Scéalta an phobail ó Bhéal Feirste

Tá scéal phobal na Gaeilge i mBéal Feirste na dTrioblóidí ar fáil i gcartlann nua

Seán Mac Seáin faoi agallamh ag Eoghan Ó Néill ó Raidió Fáilte ag seoladh Pieces of the Past, leabhar ina bhfuil sleachta ó Chartlann Dúchas Chomhairle Phobal na bhFál.
Seán Mac Seáin faoi agallamh ag Eoghan Ó Néill ó Raidió Fáilte ag seoladh Pieces of the Past, leabhar ina bhfuil sleachta ó Chartlann Dúchas Chomhairle Phobal na bhFál.

Tá daoine ann ó thuaidh a chaith a saol ag cur na Gaeilge chun cinn ag tráth a raibh coimhlint armtha ag dul ar aghaidh. Gnáthdhaoine in aimsir neamhghnách.

Anois, tá scéal chuid na ndaoine sin le cluinstin agus le léamh i mbailiúchán agallamh a chuir Comhairle Pobal na bhFál le chéile don chartlann stair bhéil, Dúchas, atá lonnaithe ina n-oifigí ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste.

Idir 2012 agus 2014 bailíodh níos mó na 100 agallamh mar chuid den togra ‘Pieces of the Past’. Ba í Comhairle na bhFál a thosaigh an togra ach de réir a chéile, tháinig grúpaí éagsúla isteach sa scéim, ina measc Ionad Ban na Seanchille, Forbairt Feirste, Charter NI agus an Shankill Area Social History, le cinntiú go mbeadh a oiread grúpaí éagsúla agus is féidir a bheith páirteach ann.

Le cabhair Forbairt Feirste, rinneadh ocht gcinn déag d’agallaimh i nGaeilge inar chuir baill de phobal na Gaeilge síos ar an taithí a bhí acu mar Ghaeilgeoirí le linn na dTrioblóidí.

Ba é an Feirsteach óg, Aodh Ó Corcráin, a chuir agallamh ar bhunús na nGael ach conas a roghnaíodh na daoine a rachadh faoi agallamh?

“Roghnaíodh daoine a bhí os cionn 50 bliain d’aois mar gheall go raibh muid ag iarraidh a theacht ar dhaoine a bhí beo le linn na dTrioblóidí, a raibh Gaeilge agus arb as Béal Feirste ó dhúchas dóibh,” a deir Ó Corcráin.

Ach ní stair na Gaeilge ná stair na coimhlinte atá á ríomh, dar leis, ach scéalta pearsanta na nGael a mhair fríd an tréimhse sin. Deir sé gur fhoghlaim sé féin cuid mhór ó bheith ag éisteacht leis na hagallaithe.

“Bhí sé iontach suimiúil a fháil amach faoin ról a d’imir na mná in athbheochan an Gaeilge i mBéal Feirste le caoga bliain anuas – b’fhéidir gurbh iad na fir a tháinig aníos leis na smaointe ach ba iad na mná a choinnigh na scoileanna ag dul agus mar sin de.’

‘Rud eile a bhí suimiúil ná an fhealsúnacht a bhí ag cuid de na hiarchimí ar labhair mé leo. Bhí sé iontach bheith ag caint le daoine nach n-aontóinn leo. Bhí sé spéisiúil bheith ag éisteacht leo ag caint ar an fhealsúnacht a threoraigh a saol.”

Bhí sé tógtha chomh maith le héirim na ndaoine a bhí faoi agallamh.

“Rud eile a thagann fríd na hagallaimh ná cad é chomh hoilte is a bhí na daoine, ar cuid den aicme oibre iad uilig. Ach mar gheall go raibh Gaeilge acu, mar gheall go raibh na heispéiris iontacha seo acu, bhí siad thar a bheith cliste, thar a bheith intleachtúil cé nár chaith bunús acu lá ar ollscoil.”

Sna hagallaimh seo tá cuntas na ndaoine a bhí i gcroílár na díospóireachta ag tréimhse thar a bheith corraitheach ina raibh an foréigean ina bhagairt don uile dhuine. D’éirigh le na daoine seo fealsúnacht uilechuimsitheach Ghaelach a chur chun cinn.

I measc na ndaoine ar cuireadh agallamh orthu, tá Seamus agus Seán Mac Seáin, Bríd agus Máire Mhic Sheáin, Seán Mac Aindreasa, Marcas Mac Ruairí, Pilib Ó Ruanaí agus Séanna Breathnach.
Ba í Claire Hackett a bhunaigh an chartlann stair bhéil i 2000 agus tá corradh le 200 agallamh déanta le daoine ó gach cúlra polaitiúil i mBéal Feirste le fáil ann.

– Is féidir éisteacht le hábhar na cartlainne ach coinne a dhéanamh le Claire Hackett ag 028 (nó 048 ó dheas) 9020 2030