Scríbhneoireacht Chruthaitheach 04 – Éireannaigh agus an Imirce Inniu (Cartlann)

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 04 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 04 – Éireannaigh agus an Imirce Inniu (Cartlann)

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: Éireannaigh agus an Imirce Inniu
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh aisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan na smaointe/topaicí is fearr a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur orthu.
  • Struchtúr Ginearálta Aiste:
  1. Tabhair comhthéacs/réamhrá
  2. Labhair faoi ghnéithe difriúla den teideal (alt do gach ceann).
  3. Conclúid

Smaoinigh ar na nithe thíos agus tú ag pleanáil an na haiste.

a) Cúlra/stair
b) Cad is cúis leis?
c) Cad deir daoine faoi?
d) Na tuairimí atá agat féin faoi
e) Eispéiris phearsanta
f) Buntáistí/míbhuntáistí
g) Réiteach/Moltaí – céard a cheart a dhéanamh
h) Dúshláin/fadhbanna
i) Tréithe atá ag rud
j) Céard a tharlóidh amach anseo
k) An bhfuil rudaí go maith/go dona nó sásúil/míshásúil

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. an bád bád
  2. seolta a ardú
  3. inimirce (ag teach isteach), eisimirce (ag imeacht amach)
  4. fód dúchais
  5. i gcoinne a dtola
  6. ar fud an domhain
  7. ag lorg oibre
  8. géarchéim eacnmaíochta
  9. truamhéalach
  10. sochaí

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an mhéid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

Seo an chéad alt as aiste samplach. An bhfuil tú in ann na bearnaí a líonadh.

 Gníomhaíocht 6: 

Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.

Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord.

 

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an scéal is féidir leis an múinteoir an scéal a chlóbhualadh agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

Éireannaigh agus an Imirce Inniu

Tá muintir na hÉireann ag dul ar imirce leis na cianta. Is beag duine sa tír nach bhfuil gaolta acu i Meiriceá, Sasana nó an Astráil. Go deimhin nach iad na hÉireannaigh a thóg Meiriceá. Maíonn tarrac ar 35 milliún duine sa tír sin go bhfuil ginealach Éireannach acu. Go deimhin nárbh de shliocht na hÉireann iad 22 Uachtarán de chuid na tíre sin, JFK, Ronald Regan, Bill Clinton agus Barack Obama in measc. Is dócha go mb’fhearr linn nach mbeadh ginealach Éireannach ag Donald Trump! Is amhlaidh atá an scéal  i Sasana agus an Astráil mar a bhfuil tuairim is 10% agus 30% den, faoi seach, le cúlra Éireannach de shaghas éigin. Le traidisiún mar sin agus le naisc chultúrtha, teanga agus teaghlaigh ní haon iontas go maireann an imirce go fóill.

Bhain an ghéarchéim eacnamaíochta na cosa do mhórán ar fud an domhain i 2008. Buaileadh buillí tubaisteacha ar an tír seo agus b’éigean do mhórán an bád bán a thabhairt orthu féin chuig na tíortha luaite thuas agus tíortha eile nach iad cosúil le Ceanada. Cé go bhfuil an chuid is measa den sciúrsáil eacnamaíoch curtha dínn againn tá sé ródhéanach do chuid acu sin agus ní fhillfidh siad go deo. Fréamhacha curtha go domhain acu thar lear le cúrsaí tithíochta, airgeadais, oideachais agus fostaíochta ina ndris chosáin roimh fhilleadh abhaile.  Is truamhéalach an scéal seo agus baineann sé macalla nach beag as an méid a bhí ag tarlú sna caogaidí agus ochtóidí.

Gan amhras tá an scéal níos casta ná sin. Bíonn go leor daoine, daoine óga a bhfuil an coláiste díreach fágtha acu, ach go háirithe, a ardaíonn a seolta ar chúiseanna nach mbaineann leis an ngeilleagar. Fonn eachtraíochta atá orthu, iad ag iarraidh cultúir eile a bhlaiseadh, bolg le gréin a dhéanamh i dtíortha i bhfad i gcéin (áiteanna nach bhfuil an bháisteach ag titim de shíor). Aon rud ach sos beag a thógaint sara dtabharfar aghaidh ar fhreagrachtaí, leadrán agus sclábhaíocht na hoibre. An ‘bhliain saor’ go gcloisimid faoi chomh minic sin. Go deimhin tá postanna buana á gcaitheamh in aer ag daoine le breith ar an mála droma. Is rud dearfach atá anseo agus fillfidh na daoine seo ar an bhfód dúchais le dearcadh saoil agus meon aigne níos eolaí agus leathanaigeanta. Go deimhin tá sé i gceist agam féin é sin a dhéanamh nuair a bheidh an coláiste curtha díom agam.

Ní eisimirce amháin atá againn mar tá inimirce againn chomh maith. Bhí na sluaite ag teacht chuig an tír seo nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a mhaitheasa. Ar mo bhaile beag féin is inimircigh iad tarrac ar 10% den daonra. ‘Imeascadh’ agus ‘comhshamhlú’ is ea na focail reatha maidir le hinimirce. Ar mhaithe le sochaí síochánta a chothú tá sé tábhachtach fáilte a chur roimh inimircigh. Tá sé tábhachtach, áfach cothromaíocht a bhaint amach idir cultúr/nósanna na tíre seo agus cultúr/nósanna iad siúd atá ag teacht thar farraige chugainn. Déanann cúrsaí reiligiúin cúrsaí níos casta fós.

Tá an imirce (eisimirce agus inimirce) againn leis na blianta. Is tír í seo a bhíonn daoine ag imeacht uaithi, ag teacht chuici agus ag filleadh uirthi. Soláthraíonn an imirce deiseanna ach i ndeireadh an lae níor mhaith linn go mbeadh ar dhaoine an fód dúchais a fhágaint i gcoinne a dtola. Ag an am céanna tá sé tábhachtach go ndéanfadh gach duine an inimirce a láimhseáil go tuisceanach.