Scéalta ón gCibearspás (Eagrán Sheachtain na Gaeilge)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine 

Screen Shot 2015-03-06 at 19.07.43

Ainm?

@SnaGaeilge (Seachtain na Gaeilge)

Cé hiad féin?

Cuntas oifigiúil na féile is mó (agus na seachtaine is faide) i saol na Gaeilge. Tá foireann SnaG lonnaithe in Uimhir 6 Sráid Fhearchair ach bíonn an Fhéile Ghaeilge agus Chultúir á ceiliúradh ar fud na cruinne. Cruinníonn an cuntas seo na giolcacha ar fad faoin bhféile in aon áit amháin.

Céard faoi a mbíonn siad ag giolcaireacht?

Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Bíonn eolas faoi imeachtaí na féile á scaipeadh acu agus déanann siad pictiúir agus físeáin ó ghiolcairí eile atá ag glacadh páirte san fhéile. Bíonn corrchomórtas á reáchtáil acu freisin!

Cén fáth a leanfainn iad?

Faightear léargas iontach ar Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre agus go deimhin féin ar fud na cruinne ar an gcuntas seo. Ardófar do mheanma, tógfar do chroí agus músclófar do mhisneach agus tú ag breathnú ar ghrianghraifeanna spleodracha meidhreacha ó gach cearn den tír de mhuintir na hÉireann ag ceiliúradh na teanga.

Is foinse mhaith eolais é freisin ar imeachtaí mórá náisiúnta chomh maith le himeachtaí áitiúla. Bígí cinnte go labhraíonn sibh le @SnaGaeilge faoin haischlib #SnaG2015 i gcaitheamh na coicíse.

Giolc na Seachtaine

I measc na ngiolcacha ar fad faoi imeachtaí Gaeilge, físeáin Ghaeilge, pictiúirí ó Ghaelscoileanna agus an Gaelachas i nginearálta, gheobhaidh a té a leanfas #SnaG2015 an giolc fánach seo:

Is cosúil go raibh Wendy bhocht i mbun cniotála ag tús na bliana nuair a chuir sí an chéad ghiolc amach faoi Sheachtain na Gaeilge – i ngan di féin!

Bhí sí ag cniotáil le croisín nuair a chuaigh an téad i bhfostú – nó mar a deir an Béarla “It got snagged”!

Ní dóigh linn go bhfuil a fhios ag Wendy go bhfuil “gigantic SnaG” dár gcuid féin againn anseo in Éirinn ach déarfadh muid gur mó taitneamh atá muidne ag baint as ár gceann-na!

Ragham amú tamall eile
Chuir an clár PONC, a bhíonn ar TG4 sa tráthnóna, an físeán deas seo ar YouTube Dé Céadaoin le tús a chur le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge.

“Le tús curtha le Seachtain na Gaeilge tá muid ar fad ag déanamh iarracht breise an Ghaeilge a labhairt – ná déanaigí dearmad go bhfuil cúpla focal ag na celebs freisin,” a scríobhadh faoin bhfíseán.

Is éard atá ann na bailiúchán de na habairtí Gaeilge a dúirt aisteoirí agus daoine eile móra le rá a bhí ina n-aíonna ar an gclár i gcaitheamh na bliana, cliar an scannáin Star Trek into the Darkness agus Orlando Bloom san áireamh. Is anseo a chualathas an focal Gaeilge atá ar “Whammy” den chéad uair freisin – vamvuí!

An Chaint sa tSráidbhaile ar líne

Is beag caint a bhí sa tsráidbhaile digiteach an tseachtain seo ach an méid a bhí le rá ag daoine faoi Sheachtain na Gaeilge féin. Mar sin, in áit anailís nó achoimre a dhéanamh ar dhíospóireacht nó conspóid na seachtaine crochfaidh muid roinnt pictiúirí ó na meáin shóisialta d’imeachtaí na seachtaine.

 

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás (Eagrán Sheachtain na Gaeilge)'