Scor na bparaimíleatach an sprioc, ach ní bheidh sé éasca

Deir an Státrúnaí Chris Heaton-Harris go bhfuil sé ag smaoineamh ar phróiseas eadrána le paraimíleataigh

Scor na bparaimíleatach an sprioc, ach ní bheidh sé éasca

Cúig bliana fichead i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta an rámhaille é a bheith ag caint ar pharaimíleataigh a mhealladh nó áitiú orthu éirí as an aindlí? Daoine gurb é an foréigean a raison d’être? Dreamanna eile atá ag saothrú na milliún as drugaí agus cos ar bolg ar a gcomharsanachtaí féin?

Sna trí seachtaine seo thart rinne an tIRA Nua ionsaí lámhaigh ar an mbleachtaire-cigire John Caldwell ar an Ómaigh. Creideann an PSNI go bhféadfadh baint a bheith ag coirpigh ó chúlra dílseach le fir ghunna na n-easaontóirí poblachtacha. Scaoileadh leis an mbleachtaire agus gortaíodh go han-dona é os comhair a mhic agus scata gasúr eile ó fhoireann peile sóisir a bhí á dtraenáil ag John Caldwell ina am saor.

I ráiteas mailíseach, in ainm an IRA Nua, inar glacadh freagracht as an ionsaí, tugadh rabhadh do phóilíní gan a bheith ag ceapadh go bhféadfaidís gnáthshaol a chaitheamh i measc an phobail.

Níos deireanaí tháinig bagairt urchóideach eile ó ghrúpa easaontóirí a ghlaonn ‘Arm na Poblachta’ orthu féin. Thug siad rabhadh do mhuintir chomhaltaí an PSNI go mbeadh siadsan ina dtargaidí chomh maith leis na póilíní.

Ní féidir le ceachtar den dá dhream ‘normalú’ na póilíneachta a sheasamh.

Cé nach bhfuil an PSNI gan locht, in amanna is é sméar mhullaigh an phróisis síochána é. Tá an múnla don phóilíneacht a leag Coimisiún Patten síos don PSNI, a tháinig i gcomharbacht ar an RUC, molta i gcian is i gcóngar. San dá bhliain is fiche ó bunaíodh an PSNI is iomaí ionsaí atá déanta ag mionghrúpaí easaontóirí poblachtánacha orthu, ar chomhaltaí Caitliceacha go háirithe. Déanann siad sin a ndícheall chun earcaithe ó chúlra náisiúnach a choinneáil amach as an tseirbhís. I measc a n-ionsaithe mharaigh siad an Constábla Ronan Kerr, Caitliceach óg, agus an t-iriseoir Lyra Mckee a scaoileadh nuair a bhí póilíní faoi ionsaí i nDoire.

Corrdhuine a cheapann gur féidir áitiú orthu sin éirí as an bhforéigean.

Ní hiad amháin a bhí ag bagairt le déanaí. Maíodh go gcuirfeadh paraimíleataigh dhílseacha sráideanna an Tuaiscirt trí thine mura ndéanfaí rud orthu maidir leis an bprótacal. Dúirt urlabhraí an LCC, scáthghrúpa na bparaimíleatach dílseach, nach raibh eolas ar bith aige faoin mbagairt sin. Ag an am céanna, áfach, ba mhinic é ag tuar go mbeadh baol trioblóide ann – ráitis a léigh a lán mar rabhadh.

Ní léir arb é an rabharta sin d’imeaglú le déanaí faoi ndear é nó an raibh tús curtha le comhráite cheana féin ach tá sé fógartha ag an Státrúnaí Chris Heaton-Harris go bhfuil sé ag smaoineamh ar phróiseas eadrána le paraimíleataigh a bhunú chun cuidiú leo ‘claochlú’ a chur i bhfeidhm. Tá comhráite ar siúl idir feidhmeannaigh ó rialtais na Breataine agus na hÉireann faoin gceist, bunaithe ar mholadh a rinne An Coimisiún neamhspleách um Thuairisciú ar pharaimíleataigh, an IRC, anuraidh. Is é príomhchuspóir an IRC dul chun cinn a chothú le deireadh a chur le gníomhaíocht pharaimíleata agus tuairiscí a sholáthar ar na hiarrachtaí chun a dhul i ngleic le paraimíleatachas. Ní thugann siad cuntas ar na grúpaí toirmiscthe ná céard atá ar siúl acu ach dúirt siad i mí na Nollag seo caite gur chontúirt iad na paraimíleataigh don tsochaí.

Is léir go bhfuil an Coimisiún meáite de gur gá duine a cheapadh chun teagmháil a dhéanamh leis na paraimíleataigh ar an dá thaobh chun réamhobair a dhéanamh. Bunaithe ar an saothar sin bhunófaí foras nó tascfhórsa chun na scéimeanna claochlaithe a chur i gcrích. Teastaíonn reachtaíocht in aghaidh coiriúlachta eagraithe uathu freisin. Bheadh gá leis gan dabht mar tá cuid de na heagraíochtaí dílseacha sáite i gcoiriúlacht eagraithe – drugaí agus striapachas ina measc. I bhfianaise eachtraí eile le gairid is léir go bhfuil cuid de na heasaontóirí poblachtánacha gníomhach sa choiriúlacht eagraithe freisin.

I bhfianaise na staire, na deiseanna iomadúla a bhí ag paraimíleataigh ar an dá thaobh éirí as a gcoireanna le cúig bliana fichead is furasta a thuiscint cén fáth a bhfuil na páirtithe polaitiúla abhus amhrasach faoi fhógra an Státrúnaí.

Liosta le háireamh iad na scéimeanna claochlaithe a ritheadh le blianta agus na milliúin punt a caitheadh chun grúpaí a mhealladh nó a bhreabadh – in aisce.

Chaithfeadh an rogha a bheith an-soiléir i bpróiséas nua; deis ag daoine éirí as paraimíleatachas nó go mbeadh dlíthe láidre ann in aghaidh na ngníomhaíochtaí atá coiteann faoi láthair; agus go gcuirfí na dlíthe sin i bhfeidhm. Dá uireasa sin, saothar in aisce a bheadh ann – arís.

Fág freagra ar 'Scor na bparaimíleatach an sprioc, ach ní bheidh sé éasca'