Scoileanna dúnta i naoi gcontae ar maidin agus Stoirm Eunice tagtha i dtír

Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh an chuid is measa den Stoirm Eunice curtha tharainn againn anseo in Éirinn faoi mheán lae inniu

Scoileanna dúnta i naoi gcontae ar maidin agus Stoirm Eunice tagtha i dtír

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá scoileanna i naoi gcontae dúnta inniu de bharr Stoirm Eunice agus sneachta agus cuid mhór den chósta thiar i mbéal na stoirme.

Iarrtar ar scoileanna ar fud na tíre súil ghéar a choinneáil ar na fógraí aimsire dá gceantar féin. Fágfar faoi na scoileanna féin cinneadh a dhéanamh oscailt nó fanacht dúnta ag brath ar chúinsí aimsire ina ndúiche féin.

Corcaigh agus Ciarraí is measa agus is túisce a bhuailfear agus tá rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm sa dá chontae sin agus i bPort Láirge agus an Clár. Tá an rabhadh dearg i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh agus an Clár ó 3am go dtí 8am. Tá an rabhadh i bhfeidhm i bPort Láirge ó 7am go dtí 11am.

Go maith moch maidin inniu ag a 3am a bhíothas ag súil go dtiocfadh Eunice i dtír i gCorcaigh agus i gCiarraí agus is ainnis an aimsir a gealladh. Táthar ag tuar, áfach, go mbeidh an chuid is measa den stoirm curtha díobh ag na Muimhnigh faoina 8am.  

Bhí 80km san uair á thuar leis an ngaoth ansin agus siotaí ropánta a mbeidh breis is 130km/h leo. Bíonn beatha i mbaol ag stoirm dá sórt, d’fhéadfadh smionagar a bheith ar bhóithre agus crainnte agus línte agus pollaí leictreachais a bheith á leagan agus an-chontúirt ag baint le bheith ag tiomáint ar na bóithre.

Óna 3am anocht go dtí 11am maidin inniu tá rabhadh oráiste gaoithe i bhfeidhm do Cheatharlach, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Loch Garman, Cill Mhantáin agus, óna 8am, Corcaigh, Ciarraí agus An Clár.

Tá rabhadh oráiste sneachta i bhfeidhm i gcúig chontae eile – Dún na nGall, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim agus Ros Comáin amárach óna 3am go dtína 3pm. Beidh na bóithre contúirteach agus flichshneachta agus sneachta séidte á gcáitheadh le gaoth agus gan mórán léargais ag an tiománaí ar bhóithre.

Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh ropthaí contúirteacha gaoithe againn a bhféadfadh 130 ciliméadar nó 80 míle san uair a bheith leo, chomh maith le síobadh sneachta san iarthuaisceart, agus an stoirm Eunice ag ropadh léi trasna na tíre. Is de bharr an dá chontúirt atá á dtuar – gaoth mhór agus sneachta – atá imní faoi dhaltaí scoile a bheith ar bóthar.

Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh an chuid is measa den Stoirm Eunice curtha tharainn againn anseo in Éirinn faoi mheán lae inniu nó, mar a deir siad féin, is cosúil gur “seáp géar gearr” a thabharfaidh Eunice ar gach ceantar.

Ní mór a bheith cúramach ar bhóithre ar thalamh rite agus cois cósta mar go mbeidh tuilte is fuarlaigh in áiteanna, go háirithe leis an lán mara.

Tá comhairle curtha ag Met Éireann ar gach duine a bheith faoi réir don doineann agus do ghearradh cumhachta mar go bhféadfadh siotaí gaoithe 130km san uair pollaí agus trealamh aibhléise a chur in aer.  Níor mhór aon trealamh ná troscán nach bhfuil curtha ar shlí shábháilte a cheangal go maith nó a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'Scoileanna dúnta i naoi gcontae ar maidin agus Stoirm Eunice tagtha i dtír'