Scéalta ón gCibearspás

Colún nua le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@cabrinid (Cabríní de Barra) Screen Shot 2015-01-30 at 19.05.09

Cé hí féin?

Glór na nDéise ar Twitter! Ó Dhún Garbhán (agus ní Dún Garbháin!) a bhíonn Cabríní ag giolcaireacht den chuid is mó agus tá dlúthbhaint aici le Gaeltacht Phort Láirge. Tá spéis nach beag ag Cabríní in ainmhithe agus i mbia blasta agus seasann sí go láidir ar son cearta teanga agus daonna araon.

Céard faoi a mbíonn sí ag giolcaireacht?

Eolas faoi imeachtaí i nGaeltacht na nDéise agus an ceantar máguaird. Coinníonn sí súil ghéar ar shaol na Gaeilge agus ar scéalta teanga timpeall na tíre agus is minic a ghlacann sí páirt i bplé ar na cúrsaí sin. Bíonn neart giolcacha aici faoi ainmhithe agus bia freisin.

Cén fáth a leanfainn í?

Scéalta aneas agus comhrá deas! Tá Cabríní an-eolach ar Ghaeltacht na nDéise agus bíonn rudaí a gcuirfidh lucht na Gaeilge spéis iontu á rá agus á scaipeadh aici go minic. Tá sí breá sásta comhrá a dhéanamh le Gaelphobal Twitter ar go leor ábhar.


Ragham amú tamall eile


An tseachtain seo caite chuir Scéalta ón gCibéarspás @foirisiún in aithne daoibh sa mhír ‘Gaelghiolcaire na Seachtaine’. Go gairid ina dhiaidh sin fuair mé comhfhreagras spéisiúil ó Chré na Cille. Is cosúil go bhfuil seirbhís leathanbhanda ar fáil faoin bhfód i reilig Ghlas Naíon. Nár fada uainn i gConamara í! Screen Shot 2015-01-30 at 19.04.19

Tá cáil ar an Athair Pádraig Ó Duinnín i measc na nGael mar gheall ar a mhórfhoclóir a cuireadh i gcló den chéad uair sa mbliain 1904. Go dtí teacht Uí Dhónaill agus an Chaighdeáin Oifigiúil ba é Dineen ‘bíobla’ na nGael. Tá saibhreas gan áireamh le fáil sa bhfoclóir agus, mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, is leabhar í ar cheart do chuile scríbhneoir Gaeilge a thabhairt chun leapan leis.

Le cúpla bliain anuas (ó cuireadh na línte leathanbhanda isteach i nGlas Naíon, is dóigh), tá cuid den saibhreas sin á scaipeadh an athuair ar Twitter ag ‪@AnDuinnineach‪ . Labhair mé leis an Athair Pádraig faoina shaol nua ar líne.

Cuir thú fhéin in aithne dúinn, a Athair.

Sagart, foclóirí agus staraí, atá sínte i nGlas Naíon le ceithre scór bliain. Bhíodh scríbhneoirí na Gaeilge an-tógtha liom, agus tá cuid acu mar chomhluadar agam i gcónaí i gcré na cille. “My personal obsession,” a thug Myles na gCopaleen orm, agus mhol An Cadhnach do gach scríbhneoir mise a bheith mar chéile leapa acu, ach sin scéal eile…

Céard a bhíonn tú a chur amach ar Twitter?

Focail, nathanna, piseoga, seanfhocail agus go leor eile. Rudaí tráthúla agus rudaí fánacha.

Séadaim, v. tr. and intr., I blow, cast up, throw out, squirt; cast up clay, etc., as a fowl in nest-making; throw out random words; talk nonsense.

Céard a spreag chun giolcaireachta thú, os cionn 100 bliain th’éis dfhoclóir a fhoilsiú?

Uaigneas. Is annamh a thugann aon duine cuairt orm i nGlas Naíon agus ní féidir m’ainm a léamh fiú ar an leac atá os mo chionn anois. Tharla go bhfuair mé iFón mar bhronntanas ó chorp eile sa chill agus chonaic mé @OxfordWords agus foclóirithe eile ag giolcaireacht agus ag slapaireacht leo agus shíl mé gur cheart foclóir an Duinnínigh agus seoda na Gaeilge a chur i lár an aonaigh. Féach m.sh na sainmhínithe seo a leanas – cá bhfaighfeá a leithéid…

falaireacht, f., an amblin pace; the flaw in horses of moving both legs on each side alternately; the gait of a spancelled goat.

guanach, a., giddy, whimsical, fantastical; asal guanach staigeach do thriall chum siubhail: a wayward unreliable donkey that wandered away.

Agus ar ndóigh, is minic níos mó ná ciall amháin le focail, rud a thug ar Myles an méid seo a rá fúm – ‘Reliance on Dinneen is like choosing a minefield as the best place for doing a sixteen-handed reel. As a compendium of laughs, however, his book is nonpareil.’

Ní mór dúinn a bheith an-chúramach.

poicín m. a little he-goat, a small bag, a fat person, a little rascal.

tiachóg, f., a bag, a satchel or pouch, a bag made of sheepskin, a bag for hens to lay in, a wallet for miscellaneous use according to the season of the year.

Bíonn tú tráthúil go maith, a athar, le do chuid giolcacha – cén chaoi a mbíonn na focla foirfe agat chomh sciobtha sin do chúrsaí reatha?

N’fheadar. Blianta fada caite agam ag bailiú agus ag láimhseáil focal.

Tá an-tóir ort i measc na nGael agus na mBéarlóirí, cén sórt aiseolais a fhaigheann tú uathu agus cén focal a fuair an méid is mó réaltóga agus athghiolcacha?

Iarrtar orm rudaí a aistriú go minic. Maidir leis an tuít is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine? Cinn faoin aimsir, seans. Agus a leithéid seo b’fhéidir –

 

Cuid acu an-fhileata.

(Nó an ceann seo seans – cén t-am é? Bhfuil cead agam a bheith ag trácht ar na nithe seo?)  

Agus ar deireadh, cé na cuntais Twitter is fearr leat féin?

Is maith liom @duchas_ie ; @CathalMacCoille agus go leor leor eile.

Bhí meas ariamh ar an gcainteoir maith in Éirinn – ar an duine a d’aimseodh an ciúta deas cainte nó an focal cuí le cur síos a dhéanamh ar rud. Agus is breá liom féin daoine deisbhéalacha abartha – leithéidí @daraobriain.

Tá @WhispersNewsLTD go maith faoi láthair freisin.


An Chaint sa tSráidbhaile ar líne


Lasadh na meáin shóisialta cúpla uair le seachtain anuas, ar ábhair éagsúla idir shaol an spóirt, shaol na Gaeilge agus shaol na polaitíochta. I measc na scéalta  ba mhó trácht orthu sna meáin bhí scéal Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath. Ghoill scéal an mhada bhoicht a maraíodh i gCill Dara go mór ar an bpobal freisin nuair a sceitheadh ar dtús é. Ach d’eascair comhrá eile spéisiúil ón dá scéal sin. Bunaithe ar theachtaireachtaí ar na meáin shóisialta a bhí an péire acu agus ba léiriú ar chontúirt leithéidí Twitter agus Facebook i réimse na nuachta iad – mar a bhí i scéal fhear an hata ghlais th’éis bhuamáil Bhostúin dhá bhliain ó shin.

Nuair a chéadfhoilsíodh an dá scéal, ní raibh ach leath an scéil ar eolas ag formhór na scríbhneoirí agus, dá bharr sin, leath an scéil a bhí ag formhór an phobail. I gcás Choláiste Eoin bhí mearbhall ann faoi céard go baileach a tharla agus cén fáth ar tharla sé, rud a d’fhág go raibh an scoil faoi lámhach míchothrom ó chaon taobh. I scéal an mhada mhairbh, cuireadh casadh an uafáis sa scéal gur loisceadh ina bheo an mada.

Bhí cuid den fhírinne sa dá scéal – bhí conspóid ann faoi cheardlann ar an maistíneacht homafóbach i gColáiste Eoin agus maraíodh madra go foiréigneach – ach fágadh cuid thábhachtach den dá scéal ar lár agus ghlac mórchuid den phobal gan cheist, leis an scailéathan.

Ar deireadh, míníodh i ráiteas ó Choláiste Eoin cúis na míthuisceana maidir leis an gconspóid sin agus léiríodh go raibh dul amú ar fhormhór na meán nuair a maíodh gur cuireadh an cheardlann ar ceal ar mhaithe le “cothromas don dá thaobh”. D’eisigh Cumann Chill Dara agus Chill Mhantáin um Fhóirithint ar Ainmhithe ráiteas freisin inar soiléiríodh nár cócaireáladh ina bheo an brocaire Staffordshire cé gur úafasach an bás a fuair an mada bocht.

Is bréa le Scéalta ón gCibéarspás na meáin shóisialta agus baineann muid an-úsáid astu chuile lá beo ach ní mór a bheith airdeallach ar áibhéil agus dathú scéil.

Is túisce giolc ná scéal.

 

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'