Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Giolc na Seachtaine

Bhí dhá scéal go mór i mbéal an phobail le seachtain anuas. An chéad scéal ná na teifigh atá ar an meánmhuir i láthair na huaire, agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an tSeirbhís Chabhlaigh a theacht i gcabhair orthu. Bhí an tSeirbhís Chabhlaigh i mbéal phobal na Gaeilge ar chúis eile an tseachtain seo freisin – tá long nua le fáil acu agus is é ainm an fhile Béarla W.B. Yeats a bhaistear uirthi.

 

D’éirigh le Seán an dá scéal a tharraingt le chéile agus ruainne beag grinn a chur isteach ann ar Twitter.

 

Ragham amú tamall eile…

 

Chuir Raidió na Life tús le clár nua bricfeasta le deireanas agus mar chuid den chlár sin, tá mír ghrinn ag GaelGÁIRÍ an club grinn Gaeilge. Níl an mhír ach ina thús agus cé nach mbainfeadh gach abairt ó bhéal “Daithí agus Daithí” gáire as an éisteoir, tá tús maith déanta ag baill GaelGÁIRÍ. Is féidir éisteacht le Raidió Ráiméis ar soundcloud Raidió na Life i ndiaidh an tseó gach Aoine.

 

“Bhí muid ag smaoineamh faoi rud mar é a dhéanamh le tamall agus ansin chuaigh Lisa Madden i dteagmháil linn. Chuir muid slacht ar na smaointe agus le cúnamh eagarthóireachta agus ceoil ó Lisa í féin, chuir muid na míreanna le chéile. Tá siad bunaithe ar chláir raidió eile i nGaeilge agus Béarla agus an tseafóid a bhaineann leo agus leis an bpopcheol a bhíonn á chasadh 33 uair a’ chloig in aghaidh an lae.

 

“Faighimid ionsparáid ó gach áit agus táimid ag iarraidh sraith a dhéanamh ach bíonn sé deacair leanacht ar aghaidh agus trí nóiméad a bhíonn greannmhar a scríobh gach seachtain. Tá roinnt píosaí sa chéad dá chlár a bhí greannmhar agus roinnt eile nach raibh ach sin mar a bhíonn! Tá muid an-sásta leis agus ba bhreá linn cloisteáil ón lucht éisteachta,” a dúirt Eoin Ó Murchú, bunaitheoir GaelGÁIRÍ le Scéalta ón gCibearspás.

 

An chaint sa tsráidbhaile…

 

Foilsíodh alt ar Slugger O’ Toole an tseachtain seo ‘Do Urban Gaeltachts produce a compromised Irish?’ le Barton Creeth inar pléadh ceist na Gaeilge cathrach agus na ceantracha uirbeacha a dhéanann iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail.

 

Chothaigh an t-alt faoin nGaeltacht cheart agus an Ghaeltacht ‘uirbeach’ go leor díospóireachta agus conspóide sa tríú cineál Gaeltachta – an Ghaeltacht Dhigiteach.

 

Spreag an t-alt díospóireacht ar an gclár ‘Údar Cainte’ ar RTÉ RnaG agus ailt ar an suíomh seo freisin.

 

Thuar léitheoirí áirithe ‘cath’ idir Gaeilgeoirí dúchais agus foghlaimeoirí cathrach

 

Bhíothas den tuairim gur cuma cén Ghaeilge atá ag duine ach í a labhairt.

Agus daoine eile ann a cheap nach raibh i gcaint na gcathracha ach Gaeilge ‘líofa lofa’.

 

Dúirt Sharon go mbíodh sí den tuairim gurbh fhearr Gaeilge na Gaeltachta na Gaeilge na gCathracha ach gur tháinig athrú ar an meon sin aici le tamall anuas.

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'

  • Tuigim

    labhair a léamh ► leabhair a léamh (ar ndóigh) srl