11 Eanáir
Cuireadh tús le ré nua i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Eanáir nuair a d’imir foireann shinsir peile an chontae a gcéad chluiche faoi stiúir Dessie Farrell, a tháinig i gcomharbacht ar Jim Gavin mar bhainisteoir.
19 Eanáir
Bhí dáta nua againn do chluiche ceannais Chraobh Chlubanna na hÉireann mí Eanáir ach bhí na seaimpíní céanna arís againn. Thug Baile Héil leo an chraobh iomána…
19 Eanáir
…agus thug Cora Finne an chraobh leo sa pheil don tríú bliain as a chéile, gaisce nach raibh déanta ag aon chlub riamh roimhe sin.
8 Feabhra
Bhí fear nua i gceannas ar fhoireann rugbaí na hÉireann chomh maith. Bhuaigh Andy Farrell agus a imreoirí a gcéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún in aghaidh na Breataine Bige.
1 Márta
Chuir na Sáirséalaigh as Gaillimh deireadh le ceannas Shleacht Néill i gCraobh Shinsir Chamógaíochta na gClubanna. Bhí trí chraobh as a chéile buaite ag Sleacht Néill agus fuair siad an ceann is fearr ar na Sáirséalaigh i bpéire de na cluichí ceannais sin. Ach rinne muintir McGrath gaisce do na Gaillimhigh in 2020.
12 Márta
Tháinig deireadh tobann le cúrsaí spóirt i lár mhí an Mhárta de bharr an Covid-19. D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael, an FAI agus an IRFU go raibh siad ag cur stop le himeachtaí go dtí deireadh na míosa, ar a laghad…
23 Márta
Tugadh cead do spóirt áirithe eile, rásaíocht chapall mar shampla, coinneáil orthu ach bhí tionchar an víris le feiceáil gach áit..
26 Márta
Léirigh cumainn spóirt ar fud na tíre comhar na gcomharsan le linn na dianghlasála agus iad ag cabhrú le daoine a bhí ag clutharú. In Uíbh Fhailí, ghróig baill chumann an Daingin an mhóin do na daoine a bhí cuibhrithe.
7 Aibreán
Cheal cead acu a bheith amuigh ar an bpáirc, bhí ar imreoirí píosa spraoi a fháil áit ar bith a bhféadfaidís.
1 Meitheamh
Bhí Páirc an Mháimín i Leitir Móir tréigthe Luan Cincíse agus Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal de bharr an choróinvíris. In 2021 a bheidh an comórtas ag cumann Naomh Anna.
6 Meitheamh
Tugadh cead do chumainn dul ar ais ag traenáil i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh. Fógraíodh go n-imreofaí craobhacha na gclubanna CLG ar dtús agus go gcuirfí tús arís leis na cluichí idirchontae mí Deireadh Fómhair.
22 Lúnasa
Bhí Katie Taylor i mbun a ceirde arís mí Lúnasa nuair a bhuaigh sí a hathbhabhta in aghaidh Delfine Persoon na Beilge.
23 Lúnasa
Ní raibh aon srian ar an gceiliúradh in áiteanna agus cluichí ceannais na gcontaetha á reáchtáil ar fud na tíre idir Lúnasa agus Deireadh Fómhair.
31 Lúnasa
Agus cluichí sacair na hÉireann curtha ar athló san earrach, rinneadh cinneadh slán a fhágáil le Mick McCarthy agus Stephen Kenny a thabhairt isteach roimh an gcluiche cáilithe do EURO 2020 in aghaidh na Slóvaice. Chríochnaigh an chéad chluiche faoina cheannas ar comhscór in aghaidh na Bulgáire.
9 Meán Fómhair
Bhí sé amach i lár mhí Mheán Fómhair sula raibh cead ag lucht féachana ar bith freastal ar chluichí, rud a d’fhág go raibh ar dhaoine bealaí nua a fháil chun an imirt a fheiceáil.
20 Meán Fómhair
Den chéad uair ó thug Seán Kelly leis geansaí glas an Tour de France i 1989, bhí Éireannach ag ceiliúradh an ghaisce chéanna ar an Champs-Élysées ag deireadh an rása sin i mbliana. Fear eile ó Charraig na Siúire a bhí sa gheansaí glas in 2020 agus Sam Bennett caithréimeach.
10 Deireadh Fómhair
Briseadh croí a bhí i ndán d’fhoireann sacair na hÉireann ina gcluiche cáilithe. An tSlóvaic a fuair an ceann is fearr orthu i gciceanna éirice. Chuir Éire scata deiseanna amú sa chluiche agus beidh na himreoirí, an bainisteoir agus lucht leanúna na foirne ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar 2020 chomh luath agus is féidir.
11 Deireadh Fómhair
Cé go mbeidh uirthi fanacht go dtí 2021 chun páirt a ghlacadh i gCluichí Oilimpeacha Thóiceo, bhí bliain mhaith ag Sanita Pušpure agus bonn óir ag Craobhacha na hEorpa anois aici le cur leis an mbonn óir a bhuaigh sí ag Craobhacha an Domhain in 2019.
17 Deireadh Fómhair
Ní le holc a thug bainisteoirí Chiarraí agus Mhuineacháin, Peter Keane agus Séamus McEnaney, uillinn dá chéile agus na cluichí idirchontae tosaithe arís…
24 Deireadh Fómhair
Seacht mí ó cuireadh an cluiche ar athlá, thug Éire agus an Iodáil aghaidh ar a chéile i Staid Aviva. Bhuaigh na hÉireannaigh ach chaill siad an deis Craobh na Sé Náisiún a bhuachan nuair a chliseadar i gcoinne na Fraince sa chéad chluiche eile.
4 Samhain
Ba é Jack Byrne laoch Shamrock Rovers thug an tsraith sacair leo i mbliana.
Níor chaill Rovers cluiche sraithe ar bith i séasúr ciorraithe ach níor éirigh corn eile leo mí na Nollag mar bhuaigh Dún Dealgan orthu i gcluiche ceannais Chorn an FAI.
8 Samhain
Bhí bua drámatúil ag peileadóirí Chorcaí ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais na Mumhan mí na Samhna. Ba é Mark Keane, a bhí fillte abhaile ón Astráil, a scóráil an cúl cinniúnach leis an mbuille deireanach agus bhí fir na Ríochta díbeartha as an gcraobh.
14 Samhain
Bhí Katie Taylor ar ais sa chró dornálaíochta arís mí na Samhna chun aghaidh a thabhairt ar Miriam Gutierrez. Bhí bean Bhré i bhfad rómhaith dá céile comhraic agus choinnigh sí greim ar an gcúig chraobh atá aici.
21 Samhain
Rinneadh comóradh 100 bliain ar Dhomhnach na Fola i bPáirc an Chrócaigh mí na Samhna roimh chluiche ceannais Laighean idir Áth Cliath agus An Mhí. Lasadh lóchrainn don 14 duine a maraíodh sa sléacht.
22 Samhain
An lá dár gcionn, bhí geansaí speisialta ar pheileadóirí Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan i gcuimhne ar Michael Hogan, an t-imreoir a maraíodh i 1920. Arbh é sin a spreag na Tiobraid Árannaigh le craobh an chúige a bhuachan den chéad uair ó 1935?
22 Samhain
Níorbh é sin deireadh na n-iontas an lá sin. Thug foireann an Chabháin taispeántas iontach in aghaidh Dhún na nGall agus thug leo Craobh Uladh den chéad uair le breis agus 20 bliain. Na ceithre chontae chéanna a bheadh san iomaíocht i gcluichí leathcheannais peile na hÉireann agus a bhí i 1920 – Tiobraid Árann, an Cabhán, Áth Cliath agus Maigh Eo.
1 Nollaig
Chaill foireann ban na hÉireann deis iontach áit a bhaint amach ag Craobh Sacair na hEorpa an bhliain seo chugainn nuair a thit an tóin astu i dtreo dheireadh an fheachtais cháilithe. Chailleadar in aghaidh na Gearmáine ina gcluiche deireanach ach ba í an teip i gcoinne na hÚcráine mí Dheireadh Fómhair a chuir dá mbuille iad.
12 Nollaig
Tar éis dóibh trí cinn de chluichí ceannais na hÉireann a chailliúint i ndiaidh a chéile, ba mhór an faoiseamh é d’fhoireann camógaíochta Chill Chainnigh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh. Ba í Denise Gaule a fuair an scór cinniúnach ó phoc éirice sa chluiche ceannais.
13 Nollaig
Bhí iománaithe Luimnigh caithréimeach in 2020, bliain inar bhuaigh siad gach cluiche a d’imir siad. Tar éis dóibh an tsraith agus Craobh na Mumhan a thabhairt leo don dara bliain as a chéile, chuir siad a n-ainm sa Táin leis an taispeántas a thug siad in aghaidh Phort Láirge i gcluiche ceannais na hÉireann.
19 Nollaig
Chuir an Covid-19 stop le Craobh Peile Faoi 20 na hÉireann faoi dhó i rith na bliana ach breis agus naoi mí tar éis dóibh a gcéad chluiche sa chomórtas a bhuachan, ba iad ógánaigh na Gaillimhe a bhí ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath.
19 Nollaig
Ní rófhada a bhí lucht tacaíochta na hardchathrach in ísle brí. Bhuaigh an contae Craobh Shinsir Peile na hÉireann den séú huair as a chéile an lá céanna. Bhuadar ar Mhaigh Eo arís i gcluiche ceannais na hÉireann chun an chraobh a bhuachan in 2020.
20 Samhain
Bhí Áth Cliath chomh ceannasach céanna i gCraobh Pheil na mBan 2020. Chuir siad drochthús leis an gcluiche ceannais in aghaidh Chorcaí acu chuireadar mná na Mumhan de dhroim seoil sa dara leath agus is acu atá Corn Uí Mháirtín don cheathrú bliain as a chéile.
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoth na bpictiúr ó bhliain aisteach spóirt in Éirinn'