Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-08-28 at 17.46.18Ainm?

@milseogmhilis (Darragh Ó Náraigh)

Cé hé féin?

Gael i gcéin. Is duine de Ghaelphobal idirnáisiúnta Twitter é Darragh atá ag cur faoi i Hong Cong. Tá an Ghaeilge agus teanga na Síne ar a thoil aige agus tá sé ag iarraidh cultúr agus teanga na nGael a roinnt le muintir na hÁise agus cultúr na hÁise a roinnt linne anseo sa mbaile.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Bíonn Darragh ag caint faoi chúrsaí reatha in Éirinn agus sa tSín ach is minic leis bheith ag tráchtaireacht ar scéalta eile timpeall na tíre. Tá an-chur amach aige ar chúrsaí polaitíochta i Hong Cong agus na fadhbanna atá san áit le ceannasaíocht Bhéising. Is foghlaimeoir Cantoiníse é freisin agus roinneann sé gaois na teanga sin le daoine ar Twitter agus ar a bhlag.

Cén fáth a leanfainn é?

Tá Darragh an-ghníomhach ar Twitter agus an-sásta a ladar a chur isteach i scéalta móra an domhain. Gheobhaidh lucht a leanta díospóireacht agus comhrá maith uaidh chomh maith le tuiscint ar áit ar domhan nach ndéantar mórán trácht’ uirthi i nGaeilge. Tá tuairimí láidre aige ar chúrsaí Gaeilge agus dlí freisin agus é sásta iad a phlé lena leantóirí.

Giolc na Seachtaine

Ragham amú tamall eile…

Tá an samhradh thart agus na Gaeilgeoirí uilig imithe abhaile, agus cuid de na créatúir fillte ar an scoil cheana féin, ach tá lucht eagarthóireachta TG Lurgan fós ag treabhadh leo sa stiúideo ar an gCnoc in Indreabhán.

Sceith siad an físeán is deireanaí uathu, leagan Gaeilge de Uptown Funk le Mark Ronson agus Bruno Mars, ar na meáin shóisialta inniu. Is ar chúrsa C a rinneadh an físeán áirithe seo. Is iad físeáin chúrsa C a tharraing an aird is mó go dtí seo: Avicci Vs Lurgan agus BEO Lurgan ina measc. Tá os cionn 1,7500 duine tar éis súil a chaitheamh ar an bhfíseán nua seo cheana féin ach níl amhras orainn ach go ngabhfaidh sé sin i méid go sciobtha.

An chaint sa sráidbhaile ar líne…

Scríobh an dramadóir Manchán Magan alt san Irish Times le deireanas agus tharraing sé go leor cainte – idir mholadh agus cháineadh, ar na meáin shóisialta le seachtain anuas.

Ba é smaoineamh Manchán ná go ‘n-uchtódh’ muintir an hÉireann focal Gaeilge an duine agus go gcothóidís é ina gcuid cainte laethúil. Adopt an endangered Irish word an sluaghairm a d’fhógair Magan.

Ní dheachaigh a thogra, Gaeilge Tamagotchi, i bhfeidhm chomh mór sin ar Aonghus Ó hAlmhain ar Twitter.

 

Ach thaitin sé go mór le Orla Coffey:

 

B’fhéidir go bhfuil cuid de na focail a luaigh Manchán in alt sábháilte aige féin cheana féin agus leithéidí Bridget K. Lawler ag iarraidh an focal ‘sceidhtéir’ a chur i mbéal an phobail arís.

 

Tá a focal féin roghnaithe ag Stephanie Lord cheana féin