Scríbhneoirí Gaeilge mar chuid de cheiliúradh ar shaibhreas litríocht chomhaimseartha na hÉireann

Seolfar ardán digiteach nua, ‘Scríbhneoireacht Éireannach na Linne Seo’ ag ócáid ar líne inniu agus beidh Anna Heussaff agus Peadar Ó Guilín ina measc siúd a bheidh páirteach

Scríbhneoirí Gaeilge mar chuid de cheiliúradh ar shaibhreas litríocht chomhaimseartha na hÉireann

Máire Zepf, Gabriel Rosenstock, Anna Heussaff agus Réaltán Ní Leannáín

Tá Anna Heussaff, Réaltán Ní Leannáín, Gabriel Rosenstock agus Máire Zepf i measc na scríbhneoirí Gaeilge a mbeidh a saothar luaite ar ardán nua do litríocht na hÉireann.

Seolfaidh Músaem Litríochta na hÉireann ardán digiteach, Scríbhneoireacht Éireannach na Linne Seo, anocht (Déardaoin, an 1 Aibreán). Tá 100 teideal roghnaithe chun saibhreas litríocht chomhaimseartha na hÉireann a cheiliúradh agus roinnt teideal Gaeilge ina measc.

Seolfar an t-ardán ag ócáid ar líne inniu agus beidh Anna Heussaff agus Peadar Ó Guilín ina measc siúd a léifidh ón saothar féin ag an seoladh.

Beidh fáil ar ContemporaryIrishWriting.ie ar leabhair a scríobhadh i mBéarla agus i nGaeilge — ficsean, filíocht, cuimhní cinn, ficsean do dhaoine óga agus litríocht do leanaí. I gcás gach ceann den 100 teideal beidh duine in ann taitneamh a bhaint as agallamh agus comhrá leis an údar, léirmheasanna agus freagraí ar na saothair liteartha a léamh, agus eolas a chur ar acmhainní ar líne eile a bhaineann le réimse dinimiciúil seo na scríbhneoireachta comhaimseartha.

I measc na n-údar mór le rá ar an suíomh, tá na scríbhneoirí cáiliúla Anna Burns, Éilís Ní Dhuibhne, Colm Tóibín, Doireann Ní Ghríofa agus Emilie Pine. Tá baill Mhúsaem Litríochta na hÉireann tar éis roinnt de na teidil seo a roghnú, agus tugann siad ardmholadh dóibh.

Ag labhairt di ar sheoladh an ardáin, dúirt ceannaire an tionscadail, an tOllamh Margaret Kelleher, Cathaoir na Litríochta agus Drámaíochta Angla-Éireannaigh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath gur cruthaíodh ContemporaryIrishWriting.ie chun go mbainfeadh an pobal taitneamh as. Bhí sé mar chuspóir chomh maith ag an ardán nua cabhrú le dul i ngleic leis na “dúshláin” a bhaineann le taighde agus múineadh i gcás na scríbhneoireachta comhaimseartha.

Seolfar ContemporaryIrishWriting.ie ag a 7pm anocht, le linn ócáid ​​ar líne a eagróidh Músaem Litríochta na hÉireann. Chomh maith le léargas ar an obair ón Ollamh Margaret Kelleher agus ón Dr Jennifer Preston, forbróirí an tionscadail, léifidh Emilie Pine, Anna Heussaff, Peadar Ó Guilín agus Michelle Gallen – ceathrar de na scríbhneoirí Éireannacha sa tionscadal – sleachta as a saothar.

Is féidir clárú don ócáid ag www.ContemporaryIrishWriting.ie.

Fág freagra ar 'Scríbhneoirí Gaeilge mar chuid de cheiliúradh ar shaibhreas litríocht chomhaimseartha na hÉireann'