Scéim nua i gceantair Ghaeltachta le suim a spreagadh i ndochtúireacht leighis faoin tuath

Deirtear go ndéanfar iarracht le scéim nua suim a chothú i ndochtúirí óga in obair faoin tuath

Scéim nua i gceantair Ghaeltachta le suim a spreagadh i ndochtúireacht leighis faoin tuath

Beidh ceantair Ghaeltachta páirteach i scéim nua a bhaineann leis an dochtúireacht teaghlaigh faoin tuath in Éirinn. Tabharfar deis do dhochtúirí atá tar éis a gcuid cáilíochtaí a fháil dhá bhliain a chaitheamh i mbun oibre agus i mbun staidéir in Acaill i gcontae Mhaigh Eo, i gCarna i gConamara agus i gCathair Saidhbhín i gCiarraí. I Lios Dúin Bhearna i gcontae an Chláir a bheidh an ceathrú hionad atá bainteach leis an scéim nua seo. Sí an aidhm atá leis an scéim go gcothófaí suim in obair faoin tuath i measc dhochtúirí óga.

Tá an scéim seo á bunú de bharr iarracht atá déanta i dteannta a chéile idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Coláiste Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh agus Cumann na nDochtúirí Tuaithe, le comhoibriú ó Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Chorcaí.

Beidh trí lá obair phraiticiúil sa tseachtain ar na dochtúirí sna ceantracha tuaithe ina mbeidh siad lonnaithe agus dhá lá staidéir Ollscoile sa tseachtain.

Tháinig an scéim seo as an bplé a rinneadh ag comhdháil idirnáisiúnta a bhí ag dochtúirí tuaithe i Luimneach anuraidh.

I ráiteas a d’eisigh Coláiste Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh dúradh go mbeadh béim sa scéim seo ar chothú tuisceana ar na riachtanais ar leith a bhaineann le cúrsaí leighis i bpobail tuaithe. Dúradh sa ráiteas go mba bhuntáiste ón tús é go mbeadh tuiscint agus suim ag dochtúirí óga a chuirfeadh isteach ar an scéim in ábhar a bhaineann le seirbhísí leighis faoin tuath. Beidh go dtí an 20 Márta ag dochtúirí ar mhaith leo iarraidh a thabhairt faoi. Is é Coláiste Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh a íocfaidh pá na ndochtúirí a bheidh páirteach sa bhfondúireacht.

Tá sé ag éirí níos deacra dochtúirí teaghlaigh a earcú i gceantracha tuaithe de réir mar atá na blianta ag dul thart. Níl dochtúirí óga na linne seo sásta bualadh faoin obair anróiteach a bhíodh ar dhochtúirí tuaithe san aimsir a caitheadh. Bhíodh dualgais seacht lá na seachtaine agus 24 uair sa lá i gceist go minic. Taobh amuigh de sin uilig, is fearr le go leor daoine gairmiúla a bheith ina gcónaí i gceantar cathrach nó i mbaile mór. Dá mhéid cainte a bhíonn ann scaití faoi shaol na tuaithe, níl a gcosa beaga ag rith ó dhaoine nuair a fhógraítear postanna amach faoin tír sa gcóras leighis, ná i mórán córas ar bith eile. Bhí sampla de sin sa gClochán i gConamara le gairid.

Fógraíodh sé phost lánaimseartha agus fiú agus gur fhreastail riar maith den deich nduine fichead a léirigh suim sna postanna ar agallaimh, níorbh fhéidir oiread agus duine amháin a earcú sa deireadh. Tá an rud céanna tarlaithe i gcás postanna eile sa gcóras leighis sa gceantar sin in imeacht na mblianta.

Bhí deacrachtaí ag earcú dochtúirí le riar blianta ar an gCeathrú Rua, i Ros Muc agus i gCloch na Rón. Ceaptar nach bhfuil an ceantar ach i dtús na trioblóide seo.

I 1984 a bunaíodh Cumann na nDochtúirí Tuaithe in Éirinn. Bhí an Dr Jerry Cowley as Mala Raithní in iarthar Mhaigh Eo ina cheann feadhain ar an iarracht sin. Is í an eagraíocht sin a spreag ‘comharchumann’ dochtúirí tuaithe agus an córas éigeandála oíche, nó an ‘Out of Hours’, mar atá baiste air. Cé go mbíonn go leor gearán faoin gcóras seo ó am go chéile, tá leas déanta aige do dhochtúirí tuaithe mar go dtugann sé scíth dóibh.

Ach níl fadhb na ndochtúirí tuaithe leigheasta ag an méid sin. Meastar anois go bhféadfadh 28 ceantar tuaithe a bheith fágtha gan dochtúir teaghlaigh gan mhoill mar tá 25% de dhochtúirí teaghlaigh na hÉireann – an dream ba mhó a rinne seirbhísí tuaithe – os cionn 65.

Creideann an Dr Jerry Cowley go dteastaíonn athrú dearcaidh agus gur cheart díriú air sin sna coláistí. “Tá mo shaol dochtúireachta caite agamsa amuigh faoin tuath. Saol ar dóigh é ar bhealaí go leor. Cothaíonn tú ceangal leis an bpobal, agus, go deimhin, cothaíonn tú ceangal leis na glúnta uilig. Faigheann tú tuiscint ar an saol agus ar an bpobal”.

Creideann an Dr Cowley go bhfuil gach a bhfuil i ndán don tuath fite fuaite sa scéal seo uilig. Bhunaigh Cumann na nDochtúirí Tuaithe an feachtas ‘No Doctor – No Village’ mar iarracht amháin le haird a tharraingt ar ghéarchéim na seirbhísí leighis i gcuid mhaith ceantar tuaithe.

Creideann Cumann na nDochtúirí Tuaithe gur beart maith é an ceann seo atá le tosú in Acaill, i gConamara, in iarthar an Chláir agus in Uíbh Ráthach i mí Iúil seo chugainn.

Ar an gcéad iarraidh, cuideoidh sé le dochtúirí tuaithe a bhfuil ualach trom oibre orthu agus táthar ag súil ina dhiaidh sin go ndíreoidh sé aird na ndochtúirí óga ar an obair faoin tuath.

Fág freagra ar 'Scéim nua i gceantair Ghaeltachta le suim a spreagadh i ndochtúireacht leighis faoin tuath'