Scéalta ón gCibearspás (eagrán #OnaS15)

Colúin le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-11-05 at 21.03.31Ainm?

@OirNaGaeilge (An tOireachtas)

Cé é féin?

Cuntas oifigiúil Oireachtas na Samhna (nó Oireachtas na Gaeilge mar a thugann siad orthu féin gach dara Luan a bhíonn an ghealach leathlán). Más súil siar sciobtha ar imeachtaí na féile atá uait, ní gá ach póirseáil trí ghiolcacha an chuntais seo le cúpla lá anuas.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Céard eile ach an tOireachtas. Nuair a bhíonn an tOireachtas ar siúl, crochtar pictiúir agus eolas eile ar an gcuntas seo ach bíonn sé sách gníomhach i gcaitheamh na bliana freisin ag scaipeadh eolais faoin Oireachtas agus ag meabhrú dúinn gurbh fhiú cur suas le laethanta gréine cois farraige – mar go mbeidh an tOireachtas linn mí na Samhna!

Giolc na Seachtaine

Cén fáth a dtéann muid chuig an Oireachtas? Le Corn Uí Riada a fheiceáil? Castáil le seanchairde agus le cairde nua? An Ghaeilge a labhairt 24/7 taobh amuigh den Ghaeltacht? Ní hea, ach chun dríodar an phíotsa a ithe ó bhosca a frítheadh i lár pasáiste óstáin. #buaicphointe

Ragham amú tamall eile

Le cúpla bliain anuas, bíonn grúpaí mac léinn agus eile ag triall ar an Oireachtas le físeáin Otv a dhéanamh le linn na féile. Is féidir breathnú ar na físeáin atá déanta ag Otv i gcaitheamh na mblianta.

Daoibhse nach raibh an t-ádh oraibh a bheith i láthair sa Citywest an deireadh seachtaine seo caite, gheobhaidh sibh blaiseadh den chraic a bhí ann. San fhíseán thuas, feictear an Cabaret Craiceáilte, á chur i láthair ag Rónán Mac Aodha Bhuí agus an áit plódaithe le daoine faoi fheisteas bréige.

An chaint sa tsráidbhaile

Tá an chaint ar fad le feiceáil faoin haischlib #OnaS15 ar Twitter agus Instagram!

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás (eagrán #OnaS15)'