Scéalta spóirt: Cuma na maitheasa ar Aki, Towell agus Raonaithe na Croise…

Tuilleadh brú ar Aki, a bhfuil i ndán do Richie Towell agus cuma na maitheasa ar Raonaithe na Croise…

Bundee Aki agus Jack Carty tar éis do Aki úd a scóráil ar an deireadh seachtaine. INPHO/James Crombie
Bundee Aki agus Jack Carty tar éis do Aki úd a scóráil ar an deireadh seachtaine. INPHO/James Crombie

Aki ina laoch nua ag Connachta

Ba thráthúil gurbh é Bundee Aki a scóráil an t-úd a chinntigh bua stairiúil na gConnachtach i bPáirc Thuamhan ar an Satharn. Thar aon imreoir eile, b’fhéidir, is é Aki is mó a léiríonn an t-athrú atá tagtha ar Chonnachta le cúpla bliain anuas.

hamháin go bhfuil foireann Pat Lam ar bharr na sraithe ach tá siad ag stíl iontach ag baint lena gcuid imeartha.

raibh ach trí cinn de scóranna sa chluiche uile idir Cúige Uladh agus Cúige Laighean ar an Aoine, agus na foirne sin ag cur níos mó béime acu sin ar an toradh ná ar an taispeántas, toisc, is dócha, iad a bheith ag streachailt faoi láthair.

Ar an lámh eile, tá Connachta ag imirt stíl bhreá oscailte agus torthaí maithe á bhfáil acu. Cé go raibh cabhair na gaoithe ag na Muimhnigh sa chluiche ar an Satharn, ba ag Cúige Chonnacht a bhí formhór na seilbhe agus ba iad a chruthaigh níos mó deiseanna.

Aki ar cheann de na himreoirí is dainséaraí sa tsraith go dtí seo i mbliana agus léirigh an t-úd a scóráil sé an cumas atá aige, agus an tuiscint iontach atá idir é féin agus laoch eile na gConnachtach, Robbie Henshaw. Agus an drochscéal faighte acu nach mbeidh fáil ar Henshaw anois go ceann sé seachtaine de bharr gortú láimhe, beidh níos mó brú fós ar Aki coinneáil leis mar atá.

Fear nua Brighton & Hove Albion, Richie Towell. INPHO/Ciaran Culligan
Fear nua Brighton & Hove Albion, Richie Towell. INPHO/Ciaran Culligan

B’fhearr do Towell rudaí a thógáil go réidh

Bhí go leor cainte ann le cúpla seachtain anuas faoi thodhchaí Richie Towell, imreoir na bliana i Sraith na hÉireann an séasúr seo. Agus é ag imirt i lár na páirce, scóráil Towell 25 cúl do Dundalk i mbliana agus bhí soiléir go maith nach mbeadh sé ag imirt sa tír seo ar feadh i bhfad eile.

Fógraíodh inné gurb iad Brighton & Hove Albion a shínigh Towell agus ar an gcéad amharc, is rogha iontach iad do Towell. Faoi láthair, tá siad ar bharr an tábla sa Championship, gan aon chluiche caillte acu i mbliana. Faraor, cruthaíonn sé sin deacrachtaí do Towell chomh maith. De bharr go bhfuil ag éirí chomh maith sin le Brighton, beidh sé deacair ag an Éireannach áit a fháil ar an bhfoireann. Is léir, áfach, gur duine muiníneach é Towell.

Agus é ag caint thar an deireadh seachtaine, dúirt sé go raibh súil aige áit a bhaint amach ar fhoireann na hÉireann do Chraobh na hEorpa 2016. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é, ach toisc nach bhfuil aon chluiche imeartha fós aige do Brighton agus nach mbeidh sé in ann imirt go dtí Eanáir, seans go mbeadh sé níos fearr as díriú ar an dúshlán atá roimhe faoi láthair seachas a bheith ag cuimhneamh ar an bhFrainc an samhradh seo chugainn.

Foireann Raonaithe na Croise a bhuaigh Craobh Uladh. INPHO/Presseye/Declan Roughan
Foireann Raonaithe na Croise a bhuaigh Craobh Uladh. INPHO/Presseye/Declan Roughan

Raonaithe Ard Mhacha ag díriú ar churiarracht Raonaithe Chorcaí

Go dtí gur scóráil Michael Quinlivan cúl an bhua do Chluain Mealla agus an t-am beagnach caite i Mala, bhí seans fós ann go gcasfadh Raonaithe na Croise agus Raonaithe Nemo ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair. Agus an oiread sin ratha ar na foirne le roinnt blianta anuas, is aisteach nár chas siad ar a chéile roimhe seo ach beidh orainn fanacht chun an cath áirithe sin a fheiceáil.

go bhfuil Nemo díbeartha as an gcraobh anois, beidh a n-imeacht ina ábhar spreagaidh do Raonaithe na Croise. Seacht n-uaire atá Corn Andy Merrigan buaite ag na Corcaígh, uair amháin níos mó fir an tuaiscirt agus is cinnte go mbeidh foireann Oisín McConville ag iarraidh an scéal sin a chur ina cheart san earrach.

Is iad Raonaithe na Croise rogha na coitiantachta faoi láthair ag na geallghlacadóirí. Léiriú ar a fheabhas atá siad gur féidir leo imreoir mar Jamie Clarke a fhágáil ar an mbinse. Ní haon iontas, más ea, gurb iad rogha na coitiantachta iad.