Scéalta ón gCibearspás (le CLG Go Deo,@bualtin agus ‘An chaint sa tsráidbhaile ar líne’)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@beo_clg (CLG Go Deo)

Cé hé féin?

Cuntas neamhoifigiúil a dhíríonn ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael agus an chaint ar fad i nGaeilge uaidh.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Cúrsaí peile agus iomána den chuid is mó ach bíonn corrghiolc anseo is ansiúd faoin liathróid láimhe freisin. Leanann an cuntas seo formhór na gcumann CLG timpeall na tíre, go háirithe na cumainn Ghaeltachta agus iad sin a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge, agus is áit mhaith é le súil sciobtha a chaitheamh ar na cluichí Gaelacha ar Twitter.

Cén fáth a leanfainn é?

Más spéis leat cúrsaí CLG ar chor ar bith, ba cheart duit a bheith ag leanacht an chuntais seo. Coinnítear súil ghéar ar mhórchluichí na ndeirí seachtaine ann agus faightear léargas maith ar ar tharla ar an bpáirc imeartha.

Giolc na Seachtaine

Tá go leor cainte tarraingthe ag colún nua de chuid Tuairisc.ie dar teideal ‘Nach deas é?’ a phléann nathanna deasa cainte ó cheantair éagsúla Ghaeltachta.

An tseachtain seo, pléadh an uimhir ‘7’ agus an luach a chuireann na Gaeil uirthi.

Thaitin freagra glic Sheáin Mhic an tSíthigh ar an alt go mór linn i Scéalta ón gCibearspás.

Ragham amú tamall eile…

Chroch TG Lurgan an físeán seo thart ar choicís ó shin ach tá muid fós faoi gheasa aige. Is iontach an fhorbairt atá déanta ag an gColáiste Gaeilge in Indreabhán ar a mhodhanna oibre i gcaitheamh na mblianta: ó na leaganacha luatha cáirióice go dtí an leagan álainn seo a taifeadadh beo in Óstán na Páirce ar an Spidéal.

Is é seo an chéad uair a rinneadh taifead mar seo ar amhrán TG Lurgan. Labhair Scéalta ón gCibearspás le Jenny Ní Ruiséil, príomhamhránaí an fhíseáin, faoin modh nua taifeadta seo.

“Rinne muid beo é, mar sin gach rud a chloistear ar an traic, is iad na huirlisí a fheiceann tú sa bhfíseán atá á chasadh. Rinne muid cúpla téic ach ar deireadh, rinne muid in aon téic amháin é.

“Gach físeán eile, tá na gasúir ag canadh agus ag casadh an cheoil, ach is réamhthaifead é agus déanann muid an físeán a thaifead ina dhiaidh. Rinneadh gach rud ag an am céanna an uair seo. Bhí muid ag iarraidh é a thriail agus d’éirigh linn, agus tá muid an-sásta leis,” a dúirt Ní Ruiséil.

Tá idir chinnirí ranga, chúntóirí an choláiste agus daltaí le feiceáil agus le cloisteáil san fhíseán agus dúirt Ní Ruiséil go raibh ‘an t-ádh linn leis na huirlisí’ a bhí ar an gcúrsa.

“Daltaí Chúrsa B atá san fhíseán agus bhí siad an-cheolta mar ghrúpa, go háirithe leithéidí Aisling ar an dordveidhil. Chum na daoine ar na téaduirlisí a bpíosaí féin agus bhí siad an-sásta a bheith páirteach sa rud,” a dúirt sí.

Rinneadh taifead beo ar amhrán eile de chuid Hozier agus táthar ag súil go gcrochfar ar leathnanach YouTube TG Lurgan go luath é.

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Spreag alt Antain Mhic Lochlainn go leor cainte ar an suíomh seo agus ar na meáin shóisialta an tseachtain seo freisin. Thug Antain faoi ‘Camchuairt na hÉireann i maslaí’ agus phléigh sé bailte a luaitear nuair atáthar ag tabhairt íde béil do dhuine nó á mhaslú.

Ar ndóigh, bhí neart samplaí dá gcuid féin le roinnt ag léitheoirí Tuairisc.ie le hAntain.

“Bhí sé sa Bhéarla anso tráth – ‘I wish you were at Dingle-y-coosh’ áit éigin iargúlta gan mhaith. Agus tá rann beag againn díreach cosúil le ceann na nDéise thuas – ‘Baile na hAbha, baile cois abhann/baile beag briste, lámh le huisce/is mná gan tuiscint ann’,” a dúirt ‘Dáithí’ linn.

Ba bheag an meas a bhí ag Colm de Bhailís ar mhuintir Inis Meáin, más fíor don sliocht a d’fhág ‘Micil’ faoi alt Antain. Deir Micil nár fháiltigh muintir Inis Meáin i gceart roimh de Bhailís nuair a thug sé cuairt ar an oileán.

“Inis Meáin, Inis gan arán, Inis gan gortach/Mara dtabharfaidh tú leat arán/An lá a ghabhfas tú ann/Beidh tú an lá sin ‘do throscadh,” a dúirt Colm de Bhailís.

Chuir Seán isteach ar fhear as Carna a dúirt leis “gabh soir” go Béal Átha na Sluaighe.

“‘Ga(ibh) soir’ a dúirt fear tonnaosta liom uair amháin i gCarna nuair a bhí mé ag féachaint róghéar isteach ina churrach (soir go Béal Átha na Sluagh; mar a raibh/bhfuil teach na ngealt!),” a scríobh sé.