Scéim na ndeontas tithíochta sa Ghaeltacht le fanacht ar fionraí

Diúltaíodh d’éileamh ó theachta Gaeltachta go dtabharfaí ar ais an scéim tacaíochta deontais sna ceantair ina bhfuil laghdú tagtha ar an daonra le breis agus 10 mbliana anuas

Scéim na ndeontas tithíochta sa Ghaeltacht le fanacht ar fionraí

Níl an scéim faoina n-íoctaí deontais tithíochta sa Ghaeltacht le feidhmiú arís ag an tráth seo de réir freagra atá tugtha ar cheist Dála ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys.

Bhí sí ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Gaeltachta Pat The Cope Gallagher as Tír Chonaill.

Faoi scéim a bhí ar bun ó 1929 go dtí gur cuireadh ar fionraí é ocht mbliana ó shin bhíodh cúnamh deontais á íoc le daoine sa Ghaeltacht a raibh Gaeilge ar a dtoil acu le tithe nua a thógáil nó le feabhsúcháin a dhéanamh ar thithe a bhí acu cheana féin.

Dúirt an tAire gur ar an 7 Aibreán 2009 a cuireadh an scéim ar fionraí agus nach raibh sé beartaithe é “a mhúscailt faoi láthair”.

Thug sí fios don Teachta Gallagher go raibh fáil ag muintir na Gaeltachta, “ach an oiread leis an gcuid eile den tír”, ar na scéimeanna agus na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil mar a bhaineann sé le gnóthaí tithíochta, ina measc scéimeanna na nÚdarás Áitiúil agus SEI.

Thug an Teachta Gallagher le fios agus é ag cur na ceiste gur chreid sé go mbeadh an scéim deontais tithíochta “riachtanach chun tacú le teaghlaigh chun cónaí i gceantair Ghaeltachta, mar spreagadh do theaghlaigh chun filleadh ar cheantair ina bhfuil laghdú tagtha ar an daonra le breis agus 10 mbliana anuas”.

Cuireadh bunús reachtúil leis an scéim deontais tithíochta den chéad uair sa bhliain 1929 nuair a achtaíodh Acht le deontais a cheadú sa Ghaeltacht agus rinneadh leasuithe éagsúla ar an Acht sin sé huaire ó shin.

Sa bhliain 2001 a rinneadh na leasuithe ba dheireanaí ar an reachtaíocht agus cé go bhfuil na scéimeanna deontais ar fionraí le hocht mbliana tá an reachtaíocht a cheadódh don Aire deontais a íoc ina dlí fós.

Tugadh le fios an tseachtain seo caite nach mbeadh Scéim na mBóithre Áise atá faoi scáth Roinn na Gaeltachta le cur ar bun arís ach an oiread cé go bhfuil scéim bóithre áise nua ar na bacáin roimh dheireadh na bliana ag an Roinn Tuaithe agus Pobail seachas ag Roinn na Gaeltachta.

Bhí na Scéimeanna Tithíochta agus Scéim na mBóithre Áise i measc na scéimeanna Gaeltachta ar cuireadh deireadh leo le linn na géarchéime eacnamaíochta. Faoi Scéim na mBóithre Áise sa Ghaeltacht chuirtí cúnamh ar fáil do dhaoine  feabhas a chur ar bhóithre nach dtagann faoi chúram na gcomhairlí contae, bóithre portaigh, bóithre go dtí goirt, céanna agus a leithéid.

Fág freagra ar 'Scéim na ndeontas tithíochta sa Ghaeltacht le fanacht ar fionraí'