Sceimhlitheoireacht: is olc an ghaoth nach séideann…

Tá an baol ann go dtarraingeoidh an bhagairt sceimhlitheoireachta ár n-aird ó cheisteanna tábhachtacha eile, a scríobhann ár gcolúnaí

Part-MVD-Mvd6726773-1-1-0

Is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin.

Tá drogall orm úsáid a bhaint as an nath cainte thuas i gcomhthéacs an áir a tharla i bPáras ar an 13 Samhain agus atá á bhagairt i gcathracha Eorpacha eile, ach, mar is dual do sheanfhocal, tá fírinne agus gaois ag baint leis.

Nach mór seachtain roimh an tragóid i bPáras, tráthnóna an 5 Samhain, gar don chathair Mariana i lár na Brasaíle, bhris damba a choinnigh dríodar mianadóireachta istigh i dtaiscumar ollmhór. Phlúch sruth de phuiteach truaillithe – 62 mhilliún méadar ciúbach de – an baile beag Bento Rodrigues i dtuile. Maraíodh seisear agus chaill na céadta duine a raibh acu de mhaoin an tsaoil.

Ós rud é gur substaint é puiteach a ghluaiseann go mall, d’imigh roinnt laethanta thart sular tuigeadh méid na tubaiste a bhí tar éis tarlú: bhí láib a bhí lán go béal le miotail throma nimhiúla ag sileadh i dtreo an Rio Doce, ceann de mhóraibhneacha na Brasaíle.

Arsanaic, luaidhe agus mearcair ba mhó a bhí sa láib, ach, mar a dúirt eolaí amháin nuair a bhain an puiteach an Rio Doce amach: ‘Tá sé ar nós go bhfuil an tábla peiríodach ar fad iompaithe isteach san abhainn in aon bhabhta amháin.’

Ba ghearr gur tuigeadh go raibh an Rio Doce – abhainn a bhféadfaí an tSionna a chur ann faoi thrí – tar éis bháis. Dar le heolaithe timpeallachta, ní bheidh aon bheatha san abhainn arís go ceann deich mbliana ar a luaithe. Meastar go mbeidh céad bliain caite sula mbeidh na ceimicí ar fad briste síos.

Ach faoin am gur tuigeadh go raibh an tubaiste timpeallachta is mó i nua-stair na Brasaíle tar éis tarlú, bhí sléacht á dhéanamh i bPáras.

Agus cé go raibh na céadta míle Brasaíleach fágtha gan soláthar uisce agus cé go raibh an abhainn ar a raibh siad ag brath dá slite maireachtála scriosta, ní raibh mórán de le feiceáil ar scáileáin teilifíse na tíre. Bhí na mórmheáin ag déanamh tuairisciú ó nóiméad go nóiméad ar an doirteadh fola i gcathair ar an taobh eile den domhan, i gcoimhlint nach bhfuil baint ná páirt ag an mBrasaíl leis.

Roimh i bhfad, bhí ceisteanna á gcur faoina laghad airde a bhí á thabhairt ag na meáin Bhrasaíleacha ar an oll-thubaiste timpeallachta ina dtír féin i gcomparáid le hionsaí sceimhlitheoireachta ar an taobh eile den domhan. Tír í an Bhrasaíl ina bhfuil mórchuid na meán agus mórchuid na mórchomhlachtaí – ina measc an comhlacht mianadóireachta VALE, atá ina chomhúinéir ar an mian ámh-iarainn ar tharla an tubaiste leis an damba ann – i lámha líon fíorbheag daoine. Nach olc an ghaoth nach séideann do dhream éigin, a dúirt níos mó ná duine amháin liom. Nach méanar dóibh siúd a bhí freagrach as an damba a bhris go raibh aird na Brasaíle ar fad ar shráideanna Pháras!

Ag caint ar cheisteanna a bheith á gcur ar na meáin, ar ndóigh, tá earnáil na hiriseoireachta i gcoitinne á ceistiú ar fud an Iarthair maidir leis an tuairisciú a rinneadh ar an ár a tharla i bPáras. Cén fáth nár dearnadh an tuairisciú céanna ar an sléacht a tharla i mBeirut? Cén fáth nár tugadh oiread airde ar a leithéid seo, sin nó eile?

Níl freagra ar an gceist sin ach go raibh iriseoirí, tráchtairí agus colúnaithe faoi gheis ag ar tharla i bPáras – cosúil le gach uile dhuine eile.

Táim féin ciontach as an gclaonadh seo a chuirtear i leith na meán freisin. Cuirim dhá cholún idirnáisiúnta in aghaidh na seachtaine ar fáil do Tuairisc.ie. Tarlaíonn go bhfuil cónaí orm sa Bhrasaíl agus gur tharla tubaiste timpeallachta ollmhór sa tír, ar leic an dorais, nach mór. Ach le seachtain go leith anuas, níl focal scríofa agam ar na leathanaigh seo nach mbaineann le Páras.

Nílim chun aon leithscéal a thabhairt faoi sin; bhí mé ag scríobh faoi ábhar a ghoill orm go mór agus a bhí i mbéal an phobail i gcoitinne. Ach tá ceacht le foghlaim as an aird nár tugadh ar thubaiste an damba sa Bhrasaíl, as scéal na habhann a fuair bás i ngan fhios don saol mór toisc go bhfuair 130 duine bás in ionsaí sceimhlitheoireachta ag an am céanna.

Dá uafásaí iad, ná ligimis d’ionsaithe sceimhlitheoireachta an Stáit Ioslámaigh (ná go deimhin aon dream eile) muid a chur faoi gheis. Sin é a theastaíonn ó na sceimhlitheoirí féin, ach lena chois sin, tharlódh nach ann don ghaoth nach séideann do dhuine nó do dhream éigin. Dé Luain seo chugainn, cuirfear tús i bPáras le comhdháil na Náisiún Aontaithe faoi athrú aeráide. Ná ligimis dár tharla sa chathair chéanna seachtain go leith ó shin aird a tharraingt ó na ceisteanna práinneacha atá le plé ag an gcomhdháil sin.

Fág freagra ar 'Sceimhlitheoireacht: is olc an ghaoth nach séideann…'