Scléip agus Siansa – ardán don óige le Gael Linn

Gael Linn a bheas i mbun an chomórtais tallainne d’iar-bhunscoileanna ‘Scléip’ i mbliana

Ellen Ní Mhurchú, Glór Mhaigh Eo

Comórtas do dhaltaí iar-bhunscoile is ea ‘Scléip’ a thugann deis dóibh a dtallann a léiriú os comhair lucht féachana agus moltóir proifisiúnta.

Tá Gael Linn, atá i gceannas an chomórtais den chéad uair i mbliana, ag glacadh le foirmeacha iontrála do na réamhbhabhtaí réigiúnacha i láthair na huaire.

Go dtí seo, ba í an eagraíocht Gaelscoileanna Teo a bhíodh á reáchtáil. Comórtas ealaíon a chuireann béim ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht atá i Scléip agus tugann sé ardán don óige buanna ceoil, amhránaíochta, damhsa agus aisteoireachta a thaispeáint ar stáitse.

Beidh trí chinn de réamhbhabhtaí ann ó cheann ceann na tíre roimh an gcraobhchomórtas san amharclann Clasach i mBaile Átha Cliath ar 24 Eanáir 2015.

Tá cáil cheana féin ar chomórtas eile de chuid Ghael Linn – is é sin ‘Siansa’, a áirítear ar cheann de phríomhchomórtais cheoil thraidisiúnta na hÉireann. Glacfaidh Gael Linn le hiontrálacha don chomórtas sin go dtí an 7 Samhain. Cuirfear fáilte roimh ghrúpaí ceoltóirí atá idir 12 agus 19 mbliana d’aois. Beidh ar na grúpaí, idir seisear agus ochtar, taifead díobh féin a chur isteach chun áit a fháil i gceardlann.

Ón gceardlann sin, roghnófar ocht ngrúpa don Chraobhchomórtas a bheas ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar 26 Aibreán 2015. “Cothaíonn Siansa ardchaighdeán ceoil agus comhluadar taitneamhach i measc na rannpháirtithe. Léiriú é Siansa ar thacaíocht agus spéis mhór an phobail sa chultúr Gaelach,” a dúirt Niamh de Búrca, riarthóir Siansa. Tá duaischoiste €4,500 ag Siansa 2015.

– Tá an t-eolas ar fad faoin gcomórtas le fáil ó Ghael Linn ar

01-675 1200 nó www.gael-linn.ie

Seo blaisín ó chomórtas na bliana seo caite.

Fág freagra ar 'Scléip agus Siansa – ardán don óige le Gael Linn'