Scéim tithíochta sóisialta stoptha ag Comhairleoirí Fhianna Fáil i gConamara

Chuir formhór Chomhairleoirí Chonamara in aghaidh forbairt tithíochta sóisialta sa Ghaeltacht in ainneoin achainí ón Rialtas faoin ngéarchéim tithíochta

Scéim tithíochta sóisialta stoptha ag Comhairleoirí Fhianna Fáil i gConamara

Tá stop curtha ag Comhairleoirí Contae as Conamara le forbairt tithíochta sóisialta sa Ghaeltacht.

31 teach nua sóisialta do cheantar Mhaigh Cuilinn a bhí i gceist ach chuir formhór Chomhairleoirí Chonamara in aghaidh na forbartha.

Caint thréan a bhí ann scaití nuair a tarraingíodh anuas ceist na dtithe seo, a bhí ceaptha a dhul ar shuíomh gar do Bhóthar an tSléibhe, beagán ó dheas de shráidbhaile Mhaigh Cuilinn.

Chuir Noel Thomas, an Comhairleoir de chuid Fhianna Fáil as ceantar Mhaigh Cuilinn, a chosa i dtaca ar an bpointe boise. Dúirt sé go raibh iarratais phleanála ar scéimeanna tithe gar go maith do láthair na scéime seo diúltaithe cheana ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. “Ní raibh achar ar bith idir an suíomh seo atá á bhrú orainn anois agus cuid de na scéimeanna a diúltaíodh roimhe seo,” a deir an Comhairleoir Thomas.

Dúirt sé freisin go raibh baol mór fuarlaigh thart ar an suíomh gar do Bhóthar an tSléibhe agus chaith sé amhras ar chuid den eolas a bhí sa tuarascáil innealtóireachta a chuir feidhmeannaigh na Comhairle ar fáil. “Ní fiú agus go bhfuil an tuarascáil sínithe. Tuige?” a d’fhiafraigh an Comhairleoir Thomas.

Dúirt Eileen Mannion, Comhairleoir de chuid Fhine Gael as an gClochán, go mb’ait an cás é go raibh an chosúlacht ar an scéal go raibh daoine ann a bhí in aghaidh na scéime tithíochta. “Nach bhfuil sé soiléir do chuile dhuine beo go bhfuil easpa tithe cónaithe ar an bhfadhb is measa atá againn sa tír seo anois?

“Ní bheinn ag iarraidh go mbeadh baint ar bith agam le duine ar bith a chuirfeadh in aghaidh na scéime tithíochta seo,” a deir an Comhairleoir Mannion.

Ní maith a thaitin an sáiteán sin le Dáithí Ó Cualáin, Comhairleoir eile de chuid Fhianna Fáil. Ní raibh “toirt ná téagar” sa gcineál sin cainte, a mhaígh Ó Cualáin.

Bhí sé ag éirí níos soiléire faoin am seo go raibh ceathrar Comhairleoirí Fhianna Fáil i dtoghcheantar Chonamara leagtha ar vótáil in aghaidh an phlean tithíochta sóisialta gar do Bhóthar an tSléibhe.

Seo in ainneoin go ndúirt an Taoiseach agus ceannaire Fhianna Fáil, an Taoiseach Micheál Martin, le déanaí go raibh sé i gcoinne polaiteoirí a bheith ag cur in aghaidh forbairtí agus géarchéim tithíochta ann.

Chomh maith leis sin, chuir a chomhghleacaí rialtais, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, an tAire Eamon Ryan, litir amach chuig Comhairlí Contae na tíre le déanaí ag achainí orthu a bheith “bord ar bhord” leis an Rialtas san iarracht le tithe a chur ar fáil. “Row in and support the Government”, arsa an tAire Ryan.

Ag an gcruinniú de chomhairleoirí Chonamara, dúirt Alistair McKinstry, Comhairleoir de chuid an Chomhaontais Ghlais as Maigh Cuilinn, go mba áit chónaithe an-mhaith a bheadh i scéim Bhóthar an tSléibhe. “Bheifeá buailte ar shiopaí agus ar shaoráidí an tsráidbhaile ansin agus ní bheadh ort carr a úsáid…Caithfidh daoine teannadh isteach i mbailte móra,” arsa an Comhairleoir McKinstry.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Séamas Breathnach, Fianna Fáil, cathaoirleach choiste Comhairleoirí Chonamara nárbh amhlaidh go rabhthas ag cúlú ón gcuspóir tithe a thógáil faoin tuath. “Tuigeann muid go bhfuil tú daingean i do chlaonadh i bhfabhar daoine a chur isteach i mbailte móra ach cuimhnigh go bhfuil muide chomh daingean céanna ar an intinn gur fiú agus gur ceart na pobail tuaithe a chosaint agus a neartú.

“Caithfear tithe a thógáil faoin tuath leis an gcuspóir sin a bhaint amach agus níl muid ag cúlú ón gcuspóir sin.”

Bhí an lasóg sa bharrach faoin tráth gur labhair Bainisteoir Tithíochta na Comhairle, Liam Hanrahan. Dúirt seisean go raibh geall le 250 iarratas istigh ar thithe sóisialta sa gceantar as Bearna anoir, amach go Maigh Cuilinn agus siar as sin go hUachtar Ard. Ba mhór an lear é sin, arsa Liam Hanrahan, agus bheadh teach ag 31 de na hiarrthóirí seo dá dtacódh na Comhairleoirí leis an bplean.

Bhí beart an-tromchúiseach agus an-spéisiúil sa gcóras rialtais áitiúil le láimhsiú ag na Comhairleoirí ansin. Tarlaíonn sé sa mhúnla nua oibre atá ag na Comhairleoirí gur féidir leis na Comhairleoirí áitiúla an focal deiridh a bheith acu i gcás mar seo atá á láimhsiú faoi théarma Mhír 8 den chóras pleanála. Na Comhairleoirí áitiúla – as Conamara sa gcás seo –– a shocraíonn cén deireadh a bheidh le cúrsaí agus ní théann an t-ábhar faoi Mhír 8 faoi bhráid na gComhairleoirí Contae ar fad.

Bhí na Comhairleoirí seo a leanas i gcoinne na scéime tithíochta: Noel Thomas, Séamus Breathnach, Gerry King agus Dáithí Ó Cualáin (Fianna Fáil) agus Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach).

I bhfabhar na scéime tithíochta bhí Eileen Mannion agus Pádraig Mac an Iomaire (Fine Gael), Tom Welby (Neamhspleách) agus Alistair McKinstry (An Comhaontas Glas). Cúig in aghaidh a ceathair toradh na vótála mar sin agus bhí na tithe curtha de dhroim seoil.

Meastar gur iarraidh mhór í seo do phleananna Chomhairle Chontae na Gaillimhe don tithíocht shóisialta taobh thiar den Choirib.

Fág freagra ar 'Scéim tithíochta sóisialta stoptha ag Comhairleoirí Fhianna Fáil i gConamara'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is deacair aon chiall eile a bhaint as an scéal ach é seo: go bhfuil na comhairleoirí a vótáil in aghaidh na scéime seo, in aghaidh tithíocht a chur ar fáil do dhaoine ar liosta tithíochta an Chomhairle Chontae. Is mór an náire an cúigear acu.

    Ón méid a bhí le rá ag Séamas Breathnach ar RnaG ar an Luan seo caite bhí sé le tuiscint uaidh nach mbeadh sé in aghaidh tithe a bheith tógtha ar an suíomh céanna seo an fhad is nach tithe comhairle contae a bheadh iontu!

  • An Teanga Bheo

    Mó léan an nuacht seo agus ganntannas ar go leor