Tá Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, sa Spidéal i nGaeltacht Chois Fharraige, ar an séú iar-bhunscoil is mó ‘feabhas’ sa tír de réir le liosta an Irish Times de na scoileanna a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal.
D’éirigh le dhá scoil Ghaeltachta eile áit a bhaint amach ar an liosta de na scoileanna ar tháinig ardú mór ó 2009 ar líon na mac léinn a sholáthraíonn siad don tríú leibhéal; Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill.
Foilsítear na táblaí seo gach bliain i bhforlíonadh de chuid na Irish Times. Déantar iar-bhunscoileanna na tíre a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí an tríú léibhéal tar éis na hArdteistiméireachta.
Tá neart Gaelscoileanna ar an liosta freisin. Tá Coláiste Íosagáin agus Coláiste Eoin gar do bharr an liosta do Chontae Átha Cliath agus tá Coláiste na Coirbe i gCathair na dTreabh gar do bharr liosta na Gaillimhe. San iomlán, tá 39 scoil Ghaeilge – idir scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta – ó chúig chontae dhéag ar an liosta. Bristear na táblaí síos de réir cúigí agus contae.
Seo a leanas na scoileanna Gaeilge ‘is fearr’ i ngach cúige; Coláiste Pobail Osraí (Cill Chainnigh, Laighin); Coláiste an Phiarsaigh (Corcaigh, An Mhumhain); Pobalscoil Ghaoth Dobhair (Tír Chonaill, Ulaidh); agus Coláiste Chroí Mhuire gan Smál (Gaillimh, Connachta).
Bíonn roinnt conspóide gach bliain faoin liosta de scoileann ‘feeder’ a fhoilsítear ar an Irish Times. Deir daoine áirithe nach dtugann an liosta léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir.
Anuas air sin, ní thugtar san áireamh daltaí a théann ar aghaidh chuig ollscoileanna thar lear nó ar a mbronntar scoláireachtaí ar ollscoileanna thar lear orthu.
Fág freagra ar 'Scoileanna Gaeltachta ar na scoileanna is mó ‘feabhas’'