Gaelghiolcaire na Seachtaine
Ainm?
@bealoideasucd (Folklore Archive UCD)
Cé hé féin?
Is cuntas thar a bheith nua é seo, a osclaíodh ag tús na míosa. Cuntas oifigiúil Chnuasach Bhéaloideas Éireann, atá lonnaithe i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, atá ann. Bíonn an cuntas ag tarraingt ar bhailiúchán scéalta, pisreoga agus eile ó thraidisiún saibhir an bhéaloidis in Éirinn.
Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
Ó tharla nach bhfuil an cuntas seo ar an bhfód chomh fada sin – diabhal mórán! Ach tús maith leath na hoibre agus tá muid ag súil le tuilleadh rudaí spéisiúla uathu amach anseo. Cheana féin, tá seoidíní béaloidis Gaeilge, Béarla agus Gáidhlig curtha amach ag an suíomh. Coinnígí súil air!
Giolc na Seachtaine
‘Kardashian’ as Gaeilge: fóiseach, a., indolent, self-indulgent, having an excess of animal spirits through good living and idleness.
— Dinneen’s Dictionary (@AnDuinnineach) December 5, 2015
Rugadh leanbh nua do Kanye West agus Kim Karadashian an tseachtain seo caite. Ní théann tada amú ar an gcuntas Twitter @AnDuinnineach, a chuireann giolcacha ábhartha amach nuair a bhíonn scéal mór i mbéal an phobail. Ní déarfaidh muid a thuilleadh faoi.
Ragham amú tamall eile…
Is iomaí leagan de ‘Síscéal Nua-Eabhrach’, nó ‘Fairytale of New York’ atá déanta i nGaeilge faoin tráth seo ag leithéidí lucht Imram, TG Lurgan, cliar Ros na Rún agus Seo Linn. Is é an dineasár Gaelach T-Rex Ó Saurus agus a chairde an dream is deireanaí le aghaidh a thabhairt ar an amhrán aitheanta.
D’úsáid T-Rex na focail a chóirigh Ros na Rún, a bhfuil rian láidir den aistriúchán a rinne TG Lurgan le cloisteáil ann. Ní ach coicís fágtha anois go dtí an Nollaig, mar sin géillfidh Scéalta ón gCibearspás d’aimsir an féile agus crochfaidh muid an t-amhrán breá seo.
An chaint sa tsráidbhaile ar líne…
Seoladh Ravelóid i gCearnóg Theach an Tionóil i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite. Bhí an aimsir go hainnis ach tháinig slua mór daoine amach chuig an ócáid ag a raibh The Delorentos agus Kíla ag casadh.
Bhí Twitter beo le giolcacha, ón bpobal Gaeilge agus Béarla araon, faoin mórfhéile Ghaeilge a bheidh ar siúl i gCaisleán Ard Giolláin an 10-11 Meitheamh.
Ba é Eoghan Mac Diarmada, láithreoir raidió le RTÉ 2fm, a sheol an fhéile Dé Céadaoin agus ba léir gur thaitin táirgí an Daingin go mór leis.
Who doesn’t love some gnéas on a cold winter’s night? #Raveloid pic.twitter.com/aXAEQsisyW
— Eoghan McDermott 2fm (@Eoghan2FM) December 9, 2015
Craoladh clár Mhic Dhiarmada beo ó láthair an tseolta agus bhí pobal na Gaeilge ar fud na tíre ag éisteacht go géar leis an gcur síos a rinne Tomaí Ó Conghaile ar Ravelóid.
Jeepers lads! Ag éisteacht le @Eoghan2FM & @TomaiRua ag cuir síos ar @Raveloid! Beidh sé ina chraic! #Gaeilge
— Baba Ní Fhlatharta (@BabaNiF) December 9, 2015
@Raveloid Ravelóid 2016 – an nuacht is fearr a chuala mé le déanaí! Sceitimíní an domhain orm anois :-) #Gaeilgeabú
— Margaret M (@MargaretMmmalot) December 9, 2015
Sceitimíní an domhain orm faoi #ravelóid ! Súil a’m go dtugann sibh cúpla péire do Dhaidí na Nollag @Raveloid https://t.co/EYS6M1KkHM
— Áine Ní Chathaláin (@anniebananee01) December 9, 2015
Is léir nár chuir an drochaimsir isteach ar lucht freastail an tseolta ach an oiread – crochadh neart pictiúr ón ócáid ar Twitter i gcaitheamh an tráthnóna.
There’s @Eoghan2FM ag caint as gaeilge at #raveloid launch in Dublin anocht – bualadh bos! pic.twitter.com/Yev4yCOUkj
— Regina Looby (@reglooby) December 9, 2015
Tá an @Raveloid Seolta! @kila pic.twitter.com/3JNJ2DqEPb
— Ian Mac Murchaidh (@imacm87) December 9, 2015
Tá spéis léirithe ag cúpla duine i dticéid cheana féin:
Seen a group tonight at #Raveloid launch in dublin called #Kíla … What a band !! Booking my tickets in the morning #Raveloid
— Dj Stanton (@aaronstanton95) December 10, 2015
@Raveloid hey lads an bhfuil na ticéidí chun fanacht ar an luathpraghas ar feadh tamaill?
— Nikki NíRaifeartaigh (@MunchkinNikki) December 10, 2015
Ach tá díomá ar roinnt daoine eile go mbeidh siad gafa le scrúduithe stáit nuair a bheidh an fhéile ar siúl!
When @Raveloid is on during the Leaving Cert
— Abby. (@abbyor2) December 10, 2015
Is trua mór é go mbeidh @Raveloid i rith na hArdteist
— Cian O’Toole (@cianotuathail) December 10, 2015
Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás…Béaloideas, Ravelóid, Kayne West agus T-Rex'