Sceitheadh eolais faoi shlándáil Ambasadóir na Breataine

D’iarr an Taoiseach, Charles Haughey, ar na Gardaí an sceitheadh a fhiosrú agus tugadh le fios dó go raibh barúil mhaith acu faoi fhoinse na sceite

Sceitheadh eolais faoi shlándáil Ambasadóir na Breataine

Bhí go leor cur is cúitimh i Roinn an Taoisigh 30 bliain ó shin faoi dhoiciméad de chuid na nGardaí a sceitheadh chuig an IRA.

Bhí Ambasadóir na Breataine, Nicholas Fenn, le cuairt a thabhairt ar an tSnaidhm i gCo. Chiarraí ach sceitheadh eolas faoi phleananna slándála na nGardaí don turas. Mhol na Gardaí dó a chuid pleananna taistil a athrú agus rinne sé amhlaidh. Ba é an clár Today Tonight ar RTE a thug an scéal chun solais.

Bhí slándáil an Ambasadóra thar a bheith leochaileach ag an am ó tharla nach raibh ach aon bhliain déag ann ó dhúnmharaigh an tIRA an Ridire Christopher Ewart-Biggs in Áth an Ghainimh i 1976.

I meamram rúnda i Roinn an Taoisigh, deirtear gur ghlaoigh an tAmbasadóir Fenn ar an Roinn Dlí agus Cirt agus thug le fios go raibh na meáin chumarsáide sa tóir go mór air chun ráiteas a thabhairt faoin sceitheadh.

Bhí sé le cur i láthair a thabhairt ag CAD (Pobail in éadan Drugaí) agus bheadh go leor iriseoirí i láthair ag an ócáid. Mheas sé go gcuideodh sé go mór dá ndéanfadh sé agallamh amháin leis na meáin ina léireodh sé a mhuinín as an Gharda Síochána. Thug an Tánaiste, Brian Lenihan, a bheannacht don chur chuige seo agus moladh gur leis an BBC a dhéanfaí an t-agallamh. Léirigh an tUas. Fenn a mhuinín iomlán as na Gardaí san agallamh sin agus dúirt nach raibh sé riamh i mbaol a bháis.

D’iarr an Taoiseach, Charles Haughey, ar na Gardaí an sceitheadh a fhiosrú agus tugadh le fios dó go raibh barúil mhaith acu faoi fhoinse na sceite.

Ina ainneoin sin, níor cúisíodh éinne as an eolas a sceitheadh. Tuairiscíodh go rabhthas in amhras go mór faoi Gharda a bhí ag obair i gCeanncheathrú na nGardaí ach nach raibh ach fianaise imthoisceach ina éadan.

Fág freagra ar 'Sceitheadh eolais faoi shlándáil Ambasadóir na Breataine'