Scéalta ón gCibearspás (le @gaire_le_maire, Gaeilge RTÉ News Now agus ronnachaí)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@gaire_le_maire (Gáire Le Máire)

Cé hé féin?

Cuntas nua grinn atá ar an bhfód le cúpla lá anuas atá tar éis muid a chur ag gáire cúpla uair cheana féin. Bean í Máire a bhfuil féith an ghrinn go tréan inti agus fonn uirthi a cuid jócanna (idir mhaith agus olc!) a scaipeadh ar Twitter.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

‘Punannaí den chéad scoth’ mar atá scríofa ar an mbeathaisnéisín féin. Bhí cúpla pun iontach ag Máire cheana féin.

Cén fáth a leanfainn í?

Tá géarghá le hábhar grinn i nGaeilge agus cé gur chuir GaelGÁIRÍ beocht éigin san earnáil, ní leor grúpa amháin leis an tír ar fad a chur ag gáire. Tá stíl dhifriúil grinn ag Máire agus taitneoidh sé le go leor daoine. Cé nach bhfuil ach 12 giolc seolta aici faoin am seo, is maith linn a cuid punannaí agus tá muid ag súil le i bhfad níos mó uaithi gan mhoill.

Ragham amú tamall eile…

Sheol RTÉ seirbhís nuachta an aip “RTÉ News Now” an bhliain seo caite agus is maith ann é. Bhíothas ag tabhairt amach ag an am, áfach, go raibh sé deacair a theacht ar an ábhar i nGaeilge mar bhí an rannóg ‘nuacht’ i bhfalach taobh thiar de ‘gnó’, ‘spórt’ nó ‘siamsaíocht’.

Rinne RTÉ athnuachan ar an aip le deireanas ar chóras Android agus iOS, áfach, agus anois is furasta an Ghaeilge a chur mar phríomhrannóg na haipe.

Ní le déanamh ach an roghchlár a oscailt, ‘edit menu’ a bhrú agus ‘Nuacht’ a tharraingt go barr an liosta. Feicfear na ceannlínte i nGaeilge nuair a osclófar an aip feasta.

An chaint sa tsráidbhaile ar líne

Foilsíodh alt ar Tuairisc.ie an tseachtain seo faoi mhuintir Chonamara a bhain gáire as go leor daoine i gConamara féin agus daoine a raibh eolas acu ar an gceantar. Scigalt a bhí ann, ar ndóigh, agus is maith a d’aithin muintir an Iarthair sa ‘liostalt’ seo ina raibh ‘15 comhartha gur duine as Conamara thú’.

Ní liosta críochnúil a bhí ann ar chor ar bith, ar ndóigh, agus chuir muintir Chonamara leis an méid a bhí ann cheana i dtaobh a gcuid nósanna féin!

Screen Shot 2015-08-21 at 16.07.44 Screen Shot 2015-08-21 at 16.08.03

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás (le @gaire_le_maire, Gaeilge RTÉ News Now agus ronnachaí)'