Chonacthas na sluaite is mó ag freastal ar na cluichí Gaelacha ó thús na paindéime an deireadh seachtaine seo agus cead fillte ag na mílte ar Pháirc an Chrócaigh, ar Phárc na nGael agus ar pháirceanna eile timpeall na tíre. PICTIÚIR: INPHO
Dé Luain, Iúil 5 2021 ag 12:33 pm
Leaideanna óga ag tacú le Loch Garman agus le Gaillimh i gcluichí leathcheannais Laighean i bPáirc an Chrócaigh
An slua ag dul isteach i bPáirc na nGael Dé Domhnaigh don chluiche idir Tiobraid Árann agus contae an Chláir
Duine de lucht leanta Átha Cliath, Terry Broughan, thíos i bPáirc Loch Garman
An tae á shlogadh agus na ceapairí á n-alpadh ag Karn agus Malachy Gibney i bPáirc Tailteann
Dan McElligott ag crochadh brataí. A mhac, Dónal, a bhí ina chaptaen ar an Longfort
Caolan Malone (trí bliana d’aois) ag an gcluiche idir Tiobraid Árann agus contae an Chláir inné
Duine de lucht tacaíochta Ard Mhacha sa bPáirc Lúthchleasaíochta ag an deireadh seachtaine
Cuid den lucht féachana a bhí i láthair i bPáirc Tailteann don chluiche idir contae na Mí agus an Longfort
Treoracha á dtabhairt d’imreoirí Luimnigh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh
An Taoiseach Micheál Martin i láthair ag an gcluiche i Staid Semple tráthnóna Dé Sathairn
An slua i bPáirc na nGael do chluiche leathcheannais na Mumhan
Cuid díobh siúd a bhí ag baint sult as an gcluiche idir Muineachán agus Fear Manach Dé Sathairn
Duine de lucht tacaíochta Aontroma roimh an gcluiche in aghaidh Ard Mhacha inné
Bhí na scáthanna fearthainne ag teastáil i bPáirc de hÍde inné don chluiche idir Ros Comáin agus Gaillimh
Carmel Roche agus a mac Jack ag an gcluiche peile idir Áth Cliath agus Loch Garman
Duine de lucht tacaíochta Thiobraid Árann roimh an gcluiche in aghaidh an Chláir inné
Beirt de lucht leanta an Chláir
Lucht tacaíochta na bhfoirne ag comhrá le linn an chluiche idir Luimneach agus Corcaigh
James Wyse agus Olive Morrissey taobh amuigh de Pháirc an Chrócaigh Dé Sathairn
Patsy McGovern ag fáil réidh do chluiche chontae na Mí i bPáirc Tailteann
Na Caomhánaigh abú! Iarla 8, Daithí 7, Jamie 11 agus Darragh 13 ag tacú le Gaillimh
Fág freagra ar 'Sceitimíní agus chrá croí sna seastáin agus lucht féachana ar ais ag na cluichí'