Scéalta ón gCibearspás

Colún nua le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-02-07 at 21.11.49Ainm?

@logainm_ie (Logainm.ie)

Cé hiad féin?

Cuntas Twitter an tsuímh www.logainm.ie ar a bhfuil bunachar de logainmneacha na tíre agus eolas ina dtaobh. Is cuid de chlann cuntas é a scaipeann eolas óna suíomhanna focal.ie, logainm.ie, duchas.ie agus ainm.ie.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Logainmneacha, ar ndóigh! Scagann an cuntas seo an t-ábhar ar fad atá le fáil ar logainm.ie agus scaipeann ar Twitter é. Bíonn #LanL á rith aige chuile lá (nó Logainm an Lae) agus go hiondúil bíonn téama ar leith ag baint leis na logainmneacha a chuirtear amach faoin haischlib sin. Mar shampla, aimsir na Nollag bhí go leor logainmneacha a bhain le “cuileann” agus sneachta. Ba iad, freisin, a chuir tús leis an gcaitheamh aimsire ‘’aimsigh an logainm is ‘salaí’ dá bhfuil ann’.

Cén fáth a leanfainn é?

Is mór an saibhreas atá le fáil ar logainm.ie cinnte ach is minic nach mbeadh an t-am ag duine suí síos leis agus an t-eolas a scrúdú. Cuireann @logainm_ie na míreanna is spéisiúla, is tráthúla agus, scaití, is barúla ar fáil ar bhealach éasca. Déanfaidh siad a ndícheall gach ceist a fhreagairt agus bíonn siad breá sásta páirt a ghlacadh i bplé agus díospóireachtaí faoi logainmneacha agus gnéithe díobh. Anuas air sin, bíonn an-chraic air go minic, agus d’fheicfí a leithéidí seo. 

Ragham amú tamall eile… Ní bhaineann an físeán seo le saol na Gaeilge ar líne ach ní gá teanga ar bith a bheith agat le taitneamh a bhaint as. Ó tháinig YouTube ar an bhfód deich mbliana ó shin, crochadh go leor leor físeán de gach aon chineál ar an suíomh. Ceann de na seánraí is mó a thaitníonn le Scéalta ón gCibearspás ná an beochan bog-stop. Dhéanaimis scannáin le LEGO nuair a bhí muid níos óige ach ní bhíodh an fhoighid ag Scéalta ón gCibearspás a leithéid d’fhíseán a dhéanamh go brách. D’fhoilsigh an CheesyBrick an píosa seo ar a dtugtar Péint: Gearrscannán LEGO ar YouTube ag deireadh na seachtaine seo caite agus ó shin i leith tá beagnach 150,000 duine tar éis breathnú air. Molaimis foighid, samhlaíocht agus scil an ealaíontóra. An Chaint sa tSráidbhaile ar líne D’fhág muid an geimhreadh fuar fliuch inár ndiaidh ag tús na seachtaine seo agus chuir muid fáilte roimh an earrach fuar fliuch. Mar sin, bhí go leor cainte ann ar Lá ‘le Bríde agus ar Imbolc i ar bhlaganna na nGael agus ar na meáin shóisialta. Go deimhin bhí alt ag Bridget s’againne ar chrosa Bríde agus ar an mbean í fhéin, éarlamh na gclódóirí, Bríd naofa. Agus is cinnte gur bheannaigh Bríd na clódóirí i mbliana mar ba ar lá a féile a thit féile nua na nGael ‘Leabhra Feabhra’. Ba gheall le maidin Nollag maidin an Domhnaigh seo caite agus Facebook agus Twitter lán le pictiúir de leabhra a bronnadh ar lucht na Gaeilge ar fud na cruinne – ina measc sin foireann Chormac ag 5 ar RTÉ RnaG.  

De réir gach cosúlachta d’éirigh go han-mhaith le Leabhra Feabhra i mbliana agus tuairiscíodh san iris Nós gur tháinig méadú ar líon na leabhra Gaeilge a díoladh timpeall na tíre le cúpla seachtain anuas. Bhí Tigh Standúin an Spidéil chomh tógtha sin leis an smaoineamh gur shocraigh siad an lascaine a shíneadh tamall eile.

I measc na leabhar a bronnadh, bhí úrscéalta, gearrscéalta, leabhair neamfhicsin agus cnuasaigh filíochta. Tráthúil go maith, bhí an fhilíocht go mór i mbéal an phobail le seachtain nó mar sin anuas freisin ó fógraíodh gearrliosta Dhán d’Éirinn ar shuíomh RTÉ. Bhí lúcháir orainn nuair a chonaic muid go raibh dhá dhán Gaeilge ar an ngearrliosta; Fill Arís le Seán Ó Riordáin agus Filleadh ar an gCathair le hAilbhe Ní Ghearbhuigh. Idir dhá thine na Bealtaine a bhí roinnt againn, áfach, ó thaobh na vótála de, nó i ‘ladhar an chasúir’ mar a dúirt Seán Mag Leannáin ar Facebook.

“Mar Ghaeilgeoir tá mé i ladhar an chasúir – an dtabharfaidh mé tús áite do dhílseacht teanga nó do mhothúcháin mo chroí beag beann ar theanga an dáin?” a d’fhiafraigh Seán.

Is dóigh le Scéalta ón gCibearspás gur cheart tús áite a thabhairt do mhothúcháin an chroí i gcásanna mar seo. Ar ndóigh, ní shin le rá nach bhféadfadh dán Gaeilge gruaig duine a chur ina colgsheasamh.

Tá plé bríomhar fós ar bun ar líne ar an ábhar seo agus fógrófar buaiteoir Dán d’Éirinn i gceann sé seachtaine. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh www.apoemforireland.rte.ie.