Scoláireachtaí nua le bunú do na coláistí samhraidh agus feachtas nua turasóireachta le díriú ar iarscoláirí na gcoláistí Gaeilge

De réir phlean nua an Rialtais don Ghaeilge atá le seoladh inniu, bunófar scéim scoláireachtaí nua chun cabhrú le daltaí ó scoileanna DEIS freastal ar choláistí samhraidh na Gaeltachta

Scoláireachtaí nua le bunú do na coláistí samhraidh agus feachtas nua turasóireachta le díriú ar iarscoláirí na gcoláistí Gaeilge

Tá scéim nua scoláireachtaí le bunú chun cabhrú le daltaí iarbhunscoile atá ag freastal ar scoileanna DEIS freastal ar choláistí samhraidh.

De réir phlean nua an Rialtais don Ghaeilge atá le seoladh inniu in Amharclann Ghaoth Dobhair, bunóidh Roinn na Gaeltachta an scéim nua idir 2019-2020.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, bhí Roinn na Gaeltachta agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i mbun machnaimh le tamall anuas ar scoláireachtaí a thabhairt isteach do dhaltaí a bhíonn ag iarraidh freastal ar na coláistí samhraidh.

Tacaíonn Roinn na Gaeltachta leis na coláistí samhraidh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, faoina n-íoctar deontas laethúil €10 in aghaidh an scoláire leis na mná tí agus na fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí Gaeltachta. Is faoin scéim chéanna a bhunófar an scéim scoláireachtaí nua.

Cuireann roinnt eagraíochtaí, ag áireamh boird Oideachais agus Oiliúna, agus cuid de na coláistí féin scoláireachtaí ar fáil le cabhrú le tuismitheoirí a bheadh ag iarraidh go bhfreastalódh a leanaí ar chúrsa samhraidh, ach níl aon mhórscéim oifigiúil scoláireachtaí ann.

Gealltar chomh maith sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 go gcuirfear tús le feachtas nua turasóireachta cultúrtha a bheidh dírithe ar iarscoláirí na gcoláistí  Gaeilge a mhealladh ar ais chun na Gaeltachta. Díreoidh an feachtas chomh maith  ar dhaoine ar mian leo freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar thuismitheoirí a thagann ar cuairt chuig na scoláirí Gaeilge.

In 2017 cuireadh lóistín ar fáil i 659 teach sa Ghaeltacht d’os cionn 26,000 dalta a d’fhreastail ar na cúrsaí samhraidh a chuir 49 coláiste ar fáil ar fud na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Scoláireachtaí nua le bunú do na coláistí samhraidh agus feachtas nua turasóireachta le díriú ar iarscoláirí na gcoláistí Gaeilge'