Scéim Bunaithe agus Forbartha Gréasán seolta

Súil ag Aire Stáit na Gaeltachta go dtabharfaidh an scéim misneach do ghrúpaí beaga teacht le chéile chun imeachtaí sóisialta taitneamhacha trí Ghaeilge a chur ar bun

Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus Liam Ó Maolmhichíl, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne
Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus Liam Ó Maolmhichíl, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne

Inniu 30 Deireadh Fómhair 2014 ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, sheol Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge – Liam Ó Maolmhichíl, agus Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta – Joe McHugh, T.D.,  Scéim Bunaithe agus Forbartha Gréasán.

Is é bunaidhm na scéime úsáid na Gaeilge a normalú sa tsochaí agus deiseanna praiticiúla a chur ar fáil do phobal na tíre an Ghaeilge a spreagadh agus a éascú trí ghréasáin úsáide a bhunú agus a fhorbairt.

Ag cur fáilte roimh an Scéim Bunaithe agus Forbartha Gréasán, dúirt Joe McHugh, T.D., Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, gur cur chuige an-phraiticiúil é seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den phobal agus le tacú le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge fosta.  “Caithfear cuimhneamh go bhfuil cumas teanga ag go leor daoine ar fud na tíre ach, ceal deiseanna úsáidte, tá sé furasta misneach a chailleadh.  Tá súil agam go dtabharfaidh an scéim seo misneach do ghrúpaí beaga teacht le chéile chun imeachtaí sóisialta taitneamhacha trí Ghaeilge a chur ar bun sa phobal. Mar a deir an seanfhocal, ‘as síol beag a fhásann an crann is airde’.”