Sceideal TG4 an fhómhair – cainéil nua, raidhse spóirt agus easpa drámaíochta

Seoladh sceideal fómhair TG4 an tseachtain seo. Seo iad na rudaí a rith lenár gcolúnaí teilifíse…

Sceideal TG4 an fhómhair – cainéil nua, raidhse spóirt agus easpa drámaíochta

Cainéil nua

Is uaillmhianach an mhaise é do stáisiún a chraolann i dteanga mhionlaigh atá faoi bhagairt an dara agus an tríú cainéal a chur sa tsiúl. Is iarracht ionraic é cainéal Cúla4 le freastal níos forleithne a dhéanamh ar dhaoine óga.

An breac sa bhainne ná go gcaithfear go leor ábhar a chur ar fáil agus lucht féachana réasúnta a mhealladh. Fuair TG4 maoiniú breise chun tabhairt faoin togra ach fós féin is cainéal ann féin a bheidh ann agus caithfear fuint de réir na mine.

Cén freastal a dhéanfar ar dhaoine óga ar an bpríomhchainéal? An mbeidh trasnáil nó dúbláil i gceist? An athchraoltaí a líonfaidh an bhearna ar an bpríomhchainéal. Níl an brú céanna i gceist le TG+1, lorg coise an stáisiúin a mhéadú an sprioc, gan mórán infheistíochta. Seans go mbeidh tóir air do chraoltaí beo spóirt.

Cláir faisnéise

Tá cláir faisnéise mar mháithreacha le sceideal TG4 ó thosach aimsire. Saothair nach bhfuil chomh costasach sin le déanamh agus a mheallann lucht féachana réasúnta. Le blianta beaga anuas bhí sé le sonrú go raibh níos mó agus níos mó Béarla ag sleamhnú isteach sna cláir. Beidh le feiceáil an mbeidh aon athrú ar an nós sin.

Beidh Cormac Ó hAdhmaill mar láithreoir ar Rúin na bPortach, sraith a dhíreoidh ar thailte portaigh na hÉireann. Beidh Seán Mac an tSíthigh chugainn le Rún na Bóinne, saothar a raghaidh sa tóir ar an dara seomra i Sí an Bhrú. Lena gcois siúd beidh cláir agus sraitheanna againn faoi tharrthálaithe na hÉireann, toibreacha beannaithe agus Aerfort Dhún na nGall.

Spórt agus ceol

Ní gá ach sracfhéachaint a chaitheamh ar an sceideal le tuiscint a fháil ar cé chomh lárnach is atá an ceol agus an spórt sa sceideal. Cláir iad seo a mheallann go leor daoine ar bheagán nó gan aon Ghaeilge. Naoi gcinn de shraitheanna/cláir cheoil atá sa sceideal. Ó thaobh an spóirt de beidh craoltaí beo ar fchluichí iománaíochta, peile, sacair agus rugbaí.

Ó thaobh CLG beidh craoladh ar chluichí Sraithe, Craobh na gClubanna, Peil na mBan, Comórtais Faoi Aois agus na Craobhacha Dara agus Tríú Leibhéal. Beidh Laochra Gael ag filleadh le hochtar eile faoi chaibidil. Díol suntais gur sacar atá idir chamáin sa tsraith is déanaí de Underdogs.

Louise Cantillon. Pictiúr: Gareth Chaney/Collins Photos

Cúrsaí drámaíochta

Seachas Ros na Rún tá pinginí drámaíochta uile an stáisiúin curtha sa scéim Cine4. Taispeánadh an chéad scannán ón scéim, Finky in 2019 agus beidh an séú saothar, Tarrac, chugainn sna pictiúrlanna ar an 6 Deireadh Fómhair. Dhá shaothar in aghaidh na bliana a bhí in ainm is a bheith againn agus tuigim gur bhain an phaindéim barrthuisle as cách ach níltear ag sluaisteáil chugainn chomh tapaidh agus ba cheart, go háirithe chun tógáil ar an rath a bhí ar An Cailín Ciúin.

Tá sin tábhachtach mar níl aon sraitheanna drámaíochta nó gearrscannán á ndéanamh ag an stáisiún faoi láthair. An féidir an dá thrá a fhreastal ó thaobh na drámaíochta?

Cúrsaí Reatha

Bhíothas ag cáiseamh le fada an easpa sa soláthar nuachta agus cúrsaí reatha ar TG4. I dtosach na bliana craoladh an chéad chlár den tsraith iniúchta, Iniúchadh TG4. Bhí a maitheasaí agus laigeachtaí féin ag baint leis an tsraith sé chlár. Ábhar iontais gur beag tagairt atá i gcáipéisíocht an sceidil don tsraith ach a rá go mbeidh sí ann.

Glacaim leis gur sé chlár a bheidh i gceist. An éireoidh le RTÉ buntáiste a bhreith ar TG4 ó thaobh cúrsaí reatha lena gclár nua beo Fóram, a bheidh á chraoladh go luath ar RTÉ 1? Céim thábhachtach eile chun cinn é seo cé nach bhfuilim róthógtha leis an smaoineamh go mbeidh ról an láithreora á bhabhtáil. Ceist eile ná cén trasnáil agus comhoibriú a bheidh idir an clár seo agus 7Lá, clár a dhéanann RTÉ do TG4?

Fág freagra ar 'Sceideal TG4 an fhómhair – cainéil nua, raidhse spóirt agus easpa drámaíochta'