Scéim teanga Roinn na Gaeltachta imithe in éag le naoi mí, ach ceann nua ar na bacáin

Meastar go bhfoilseofar scéim teanga nua na Roinne laistigh de choicís agus an scéim atá ann faoi láthair imithe in éag ón 1 Bealtaine 2015

Rionn3

Tá scéim teanga nua á dréachtadh ag Roinn na Gaeltachta agus a scéim teanga imithe in éag le naoi mí.

Is ar Roinn na Gaeltachta atá an cúram scéimeanna a aontú le ranna eile rialtais agus le heagraíochtaí stáit sara gcuirtear faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga iad.

Thug urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go raibh ‘dréachtscéim teanga nuashonraithe na Roinne’ á breithniú ag foireann na Roinne i láthair na huaire.

Dúirt an t-urlabhraí ‘go meastar’ go bhfoilseofar an scéim nua laistigh de choicís ach anailís a bheith déanta ar pé tuairimí ina taobh a thiocfaidh ar ais ó fhoireann na Roinne. Chuaigh scéim Roinn na Gaeltachta in éag ar an 1 Bealtaine 2015.

Sa scéim atá faoi láthair ag an Roinn deirtear go mbeidh an scéim féin “i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana” ón 1 Bealtaine 2012, “nó go dtí go mbeidh Scéim nua daingnithe ag an Aire de bhun alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, cibé dáta is túisce.”

De réir na foclaíochta sin – ‘cibé dáta is túisce’ – tá an Roinn ag feidhmiú gan aon scéim teanga acu le naoi mí anuas.

Dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie gur botún a bhí sa bhfoclaíocht sin agus gur ‘cibé dáta is déanaí’ seachas ‘cibé dáta is túisce’ ba cheart a bheith sa scéim. In ainneoin an bhotúin sin, tá feidhm i gcónaí le scéim na Roinne toisc go mbíonn tús áite i gcónaí ag Acht na dTeangacha Oifigiúla ar scéimeanna teanga.

I mí na Nollag seo caite, bhí 285 comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus gan aon scéim teanga aontaithe acu le Roinn na Gaeltachta agus tá deich mbliana ann ó chéadiarradh ar sé cinn de na comhlachtaí sin scéim teanga a dhréachtú.

Is faoi chóras na scéimeanna teanga a leagtar dualgais teanga ar leith ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá sé ráite go minic ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil córas na scéimeanna teanga lochtach agus gur chóir córas nua a thabhairt isteach. Bhí na laigí a chonacthas dó a bhí ar chóras na scéimeanna teanga i measc na gcúiseanna a luaigh an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, lena chinneadh éirí as a phost i mí Feabhra 2014.

Thug an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, le fios sa Dáil go raibh sé sásta le córas na scéimeanna teanga.

 

Fág freagra ar 'Scéim teanga Roinn na Gaeltachta imithe in éag le naoi mí, ach ceann nua ar na bacáin'