Scoilt mhór i measc phobal Thoraí faoin vótáil ar son glacadh leis an ‘Queen of Aran’

Deir bainisteoir Chomharchumann Thoraí Marjorie Uí Chearbhaill gur brónach an scéal scoilt a bheith ann i measc phobal Thoraí agus nár tharla a leithéid cheana

Scoilt mhór i measc phobal Thoraí faoin vótáil ar son glacadh leis an ‘Queen of Aran’

Tá scoilt mhór i measc phobal Thoraí agus líomhaintí faoi bhagairtí, ionsaithe agus eile á ndéanamh i ndiaidh vótáil an deireadh seachtaine ar thuairisc Phóil Uí Ghallchóir faoi sheirbhís farantóireachta an oileáin Ghaeltachta.

Vótáil muintir Thoraí Dé Sathairn ar son glacadh leis an Queen of Aran mar bhád farantóireachta ach coinníollacha éagsúla a bheith curtha i bhfeidhm agus seirbhísí éagsúla eile a bheith curtha ar fáil.

112 duine a vótáil ar son glacadh leis na moltaí sa tuarascáil a réitigh Pól Ó Gallchóir faoin aighneas maidir le seirbhís farantóireachta an oileáin agus 103 duine a vótáil in aghaidh na moltaí.

Bhí daoine áirithe míshásta faoi ghnéithe áirithe den phróiseas agus maíonn grúpa nua darb ainm Ag Cuidiú le Toraigh go bhfuil “muinín” caillte ag an bpobal as Comharchumann Thoraí.

Mhaígh urlabhraí de chuid Ag Cuidiú le Toraigh go raibh daoine “míshásta agus míshuaimhneach” mar gheall ar an mbealach “seafóideach”, dar leo, a láimhseáladh vótáil an tSathairn.

Dar le daoine áirithe san oileán go raibh easpa cumarsáide i gceist mar gheall ar an vótáil, gur reáchtáladh faoi dheifir í agus go raibh ceisteanna ann chomh maith faoin mbealach a ceadaíodh vóta do dhaoine.

Mhaígh urlabhraí Ag Cuidiú le Toraigh go raibh “rialacha á gcumadh agus á n-athrú” fad is a bhí an vótáil féin ar siúl.

Tuairiscíodh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin gur éirigh beirt bhall den chomharchumann as de thoradh imeachtaí an deireadh seachtaine.

Dúirt bainisteoir Chomharchumann Thoraí Marjorie Uí Chearbhaill gur brónach an scéal a leithéid de scoilt a bheith ann i measc phobal Thoraí agus nár tharla a leithéid cheana. Dúirt sí gur thuig sí go raibh míshástacht ann i gcónaí maidir leis an Queen of Aran a bheith ag dul i mbun seirbhís farantóireachta an oileáin an tseachtain seo chugainn, ach gur “gá bogadh ar aghaidh” i bhfianaise thoradh na vótála.

Léiriú eile ar an scoilt i measc an phobail is ea go ndearna daoine ón oileán teagmháil Dé Sathairn leis na gardaí chun líomhaintí a dhéanamh maidir le téacsanna a mhaíonn siad a seoladh chucu ag bagairt go ndéanfaí ionsaí orthu ag Cé Mhachaire Rabhartaigh. Tháinig na Gardaí go dtí Cé Mhachaire Rabhartaigh inné chun an scéal a fhiosrú.

Maidir leis an teannas a bhí ann le linn na vótála, mhaígh urlabhraí Ag Cuidiú le Toraigh gur bhraith daoine áirithe faoi bhagairt ag daoine eile, a deir siad a bhí ag fógairt orthu vótáil ar son na moltaí.

Mhaígh an t-urlabhraí gur fhág roinnt daoine an láthair vótála agus iad “ag caoineadh”.

Tá sé i gceist ag Ag Cuidiú le Toraigh leanúint ar aghaidh leis an bhfeachtas i gcoinne na seirbhíse farantóireachta.

Dhearbhaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le déanaí nach raibh aon dul siar ar an gcinneadh go rachaidh an ‘Queen of Aran’ i mbun seirbhís farantóireachta oileán Thoraí ón 1 Aibreán.

Agus iad den tuairim go raibh an bád róshean agus nach raibh sí sábháilte dá bharr, bhí sé i gceist ag muintir Thoraí go gcuirfí bac ar ché an oileáin an lá sin dá ndéanfadh an bád farantóireachta iarracht teacht go dtí an t-oileán

Chuir muintir an oileáin feachtas ar bun ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta cúig bliana a bronnadh ar an gcomhlacht Réalt na Maidne, ar leo an ‘Queen of Aran’.

Agus an chosúlacht ar an scéal nach raibh aon fhuascailt i ndán don aighneas cheap Roinn na Gaeltachta iarcheannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir chun tuairisc a scríobh agus moltaí a dhéanamh faoin aighneas.

Is iad na príomh-mholtaí i dtuairisc Uí Ghallchóir, ar chaith muintir an oileáin vóta fúthu Dé Sathairn, ná go mbeadh dhá bhád farantóireachta ag an oileán– an ‘Queen of Aran’ agus bád beag eile a chuirfeadh seirbhís ‘ghasta’ ar fáil do 12 paisinéir – fad is a bheifí ag fanacht ar an mbád nua atá geallta do mhuintir Thoraí.

Moltar i dtuarascáil Uí Ghallchóir chomh maith go mbunófaí Coiste Thoraí 2018 chun monatóireacht a dhéanamh ar an dá sheirbhís nua. Ó Gallchóir féin a bheadh ina chathaoirleach ar an gcoiste a d’fhoilseodh tuarascáil i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Moltar freisin go mbunófaí Coiste Bhád Úr Thoraí chun tuarascáil a ullmhú laistigh de shé mhí maidir leis an mbád nua farantóireachta atá geallta don oileán.

Moltar go gcuirfí san áireamh tuairimí na n-oileánach féin agus aon bhád úr á dhearadh don oileán. Moladh chomh maith go luafaí spriocdháta cinnte le tógáil agus le seoladh an bháid nua.

Agus míshástacht ann i gcónaí i measc chuid mhaith de phobal an oileáin faoin ‘Queen of Aran’, ní fios go fóill cé chomh réidh is a bheidh a cúrsa ar an 1 Aibreán.

Fág freagra ar 'Scoilt mhór i measc phobal Thoraí faoin vótáil ar son glacadh leis an ‘Queen of Aran’'

  • Bríd Rogha Bhríde

    “rialacha á gcumadh agus á n-athrú”

    A mhac go deo! Má bhí shílfeá gur fhoghlaim siad cúpla cleas ón Trumpánach.

    Uafásach ar fad an scoilt seo.

  • Ben Ó Ceallaigh

    An daorstát danraí seo ag scoilt ceann de na pobail Ghaeltachta is láidre atá fágtha againn fhad is labhrann siad go soiniciúil faoin bpleanáil teanga mar dheis le pobail a tharraingt le chéile! Scéal an-bhrónach é seo ach na déanaimis dearmad gur ar an stát an milleán ar fad deireadh an lae, go bharr nach raibh siad sásta infheistíocht cheart a dhéanamh ar an infreastuctúr is bunúsaí a theastaíonn ó oileán. Seacht mallacht orthu!

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Is léir nach bhfuil faic foghlamtha ag Roinn na Gaeltachta (nó pé’n teideal atá orthu na laethanata seo) maidir le cúrsaí farantóireachta sna hOileáin. Bhí sé riamh mar nós acu cinneadh a thógaint gan dul i gcomhairle le pobal na nOileán ón tús agus scoilt sa phobal a fhágaint ina ndiaidh dá dheascaibh. Tá sé íorónta gur ar an gcéad lá d’Aibreán a chuirfear tús le conradh nua farantóireachta go Tóraigh.

  • Bígí chomh daingean le Creag i Lár na Farraige!

    Scoilt a chruthú. Sin an chéad chleas a tharraingíonn lucht cumhachta orthu féin. Ní féidir pobal aontaithe a chloí, ach is féidir bheith ag súgradh agus ag cleasaíocht le pobal ‘ina bhfuil scoilt’ i.e. tuairimí agus seasaimh éagsúla atá uilig ‘bailí’ iontu féin.
    Ba chóir do phobal Thoraí cruinniú le chéile anois, go práinneach, an cheist an phlé (go príobháideach eatarthu féin) agus ina dhiaidh sin, cinneadh agus ráiteas aontaithe a dhéanamh.