Scrúdú á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar mholadh go n-úsáidfí ‘lárchanúint’ amháin

Is cinnte go mbainfidh conspóid mhór le cáipéis nua a mholann deireadh a chur le húsáid canúintí traidisiúnta na Gaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Scrúdú á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar mholadh go n-úsáidfí ‘lárchanúint’ amháin

Tá machnamh a dhéanamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar mholadh a chuirfeadh deireadh le húsáid na gcanúintí ar an tseirbhís raidió Ghaeilge.

Moltar i bplécháipéis inmheánach de chuid an chraoltóra, I dTreo na Lárchanúna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur chóir “deireadh a chur de réir a chéile agus ar bhealach chomh daonnachtúil agus is féidir” le bheith ag craoladh i gcanúint Chonnacht, i gcanúint na Mumhan agus i gcanúint Uladh.

Moltar go ndéanfaí sin ar mhaithe le “lárchanúint” a thabhairt isteach “diaidh ar ndiaidh”  agus mar “gníomh éacúiméineach a thabharfadh aitheantas d’athruithe déimeagrafacha, tíreolaíochta agus nósmhaireachta i measc daoine a labhraíonn trí mheán na Gaeilge”.

De réir na cáipéise, leanfaí de bheith ag craoladh nuacht an iarthair, nuacht an tuaiscirt agus nuacht an deiscirt, chomh maith leis na hirischláir réigiúnacha, ach is sa “lárchanúint” nua a bheidís go léir á gcur i láthair faoin mbliain 2030.

Is cinnte go mbainfeadh conspóid mhór le haon iarracht deireadh a chur le húsáid canúintí traidisiúnta na Gaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt Ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, go mbíonn “scrúdú á dhéanamh go minic” ag Raidió na Gaeltachta ar “mholtaí éagsúla” maidir le feabhas a chur ar an tseirbhís.

“Níl tada eile le rá a’inne, a mhac,” arsa Mac Donncha le Tuairisc.ie.

Tuigtear go bpléifear I dTreo na Lárchanúna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag cruinniú speisialta i gCasla inniu, an 1 Aibreán.

Fág freagra ar 'Scrúdú á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar mholadh go n-úsáidfí ‘lárchanúint’ amháin'

  • Con

    “Níl tada eile le rá a’inne, a mhac,” …

    Masla nó magadh?

  • Pádhraic Ó Cualáin

    An ceann is fearr fáighte agaibh ormsa ar maidin, mé spadhartha ag an alt go dtí gur thuig mé gur inniú Lá na n-Amadán!

  • Mol an Óige

    Scrios an Caighdeán Oifigiúil an Ghaeilge dhúchasach sna scoileanna Gaeltachta. Rinne an córas oideachais Gaeltachta beag is fiú des na canúintí éagsúla a labhrann óige na Gaeltachta. Níl an muinín céanna ag daoine óga sna Gaeltachtaí as a cuid Gaeilge nuair nach bhfuil sí le feiceáil sna téacsleabhair scoile atá scríofa sa Chaighdeán Oifigiúil agus nuair nach bhfeiceann siad an teanga a labhrann siadsan sa bhaile in aon leabhar scoile. Tá muinín i bhfad níos mó ag óige na Gaeltachta as a gcuid Bhéarla toisc go bhfreagraíonn an Béarla scríofa don Bhéarla a labhrann siad.
    Is ar Raidó na Gaeltachta sa chistin a chloiseann siad an teanga baile agus ómós uirthi.
    Níl ach seirbhís craoltóireachta amháin atá ag freastal go príomha ar muintir na Gaeltachta agus ag an staid leochaileach in bhfuil an Ghaelige sna Gaeltachtaí tá sé rí-thábhachtach go leanfadh an t-aon seirbhís a thugann ómós don Ghaeilge nádúrtha chanúnach ag craoladh sna canúintí.
    Is Raidió na Gaeilge Ersatz a bheidh againn má bhrúnn an Státchóras “lárchanúint” (sic) ar muintir na Gaeltachta ag an bpoinnte éigeandála teanga seo. Seans go mbeidh na glúnta atá le teacht ag rá gurb é an “lárchanúint” ar Raidió nanGaeltachta a scrios Gaeilge nádúrtha na Gaeltachta sa deireadh.

  • Breathnóir

    Ba chóir Gaeilge Ghaoth Dobhair a dhéanamh éigeantach fud fad na tíre, ó Reachlainn go Dairbhre. Tuigeann sibh in bhur gcroí istigh gur seo an rud ceart le déanamh.
    Beidh cruinniú ann le moltaí a phlé maidir le cur chun cinn the one true canúint Tigh Hiúdaí Beag – anort ar a hort. :-)

  • Eoin Ó Murchú

    Nach bhfuil Baile Atha Cliath i lár na tíre? Cad is cearr le Gwaeilga hyeart a bheith ag daoine? B’fhéidir gur feidir linn aibreánais a thabhairt uirthi.

  • Breandán Ó Riain

    Iù Aibreáin !!!!!!

  • Brian Patterson

    Cinnte, agus tabhair comhairle don
    BBC fan canúint Béarla ar bith ach amháin Oxford Englih. “Cherry Valley English” amháin ag Raidío Uladh. Ronán agus Hugo Duncan a athchlarú agus cosc ar a chur ar na Healy-Raes I dteanga ar bith. Ráiméis!

  • Seanie

    I mbèarla bhiodh rp i réim ach anois clostear canúinti difriúla anois Ní chloisim ach 3 chanúint ar rng ach tá gaeilgeoiri ar fud na tíre. Meon gaeltachta dírithe ar dhaoine atá sa chlub cheana féin!!. Bás i ndán don teanga.
    Ní nach ionadh