
Bronnadh ‘Scoláireacht Uí Ríordáin’ ar Kate Ní Mhathúna i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le deireanas. Is é Bord Gaeilge choláiste na Ollscoile a dhéanann urraíocht an scoláireacht, a dhéanann comóradh ar saothar an fhile cháiliúil Seán Ó Ríordáin.
Bronntar an scoláireacht go bliantúil ar dhalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin i mBaile an Chollaigh i gContae Chorcaí agus tugann sí an chaoi don bhuaiteoir trí seachtaine a chaitheamh nGaeltacht Chorca Dhuibhne i rith an tsamhraidh.
D’oibríodh an Ríordánach ar feadh roinnt blianta i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Ba é an Dochtúir Micheál Ó Murchú, Uachtarán an choláiste, a bhronn an scoláireacht ar Kate Ní Mhathúna thar ceann Bhord Gaeilge an Choláiste.
Rugadh an Ríordánach i mBaile Bhuirne sa bhliain 1916. D’aistrigh a theaghlach ón mbaile Gaeltachta sin go Inis Cara gar do chathair Chorcaí i ndiaidh bhás a athar, ach ba i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a chaitheadh sé a chuid laethanta saoire. Chónaigh sé ann ar feadh cúpla mí idir 1952 agus 1953. Thiomnaigh sé a dhara cnuasach filíochta, Brosna, do mhuintir Dhún Chaoin i 1964.
Fág freagra ar 'Scoláireacht Uí Ríordáin bronnta ag Uachtarán UCC'