Scoileanna Gaeltachta gan ‘treoir ná tacaíocht’ do pholasaí nua oideachais – príomhoide

Dúirt príomhoide Gaeltachta i dTír Chonaill go bhfuil a scoil ‘gan treoir ná tacaíocht’ ón Roinn Oideachais maidir le cur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta a tugadh isteach i mbliana

Scoileanna Gaeltachta gan ‘treoir ná tacaíocht’ do pholasaí nua oideachais  – príomhoide

Tá príomhoide scoile i nGaeltacht Thír Chonaill ag impí ar an Roinn Oideachais “treoir agus tacaíocht” a thabhairt dá scoil maidir le cur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta.

Dúirt Bríd Mhic Uiginn, Príomhoide Scoil Dhuibhleann Riabhach i gCarraig Airt ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh “dóchas” ag an scoil nuair a cuireadh isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta, agus gur fhreastail an fhoireann ar chruinnithe sa cheantar ag ar tugadh le fios go mbeadh tacaíocht ar fáil ag tús na scoilbhliana.

“Táimid ag cuardach tacaíochta, níor tugadh aon treoirlínte ón Roinn ná ón Aonad Gaeilge atá ann. Ba mhaith linn an tacaíocht sin a fháil an t-am seo den bhliain seachas níos déanaí sa bhliain. Níl a dhath ag teacht aníos go bhfios domsa, níl a dhath cloiste againn,” a dúirt Bríd Mhic Uiginn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt sí gurb í an fhadhb is mó atá ag an scoil i mbliana ná gur thosaigh ranganna anuraidh ag foghlaim an Bhéarla agus go mbeidh na ranganna sin san aon seomra amháin leis na naíonáin bheaga atá ag tosú i mbliana.

“Tá trí rang istigh sa seomra a bheidh ag déanamh Béarla mar ábhar, ach beidh naíonáin bheaga istigh leo agus níl muid ag iarraidh go mbeidh siadsan ag cloisteáil Béarla ar bith ó mhaidin go tráthnóna sa seomra sin. An fhadhb atá againn bealach a fháil thart air sin.

“Ba mhaith linn tacaíocht, b’fhéidir cúpla uair an chloig sa lá, a fháil le tumoideachas a chur i bhfeidhm i gceart. Níl i gceist ach cúigear páistí a tháinig chun na scoile i mbliana. Tá muid ag iarraidh go mbeidh siad tumtha sa teanga go huile is go hiomlán,” a mhínigh sí.

Mhaígh Bríd Mhic Uiginn go raibh an Ghaeilge imithe sa cheantar “le glúin nó dhá ghlúin” ach go raibh iarracht mhór á déanamh an teanga a choinneáil beo sa scoil agus go raibh tacaíocht na dtuismitheoirí ag an scoil chuige sin.

Fág freagra ar 'Scoileanna Gaeltachta gan ‘treoir ná tacaíocht’ do pholasaí nua oideachais – príomhoide'

  • Mánus

    Fógraíodh an polasaí oideachais dhá bhliain ó shin! Tá misneach íontach dearfach ag an phríomh oide agus pobal na scoile seo. Nach suarach an rud é iad a bheith fágtha sa dorchadas agus togra comh dúshlánach sin ós a gcomhar. Is foireann sochtheangeolaíochta a theastaíonn ag obair ar an talamh i scoileanna sna hiarGhaeltachtaí go bhfuil iarratas curtha isteach acu.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Fág múineadh an Bhéarla go dtí go mbeidh na naíonáin imithe abhaile .i. idir 2pm agus 3pm