Scríbhneoir ar thóir sosa agus scéal ar thóir scríbhneora..

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Is deacair don scríbhneoir sos a thógáil óna scéal mura ligfidh an scéal dó

Scríbhneoir ar thóir sosa agus scéal ar thóir scríbhneora..

Tá an colún seo á scríobh agam ar lá saoire oifigiúil, Lá na nOibrithe, a dhéantar a cheiliúradh sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, Lá Bealtaine. Tá geis, an lá sin, ar obair de chineál ar bith – go háirithe dóibh siúd a bhaineann, mar a bhainim féin, leis an eite chlé den speictream polaitiúil. Ach mura scríobhfaidh mé an colún seo inniu beidh sé deacair orm greim a choinneáil i mo bhéal ag deireadh na míosa seo chugainn; go maithe Marx dom é ach is lú na cearta a bhíonn ag an scríbhneoir féinfhostaithe ná mar a bhíonn ag an oibrí monarchan.

An racht sin curtha díom agam, seo linn chuig príomhcheist an cholúin seo.

Is é an chaoi go ndéarfaidh iomaí scríbhneoir leat nach mbíonn lá saoire ag scríbhneoir riamh – nó nár cheart go mbeadh, cibé: éilíonn an scéal a bhíonn idir lámha aige a aird lá agus oíche, seacht lá na seachtaine.

Mar a dúirt an t-úrscéalaí agus gúrú scríbhneoireachta ón Ísiltír Renate Dorresteinhttps, a d’imigh ar shlí na fírinne cothrom an ama seo anuraidh: ‘An é nach bhfuil fonn ar an scríbhneoir dul i mbun oibre inniu? Go n-aimsí sé fonn in áit éigin! An é go bhfuil an scríbhneoir ag iarraidh dul ar saoire? Tá an scéal ag iarraidh dul in éineacht leis!’

Agus mar a scríobh mé féin an tseachtain seo caite, i ndiaidh do bhás tragóideach Lyra McKee a chur ar mo shúile dom go mbíonn an baol ann i gcónaí nach gcríochnóidh scríbhneoir an saothar a bhíonn idir lámha aige: ‘go deo arís ní fhágfaidh mé obair scríbhneoireachta an lae inniu don lá amárach’.

Ach ar an lámh eile is maith atá a fhios agam, ó mo thaithí féin, nach dtéann tiaráil agus sclábhaíocht chun tairbhe na scríbhneoireachta ach an oiread. An scríbhneoir nach dtógann sos ó am go chéile, millfidh sé a scéal.

Fearacht go leor comhairle scríbhneoireachta, tá paradacsa aisteach anseo. Cén chaoi a bhfuil an scríbhneoir ceaptha sos a thógáil óna scéal mura ligfidh an scéal céanna dó lá saoire a thógáil?

Seo an comhréiteach ar tháinig mé féin air. Tugaim traenáil mhaith do na scéalta a bhíonn idir lámha agam. Bíonn a fhios acu go mbím ar fáil dóibh ó Luan go hAoine, óna hocht a chlog ar maidin go dtí a ceathair a chlog tráthnóna. Ach bíonn a fhios acu freisin nach ndiúltóidh mé dóibh san oíche nó ag an deireadh seachtaine, má thugann siad cnag ar mo dhoras agus teachtaireacht phráinneach acu dom faoi chor nó casadh cinniúnach éigin.

An chuid is mó den am, éisteann mo chuid scéalta liom. Ag deireadh an lae, cén mhaith do scéal scríbhneoir spíonta?

Fág freagra ar 'Scríbhneoir ar thóir sosa agus scéal ar thóir scríbhneora..'