Scéalta ón gCibearspás 2015

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne. Scoth na bliana 2015

Scéalta-ón-gCibearspás

Tá an bhliain 2015 nach mór istigh orainn agus mar sin caithfidh muid súil siar ar na físeáin, giolcacha agus pictiúr ab fhearr a bhí ar Scéalta ón gCibearspás ó thús na bliana. Tá súil againn gur thaitin an colún seo libh i mbliana.


Ba iad Twitter agus Facebook an dá mheán sóisialta atá in úsáid den chuid is mó ag pobal Gaeilge an idirlín agus d’éirigh le Scéalta ón gCibearspás greim a fháil ar an Athair Pádraig Ó Duinnín i mí Eanáir le labhairt leis faoin saol nua atá faighte aige ó thosaigh sé ag giolcaireacht ón ‘taobh eile’.

Seo mar a labhair sé linn:

Cuir thú fhéin in aithne dúinn, a Athair.

Sagart, foclóirí agus staraí, atá sínte i nGlas Naíon le ceithre scór bliain. Bhíodh scríbhneoirí na Gaeilge an-tógtha liom, agus tá cuid acu mar chomhluadar agam i gcónaí i gcré na cille. “My personal obsession,” a thug Myles na gCopaleen orm, agus mhol An Cadhnach do gach scríbhneoir mise a bheith mar chéile leapan acu, ach sin scéal eile…

Céard a bhíonn tú a chur amach ar Twitter?

Focail, nathanna, piseoga, seanfhocail agus go leor eile. Rudaí tráthúla agus rudaí fánacha.

Séadaim, v. tr. and intr., I blow, cast up, throw out, squirt; cast up clay, etc., as a fowl in nest-making; throw out random words; talk nonsense.

Céard a spreag chun giolcaireachta thú, os cionn 100 bliain th’éis d’fhoclóir a fhoilsiú?

Uaigneas. Is annamh a thugann aon duine cuairt orm i nGlas Naíon agus ní féidir m’ainm a léamh fiú ar an leac atá os mo chionn anois. Tharla go bhfuair mé iFón mar bhronntanas ó chorp eile sa chill agus chonaic mé @OxfordWords agus foclóirithe eile ag giolcaireacht agus ag slapaireacht leo agus shíl mé gur cheart foclóir an Duinnínigh agus seoda na Gaeilge a chur i lár an aonaigh. Féach m.sh na sainmhínithe seo a leanas – cá bhfaighfeá a leithéid…

falaireacht, f., an amblin pace; the flaw in horses of moving both legs on each side alternately; the gait of a spancelled goat.

guanach, a., giddy, whimsical, fantastical; asal guanach staigeach do thriall chum siubhail: a wayward unreliable donkey that wandered away.

Agus ar ndóigh, is minic níos mó ná ciall amháin le focail, rud a thug ar Myles an méid seo a rá fúm – ‘Reliance on Dinneen is like choosing a minefield as the best place for doing a sixteen-handed reel. As a compendium of laughs, however, his book is nonpareil.’

Ní mór dúinn a bheith an-chúramach.

poicín m. a little he-goat, a small bag, a fat person, a little rascal.

tiachóg, f., a bag, a satchel or pouch, a bag made of sheepskin, a bag for hens to lay in, a wallet for miscellaneous use according to the season of the year.

Bíonn tú tráthúil go maith, a athair, le do chuid giolcacha – cén chaoi a mbíonn na focla foirfe agat chomh sciobtha sin do chúrsaí reatha?

N’fheadar. Blianta fada caite agam ag bailiú agus ag láimhseáil focal.

Agus ar deireadh, cé na cuntais Twitter is fearr leat féin?

Is maith liom @duchas_ie ; @CathalMacCoille agus go leor leor eile.

Bhí meas ariamh ar an gcainteoir maith in Éirinn – ar an duine a d’aimseodh an ciúta deas cainte nó an focal cuí le cur síos a dhéanamh ar rud. Agus is breá liom féin daoine deisbhéalacha abartha – leithéidí @daraobriain.

Tá @WhispersNewsLTD go maith faoi láthair freisin.


Is iad baill an chlub grinn GaelGÁIRÍ a chuir an físeán seo le chéile agus é múnlaithe ar an bhfíseán cáiliúil a rinne Foil, Arms and Hog, darbh ainm ‘50 Irish Towns in 1 Conversation’.

Is iad baill an chlub grinn GaelGÁIRÍ a chuir an físeán seo le chéile agus é múnlaithe ar an bhfíseán cáiliúil a rinne Foil, Arms and Hog, darbh ainm ‘50 Irish Towns in 1 Conversation’.

An Taisteaslaí Fánach – Leagan Ed Sheeran

Bhí TG Lurgan i mbun oibre arís an samhradh seo ach i bhfad roimhe sin, siar i mí Eanáir, d’eisigh siad an leagan álainn seo den amhrán traidisiúnta Meiriceánach ‘Wayfaring Stranger’ agus bhí an-éileamh go deo air. Bunaithe ar leagan Ed Sheeran den amhrán clúiteach atá leagan TG Lurgan.

Seáinín Smaoiseach

D’éirigh Seáinín Smaoiseach as bheith ag déanamh físeán ar YouTube cúpla bliain ó shin. Tháinig Scéalta ón gCibearspás ar fhíseán dá chuid i mí na Bealtaine áfach, agus ba í ár dtuairim ag an am nach bhfacthas riamh cheana é. Faraor géar, níor tháinig muid ar aon cheann eile ó shin!


Bhí go leor grianghraif mhaithe ar líne i mbliana, cuid acu a chuirfeadh deoir le do shúil agus cuid eile a bhainfeadh gáire mhór asat. Ba é an ceann ab fhearr linne, áfach ná an íomhá a thóg Fionn Rogers agus a chroch Caitlín Nic Aoidh ó Aimsir TG4 ar Twitter Lá an Uruithe Gréine (20 Márta):

Uru Greine


Foilsíodh os cionn leathchéad eagrán de Scéalta ón gCibearspás i gcaitheamh na bliana agus an mhír ‘Giolc na Seachtaine’ le feiceáil go rialta ann. Mar sin féin, ní raibh sé deacair giolc na bliana a roghnú! Is do @DirkVanBryn a thugaimid an onóir seo dá jóc faoin mbriogáid dóiteáin:

Tá 290 athghiolc déanta ar jóc Derek ó chuir sé amach é i mí Aibreáin agus 265 croí tugtha dó – déanann muid amach gurb é seo an giolc Gaeilge is rathúla riamh!

Ní fhéadfadh muid dearmad a dhéanamh ar ghiolc @DDeibhinn a seoladh aimsir an reifrinn pósta ach an oiread, agus mar sin, is dó sin a thugann muid an dara háit:

Gaelghiolcaire na Seachtaine Rith sé linn go ndeachaigh an bhliain tharainn agus gan tagairt amháin déanta againn do @tuairiscnuacht! Ar ndóigh, tá Tuairisc.ie ar an gcóras giolcaireachta ó tháinig ann don suíomh i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2014. Is ansin a fheicfear gach scéal a fhoilsítear ar an suíomh chomh maith le tráchtaireacht bheo ar imeachtaí móra na Gaeilge agus na Gaeltachta. Lean muid!

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás 2015'