Scoileanna uile na tíre le hoscailt arís amárach i ndiaidh Stoirm Ophelia

Dúnadh bunscoileanna agus meánscoileanna na tíre mar gheall ar an stoirm mhór a rinne scrios ar go leor foirgneamh

Scoileanna uile na tíre le hoscailt arís amárach i ndiaidh Stoirm Ophelia

Tá fógartha ag an Roinn Oideachais go mbeidh scoileanna an stáit ar oscailt arís amárach i ndiaidh Stoirm Ophelia. Dúradh i ráiteas a d’eisigh an Roinn tráthnóna gur faoi na scoileanna féin a fhágfar cinneadh a dhéanamh faoina n-athoscailt sa chás go ndearnadh damáiste d’fhoirgnimh nó talamh na scoile.

Tá ciste éigeandála ar fáil do scoileanna a ndearnadh dochar dóibh le linn na stoirme inné agus an t-airgead sin ar fáil ón Roinn do scoileanna atá i seilbh an stáit. Tá iarrtha ag an Roinn ar scoileanna príobháideacha teagmháil a dhéanamh lena gcomhlacht árachais sula gcuirfidh siad isteach ar an gciste éigeandála.

Ghabh an tAire Oideachais, Richard Bruton, buíochas le príomhoidí, múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí na scoileanna a “chomhoibrigh go hiomlán leis na bearta sábháilteachta a cuireadh i bhfeidhm le cúpla lá anuas”.

Bhí scoileanna agus institiúidí tríú leibhéal uile an stáit dúnta Dé Luain mar gheall ar Ophelia, a rinne léirscrios i ndeisceart na tíre agus go leor damáiste in áiteanna eile i rith an lae. Osclaíodh na hinstitiúidí tríú leibhéal arís inniu ach bhí na bunscoileanna agus meánscoileanna dúnta.

Dúnadh na scoileanna inniu le deis a thabhairt d’údaráis scoileanna na foirgnimh a sheiceáil agus a chinntiú go raibh siad sábháilte, go raibh cumhacht agus uisce acu agus na bealaí chun na scoile sábháilte.

Dúnadh scoileanna an Tuaiscirt Dé Luain agus Dé Máirt freisin agus tá fógartha go mbeidh gach uile scoil ó thuaidh ar oscailt arís amárach chomh maith.

Séideadh an díon de Phobalscoil Dhúglais i gCorcaigh maidin inné agus bhí damáiste déanta do scoileanna eile ar fud na tíre á thuairisciú ar na meáin shóisialta i gcaitheamh an lae.

Fág freagra ar 'Scoileanna uile na tíre le hoscailt arís amárach i ndiaidh Stoirm Ophelia'