtí seo.

Bhain conspóid leis an scrúdú céanna in 2014, nuair a fuair aistritheoirí a raibh an séala faighte cheana acu scéala go mbeadh orthu scrúdú athchreidiúnaithe a dhéanamh.

Cuireadh an scrúdú a bhí beartaithe ar ceal agus níor reáchtáladh an scrúdú arís go dtí anuraidh.

Is cáilíocht ghairmiúil aitheanta d’aistritheoirí Gaeilge é an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a bhunaigh Foras na Gaeilge in 2006.

Tá an Séala bronnta ar 194 duine ón mbliain sin i leith. Is túisce a bhíonn glacadh ag eagraíochtaí san earnáil phoiblí le haistritheoirí a bhfuil an Séala.

Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar liosta d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge, agus is ón bpainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge san earnáil phoiblí den chuid is mó.

Níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil don scrúdú i nGaillimh agus i nGaoth Dobhair agus tabharfar tús áite do na hiarratais is túisce a chuirfear isteach. Glacfar le hiarratais ar an scrúdú go dtí Déardaoin an 16 Samhain ag 4pm.

Beidh dhá pháipéar scrúdaithe le déanamh ar an lá, a agus mairfidh an dá cheann dhá uair an chloig. Beidh sos uair go leith idir an dá pháipéar. Tá táille €100 le híoc ar an scrúdú.

Sa chéad pháipéar, beidh ar iarrthóirí téacs i mBéarla a bhaineann le gnóthaí riaracháin nó stáit a aistriú go Gaeilge, téacs ‘faisnéiseach ginearálta’ Béarla a aistriú go Gaeilge agus deich gcinn de chomharthaí poiblí i mBéarla a aistriú go Gaeilge.

Sa dara páipéar, beidh ar iarrthóirí deich gcinn d’abairtí Béarla a aistriú go Gaeilge, sliocht as saothar próis liteartha i mBéarla a aistriú go Gaeilge, agus téacs ‘cumarsáideach nó faisnéiseach’ a aistriú ó Ghaeilge go Béarla.

Is scrúdú leictreonach a bheidh i gceist agus ní mór cloí le Gramadach na Gaeilge — An Caighdeán Oifigiúil (2017).

Fág freagra ar '‘Scrúdú an tSéala’ d’aistritheoirí le reáchtáil arís an mhí seo chugainn'

  • Feardorcha

    Ní hé an chéad chathair is mó sa tír. Ní hé an dara cathair is mó sa tír. Ní hé an tríú cathair is mó sa tír. Ní hé an ceathrú cathair is mó sa tír. Fan bog, ní hé an cúigiú cathair is mó sa tír. Tá an séala náisiúnta seo don teanga náisiúnta ar bun sa séú cathair is mó sa tír agus i sráidbhaile tuaithe.
    Labhair ar stádas a bhuachaill!

  • Sean

    Cuir scrúdú an tSéala ar siúl i Saffron.

  • Seáiní

    Ní leor an fógra le fírinne… mí amháin dúinn ar fad caighdeán nua teanga a fhoghlaim ó bhonn…