Scoil Samhraidh Merriman 2015: ‘Cumann agus Céileachas’

Déanfaidh cainteoirí, filí agus ceoltóirí ionramháil ar théama an ghrá, an chéileachais agus na clainne ag Scoil Samhraidh na bliana seo

Merriman

Tionólfar Scoil Samhraidh Merriman, buaicphointe bliantúil d’fhéilire cultúrtha an tsamhraidh in Éirinn, in Inis, Co. an Chláir, i mbliana, ón gCéadaoin, an 12 Lúnasa go dtí an Satharn, an 15 Lúnasa. ‘Cumann agus Céileachas’ téama na scoile i mbliana.

Déanfaidh cainteoirí, filí agus ceoltóirí ionramháil ar an téama seo ar bhealaí éagsúla thar cheithre lá na scoile. I mbliain seo an 2015, tá an tAcht um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí curtha i bhfeidhm; beidh 20 bliain ann ó ritheadh an Reifreann um Cholscaradh; agus an bhliain chéanna, 1995, bhí ‘An Grá agus an Pósadh’ mar théama ag Scoil Samhraidh Merriman. Lena chois sin ar fad, tá éirithe leis an Reifreann Pósta idir an dá linn.

Má lonnaítear an t-ábhar seo i gcomhthéacs na hEorpa, is léir go bhfuil claochló bunúsach agus athrú ó bhonn tagtha ar chaidreamh pearsanta an duine sna deich mbliana deireanacha.

Is í an Dochtúir Linda Connolly Stiúrthóir Scoil Samhraidh 2015. Tá Linda ina Stiúrthóir ar Institiúid na nEolaíochtaí Sóisialta sa 21ú Aois i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. I measc a cuid foilseachán, tá saothar ar an bhfeimineachas in Éirinn, ar ghluaiseachtaí sóisialta, agus ar shaol na clainne. Déanfaidh cainteoirí iniúchadh ar ghnéithe tábhachtacha den ghrá agus den phósadh mar théama leanúnach sa chultúr, sa pholaitíocht agus sa tsochaí in Éirinn, trí na lionsaí seo a leanas: an litríocht, an taighde sóisialta, an ceol, taibhléirithe, an stair, an fhilíocht, an pholaitíocht, agus an dlí.

Déileálfaidh scoláirí aitheanta, scríbhneoirí agus ealaíontóirí le raon leathan topaicí i gcainteanna, i ndíospóireachtaí, agus i léirithe stáitse. I measc na gcainteoirí a bheidh ann, tá an tOllamh Roy Foster, an tOllamh Lucy McDiarmid, an t-údar Donal Ryan, agus na filí ardghradaim Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Rita Ann Higgins agus Doireann Ní Ghríofa.

Díreoidh léacht agus leis an Ollamh Gearóid Ó hAllmhúráin ar théama agus ar ghnásanna an phósta faoi mar a léirítear i gceol traidisiúnta, in amhráin agus i rince chontae an Chláir iad, agus cuirfear críoch leis an scoil le ‘Scoil Scairte’, arna reáchtáil ag HISTORY IRELAND ar an ábhar ‘Grá agus an Pósadh ó nGorta i Leith.’

Foilseofar clár iomlán na gcainteoirí agus na dtopaicí sara fada.

 

TÉAMA: ‘Cumann agus Céileachas’ / ‘Love and Marriage revisited’

STIÚRTHÓIR: Dr. Linda Connolly, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

DÁTAÍ: 12ú go 15ú Lúnasa

IONAD: Glór, Inis, Co. an Chláir