Scéalta ón gCibearspás (Saighdiúirí 1916, Why bóther agus cruinnithe @tuismitheoiri)

Colúin le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@Gaelgory (T-Rex Ó Saurus)

Cé hé féin?

An Tyrannasourus Gaelus. Dineasár sách óg (thart ar 64,000,000 bliain d’aois) is ea T-Rex, nó Reicsí mar a thugann a dhlúthchairde air, atá ag foghlaim na Gaeilge le tamall de bhlianta anuas. Tá cuntas Twitter, Facebook, Instagram agus YouTube aige agus cuireann sé síos ar a “aistear teanga”, mar a thabharfadh an tAire Gaeltachta air, tríd na meáin sin.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Na rudaí céanna a bheadh dineasár ar bith eile ag giolcaireacht fúthu ach amháin go bhfuil sé i nGaeilge! Tá saol an tyrannasaur bháin ag T-Rex agus is minic a thugann sé cuairt ar áiteanna agus ar dhaoine spéisiúla. Faoi láthair tá sé ar cuairt i gColáiste Lurgan in Indreabhán i gCois Fharraige agus tá neart pictiúr den chraic agus den spraoi sa choláiste Gaeilge cáiliúil á gcrochadh aige ar Twitter.

Cén fáth a leanfainn é?

Tá T-Rex craiceáilte agus is é sin an phríomhchúis ar cheart do gach Gaeilgeoir Digiteach é a leanacht ar gach aon ardán. Bíonn sé ar Twitter go minic agus is air sin is féidir labhairt leis agus bí cinnte go bhfreagróidh sé thú. Feicfidh tú naisc chuig na leathanaigh eile atá aige, ar na meáin eile, bailithe in aon áit amháin ar a chuntas Twitter agus is bealach iontach é le saol an dineasáir Ghaelaigh a leanacht. Bainfidh tú taitneamh as a chuid jócanna uafásacha agus déanfaidh tú iontas dá chuid pictiúir iontacha.

Anuas air sin, tá T-Rex go maith go lucht na scoile. Tá barúil againn go bhfuil sé an-mhór le múinteoir scoile a bhíonn ag múineadh na Gaeilge dó agus crochann sé leideanna staidéir agus nodanna don Teastas Sóisearach agus don Ardteist. Ach ní luafaidh muid na rudaí lofa sin agus an ghrian ag scaladh anuas orainn!


Giolc na Seachtaine

Fear mór jócanna is ea @DirkVanBryn agus go deimhin bhí cúpla seoid uaidh ar Scéalta ón gCibearspás cheana féin. Thóg sé an pictiúr seo i Mullach Íde i dtuaisceart Átha Cliath agus is cinnte go mbeadh aitheantas tuillte ag an gcomhartha seo ar Amú san Aistriúchán… ach is é trácht Derek is mó a thaitin linn ‘why even bóther?’. An-chliste go deo.

 


 

Ragham amú tamall eile…

 

D’fhoilsigh Cartlann an Airm, den chead uair riamh, liosta na ndaoine a throid ar son na hÉireann le linn Sheachtain na Cásca 1916 a aithníodh dá seirbhís mhíleata. D’eascair an liosta ó obair atá ar bun ag Togra Pinsin na Seirbhíse Míleata i nDún Chathail Bhrugha i mBaile átha Cliath. Áirítear i measc na ndaoine ar an liosta baill Óglaigh na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann agus Cumann na mBan.

 

Tá cúpla duine Gaeltachta agus go leor ainmneacha Gaelacha le feiceáil ar an liosta, ina measc, Seán T. Ó Ceallaigh a chuaigh ar aghaidh go hÁras an Uachtaráin; Mícheál Ó Droighneáin as na Forbacha i nGaillimh; agus Ailbhe Ó Monacháin, seanuncail na n-iriseoirí aitheanta Ailbhe agus Sorcha.

 


 

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

 

Bíonn Scéalta ón gCibearspás ag coinneáil súil ghéar ar a bhfuil ag tarlú i saol na nGael ar líne agus an tseachtain seo chonaic muid cuntas amháin arís agus arís eile – @tuismitheoiri

 

Seo ceann na heagraíochta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, a bunaíodh i gConamara cúpla bliain ó shin le cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

 

Reáchtáil Tuismitheoirí na Gaeltachta sraith cruinnithe ar na moltaí a rinne an Roinn Oideachais don oideachas Gaeltachta i gcúpla ionad timpeall Ghaeltacht Chonamara an tseachtain seo. Tá cruinniú eile le bheith ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo.

 

Bhí @tuismitheoirí ag giolcaireacht beo ó na cruinnithe in Indreabhán agus i gCarna an tseachtain seo agus rinneadh go leor de na giolcacha sin a athghiolcadh.

 

Seo cúpla ceann spéisiúil ón bplé sin.

 

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás (Saighdiúirí 1916, Why bóther agus cruinnithe @tuismitheoiri)'