Schmidt ag déanamh amadáin dínn ar fad

Ní hamháin go ndearna Joe Schmidt amadáin d’imreoirí agus d’fhoireann bhainistíochta na Springboks, rinne sé an rud ceannan céanna linn ar fad.  Thug muid cluais mhaith agus éisteacht ghéar don chaint a bhí á déanamh aige maidir leis an líon imreoirí ar chaighdeán idirnáisiúnta – naonúr déag ar fad, a bhí ar iarraidh de bharr […]

Tommy Bowe ag ceilíuradh a úid i gcoinne na hAfraice Theas, le Conor Murray agus Richardt Strauss ©INPHO/Dan Sheridan
Tommy Bowe ag ceilíuradh a úid i gcoinne na hAfraice Theas, le Conor Murray agus Richardt Strauss
©INPHO/Dan Sheridan

Ní hamháin go ndearna Joe Schmidt amadáin d’imreoirí agus d’fhoireann bhainistíochta na Springboks, rinne sé an rud ceannan céanna linn ar fad

Thug muid cluais mhaith agus éisteacht ghéar don chaint a bhí á déanamh aige maidir leis an líon imreoirí ar chaighdeán idirnáisiúnta – naonúr déag ar fad, a bhí ar iarraidh de bharr gortuithe.

Bhí go leor le rá aige freisin maidir leis an achar gearr, trí seachtaine, a bhí aige le snas a chur ar na himreoirí a bhí ar fáil dó, i gcomparáid leis na Springboks, foireann a bhí le chéile le cúpla mí.

Ach mo léan géar, gabhadh muid ar fad, geallghlacadóirí san áireamh, isteach sa ngaiste a leag sé romhainn!

Agus mé ag tarraingt ar Staid Aviva sa mbáisteach ar an Satharn seo caite, bhí mé cinnte go raibh greadadh mór eile i ndán dúinn.

Ach mar atá a fhios ag an domhan mór anois, ní mar sin a tharla. Ní hamháin gur éirigh le foireann na hÉireann an lámh in uachtar a fháil ar na Boks, ach rinne siad é ar bhealach a bhain preab as cách.

Faoi stiúir Schmidt, bhí an fhoireann “lag agus dara nó triú rogha” seo eagraithe go hiomlán ó thús go deireadh an chluiche.

Bhí an chosaint chomh docht agus chomh daingean sin go raibh sé dodhéanta nach mór ag an bhfreasúra bearna a aimsiú sa líne ghlas.

Bhí na patrúin imeartha sa síneadh amach agus sa gclibirt chomh cleachta sin nach raibh an Afraic Theas in ann aon dul chun cinn a dhéanamh, agus bhí an smacht chomh maith sin nach raibh móran seans ar chiceanna ag na Boks.

Ní hamháin sin ach bhí an bheirt nua agus óg sa lár páirce, Henshaw agus Payne, thar barr ar fad.

Cinnte bhí an bua tuillte go huile agus go hiomlán ag an bhfoireann Éireannach ach is ag Joe Schmidt a bhí an bua is mó.

Tar éis cur chuige na hÉireann i gcoinne na hAfraice Theas, cuireadh chomh mór sin le cáil Schmidt go bhfuil sé á lua mar an traenálaí is fearr ar domhan faoi láthair.

Tá an baol ann go mbeidh na hAll Black á iarraidh ar ais chuig an Nua Shéalainn, a thír dhúchais.

Is léir go bhfuil a fhios ag Schmidt nach leor an cluiche sin agus go bhfuil géarghá le tógáil ar an mbunchloch iontach atá leagtha aige.

Ina theannta sin, tá air réiteach iomlán nua eile a dhéanamh anois don chluiche i gcoinne na Seoirsia an Domhnach beag seo. Tá fhios aige nach mbeidh siad leath chomh heagraithe agus a bhí na Boks, cé go mbeidh siad crua agus láidir.

Mar sin féin, níl na scileanna bunúsacha acu le bagairt cheart a dhéanamh ar na Gaeil.

Ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó seilbhe againn sa gcluiche seo, rud a fhágann sin go mbeidh deis againn patrúin ionsaithe a chleachtadh ina gcoinne seachas an dianchosaint a chonaic muid an deireadh seachtaine seo caite.

Beidh deis freisin ag Schmidt cúpla imreoir óg eile a chur chun catha, seans a thabhairt dóibh deis a thapú agus a rian a fhágáil ar chúrsaí roimh an gcomórtas Sé Náisiún, an corn domhanda agus sula bhfillfidh an naonúr déag úd nach bhfuil ann faoi láthair.

Tá drogall orm buille faoi thuairim, fiú, a thabhairt maidir leis an gcúigear déag imreoir a chuirfeas Schmidt chun páirce don chluiche seo. Is leor bréagadóir a dhéanamh díom an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Schmidt ag déanamh amadáin dínn ar fad'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Sea obair iontach déanta ag Schmidt.Tá sé in am fiú ag na tíortha ón leatsfear theas gan neamhiontas a dheanamh de fóirne Schmidt a thuilleadh.