Scéim na mBóithre Áise le tabhairt ar ais, ach ní ag Roinn na Gaeltachta

Faoi Scéim na mBóithre Áise sa Ghaeltacht chuirtí cúnamh ar fáil do dhaoine feabhas a chur ar bhóithre nach dtagann faoi chúram na gcomhairlí contae, bóithre portaigh, bóithre go dtí goirt, céanna agus a leithéid

Scéim na mBóithre Áise le tabhairt ar ais, ach ní ag Roinn na Gaeltachta

An tAire Michael Ring

Tá sé i gceist Scéim na mBóithre Áise a chur ar bun arís do cheantair tuaithe, ach tá an scéim chéanna a bhíodh á soláthar sa Ghaeltacht fós ar fionraí. Faoi Scéim na mBóithre Áise sa Ghaeltacht chuirtí cúnamh ar fáil do dhaoine  feabhas a chur ar bhóithre nach dtagann faoi chúram na gcomhairlí contae, bóithre portaigh, bóithre go dtí goirt, céanna agus a leithéid.

Bhí Scéim na mBóithre Áise i measc na scéimeanna Gaeltachta ar cuireadh deireadh leo le linn na géarchéime eacnamaíochta, ach tá scéim bóithre áise nua ar na bacáin roimh dheireadh na bliana. Is í an Roinn Tuaithe agus Pobail seachas Roinn na Gaeltachta a chuirfeadh an scéim nua ar bun. Dheimhnigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys go raibh Scéim na mBóithre Áise a bhíodh ag Roinn na Gaeltachta fós ar fionraí, ach thug sí le fios go raibh sé i gceist ag a comhghleacaí an tAire Michael Ring a leithéid de scéim a bhunú athuair.

“Mar gheall ar thosca airgeadais tá an ciste agus an scéim faoinar ceadaíodh oibreacha den chineál seo ar fionraí anois. Tuigim, áfach, go bhfuil mo chomhleacaí, an tAire Gnóthaí Tuaithe agus Pobal ag breathnú ar na féidireachtaí chun scéim bóithre áise a chur i bhfeidhm i 2017,” a dúirt an tAire Humphreys agus ceist á freagairt aici a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív uirthi.

Tugadh le fios cheana go raibh scéim na mbóithre áise “ar fionraí” i gcónaí toisc nach raibh dóthain airgid ann chun í a mhaoiniú agus, ag an am céanna, maoiniú a chur ar fáil don phleanáil teanga agus don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne nach mbeadh sé ar chumas na Roinne Gaeltachta an scéim a athnuachan i mbliana “i bhfianaise na n-éileamh airgeadais a eascróidh as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain agus an próiseas pleanála teanga”.

Fág freagra ar 'Scéim na mBóithre Áise le tabhairt ar ais, ach ní ag Roinn na Gaeltachta'