Tá an samhradh tosaithe agus más aon fhianaise an aimsir le seachtainí beaga anuas tá brothall ceart romhainn. San Eoraip atá mé faoi láthair ach ós rud é go bhfuil cónaí orm sa Bhrasaíl le nach mór 15 bliain anuas tá taithí éigin agam ar a bheith ag scríobh sa teas. Seo roinnt moltaí dóibh siúd ar mhaith leo peann a chur le páipéar in ainneoin go bhfuil an ghrian ag scoilteadh na gcloch:
- Pleanáil. Ag breathnú siar ar an am atá caite agam i mo chónaí i dtír the is léir nach é an séasúr is teo sa bhliain an séasúr is torthúla dom ó thaobh na scríbhneoireachta de. Más féidir ar chor ar bith déanaim cinnte nach mbeidh ualach oibre orm le linn an tsamhraidh agus cuirim ceist an teasa san áireamh nuair a ghlacaim le spriocdhátaí.
- Sealanna oibre scoilte. Cuireann an teas isteach ar fheidhmiú na hintinne. Gach seans go ndéanfaidh tú dochar, ní hamháin don saothar atá idir lámha agat ach duit féin, má choinníonn tú ort ag obair agus tú ag bárcadh allais taobh thiar den ríomhaire. Éirí go luath, seal oibre a dhéanamh ar maidin, briseadh fada a thógáil sa tráthnóna agus seal oibre eile a dhéanamh san oíche an réiteach is fearr atá aimsithe agamsa.
- Cuimhnigh nach taobh thiar den ríomhaire amháin a dhéantar an scríbhneoireacht. San aigne a dhéantar an chuid is mó den obair agus is féidir leat d’aigne a thógáil amach ag siúl sna sléibhte nó sa choill; tabhair leat leabhar nótaí más gá.
- Cuimhnigh gurb í an léitheoireacht leathchúpla na scríbhneoireachta. Tabhair leat go dtí an trá an carn leabhar sin nach raibh an t-am agat le hiad a léamh. Treiseoidh an léitheoireacht sin do chuid scríbhneoireachta féin amach anseo.
- Déan do chuid taighde sa samhradh! Tabhair cuairt ar na láithreacha sin ar mhaith leat a úsáid i do chéad shaothar eile, nó bí ag faire ar na daoine ar an trá, sa pháirc nó ag na boird taobh amuigh den chaifé. Cá bhfios nach dtabharfaidh tú suntas do thréith, do ghluaiseacht nó do nath cainte éigin a bheidh úsáideach amach anseo. Arís eile, tabhair leat do leabhar nótaí!
- Iarr ar ChatGPT do chuid scríbhneoireachta a dhéanamh duit.Brón orm, drochjóc – tá saraí orm.
Fág freagra ar 'Scríbhneoireacht samhraidh: an chaoi le leabhar a scríobh sa teas…'