Scéim teanga an HSE ag teacht gan ‘rómhoill’ – naoi mbliana i ndiaidh an spriocama

Níl aon scéim teanga nua aontaithe fós ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus an scéim atá acu imithe in éag le 11 mí

Rionn6

Cuirfear dréacht de scéim teanga náisiúnta an HSE i láthair Aire Stáit na Gaeltachta gan “rómhoill” – naoi mbliana ón spriocam a tugadh don fheidhmeannacht.

Ba é Aire Stáit na Gaeltachta féin a thug le fios go raibh súil aige le dréachtscéim an HSE ‘gan rómhoill’.

Bhí an tAire ag freagairt ceiste ón Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív.

Ba i mí na Nollag 2006 a iarradh dréachtscéim teanga den chéad uair ar an HSE, ach dúirt an tAire nár daingníodh an dréachtscéim “go príomha mar gheall ar phleananna athstruchtúraithe a bhí á mbeartú ag an FFS”.

Dúirt an tAire go raibh “plé gníomhach” ar bun idir oifigigh a Roinne agus an HSE le tamall anuas faoin scéal agus go raibh próiseas comhairliúcháin curtha i gcrích ag an bhfeidhmeannacht sláinte agus “na torthaí á mbreithniú faoi láthair”.

Ní fios fós cén uair a fhoilseofar an scéim teanga nó cathain a chuirfear i bhfeidhm í.

Idir an dá linn, thug an tAire McHugh le fios nach raibh aon scéim teanga nua aontaithe fós ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ta scéim teanga na Roinne Gaeltachta imithe in éag le 11 mí.

Is ar Roinn na Gaeltachta atá an cúram scéimeanna a aontú le ranna eile rialtais agus le heagraíochtaí stáit sula gcuirtear faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga iad.

Thug urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie ag tús mhí Feabhra go raibh ‘dréachtscéim teanga nuashonraithe na Roinne’ á breithniú ag foireann na Roinne  agus go raibh súil lena foilsiú laistigh de choicís.

Is faoi chóras na scéimeanna teanga a leagtar dualgais teanga ar leith ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá sé ráite go minic ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil córas na scéimeanna teanga lochtach agus gur chóir córas nua a thabhairt isteach ina áit.

Fág freagra ar 'Scéim teanga an HSE ag teacht gan ‘rómhoill’ – naoi mbliana i ndiaidh an spriocama'