Scéalta ón gcibearspás

Colún nua le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta ón gCibearspás 2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@focalasgaillimh (Foirisiún)

Screen Shot 2015-01-23 at 19.49.01

Céard é fhéin?

Cuntas a chuireann rogha na leaganacha is spéisiúla ón bhfoclóir Foirisiún Focal as Gaillimh le Tomás de Bhaldraithe ar Twitter. Tá léargas maith ar chaint na Gaillimhe, ní amháin i gConamara ach ar an Achréidh agus i gceantracha eile nach labhraítear an Ghaeilge iontu níos mó.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Nathanna greannmhara agus spéisiúla atá le fáil sa bhfoclóir féin. Bíonn míniú ar an nath i nGaeilge. Bíonn cuid de na leaganacha an-spraoíúil agus baineann cuid mhaith acu le ragairne agus drabhlás.

Cén fáth a leanfainn é?

Cuirfidh an cuntas seo le do shaibhreas teanga gan amhras agus foghlaimeoidh tú roinnt mhaith nathanna barrúla leis. Tá focla ag Foirisiún nach bhfuil sa gcaint níos mó agus tá an-spéisiúil ó thaobh na canúneolaíochta de. Tá Foirsiún an-sásta ceisteanna a fhreagairt, leaganacha cainte a mhíniú míniú Béarla a thabhairt ar nath má iarrtar sin air, cé nach mbíonn a chuid giolacha féin ach i nGaeilge amháin. Níl sé ar an bhfód ach le dhá mhí mar sin agus is beag duine atá ar an eolas faoi go dtí seo!

Giolc na Seachtaine

Is í @MiseCiara, iníon léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a sheol an giolc ab fhearr le Scéalta ón gCibéarspás an tseachtain seo.

Labhair @MiseCiara linn faoin bpictiúr:

“Shábháil muid éan thart ar bhliain go leith ó shin. Bhí a sciathán gortaithe agus thug muid isteach sa teach é. De réir a chéile tháinig feabhas air agus thosaigh sé ag eitilt. Cheap muid go n-imeodh sé agus nach bhfeicfeadh muid riamh arís é ach tagann sé ar ais gach lá le bia a fháil. Tá an-ghar do mo dhaid, bíonn sé ag suí air go minic agus déanann Daid fatballs dó. Bíonn Daid ag cócaireacht níos minice don éan ná mar a bhíonn sé domsa! Bíonn sé ag cur glaochanna orm ag rá scéalta faoi “Jeaic”. Thóg mo dheirfiúr an pictiúr sin agus nuair a chonaic mé é smaoinigh mé ar an nath cainte agus chuir mé ar Twitter é,” a dúirt sí.

Ragham amú

Nuair a thosaigh TG Lurgan ag crochadh físeán ceoil ar YouTube i dtosach, bhíodh lear mór acu á gcur amach i rith an tsamhraidh agus arís ag deireadh an tsamhraidh ach i mbliana táthar ag scaoileadh na seod, ceann ar ceann, i gcaitheamh na bliana – nós a thaitníonn go mór le Scéalta ón gCibearspás.

Éisíodh leagan álainn den amhrán traidisiúnta Meiriceánach ‘Wayfaring Stranger’ an tseachtain seo caite agus tá an-éileamh go deo air. Bunaithe ar leagan Ed Sheeran den amhrán clúiteach atá leagan TG Lurgan, a taifeadadh faoi stiúir an cheoltóra Jenny Ní Ruiséil ar Chúrsa B 2014.

Labhair Ní Ruiséil linn faoin amhrán:

“Is fan ollmhór mé d’Ed Sheeran agus taitníonn sé go mór leis na déagóirí freisin mar sin bheartaigh muid amhrán dá chuid a thaifeadadh. Roghnaigh muid The Wayfaring Stranger mar mheas muid go mbeadh sé go maith don chór mar tá go leor páirteanna ann agus tá an-difriúil ó na rudaí eile a bhí déanta againn go dtí seo. Seachas a bheith ag léimt thart agus ag damhsa, rinne muid an ceann seo sa dorchadas agus na scoláirí ag caitheamh éadaí dubha agus coinnle ina lámha acu.

“Rinneadh i rith an lae é agus, i ndáiríre, bhí an-gheal taobh amuigh mar sin bhí orainn dallóga a chur ar na fuinneoga go mbeadh sé dorcha taobh istigh. D’úsáid muid coinnle agus bhí orainn a bheith an-chúramach faoi sin, ach bhí gach rud faoi smacht agus ceannaire coinnle ag gach grúpa beag a choinnigh súil ar chúrsaí sábháilteachta. Rinneadh Éamonn Mac Mánais an-jab leis an bhfíseán agus tá muid an-sásta leis,” a dúirt sí.

Ar ndóigh, beidh Ed Sheeran ag casadh i Whelan’s i mBaile Átha Cliath amárach – b’fhéidir go bhfuil na focla Gaeilge foghlamtha aige!

An Chaint sa tSráidbhaile ar líne

B’iomaí ábhar conspóideach a bhí á chur is á chúiteamh ar líne le seachtain anuas. Nocht Tithe an Oireachtais foclaíocht an ailt a chuirfí sa mBunreacht sa gcás go rithfí an reifreann ar phósadh aon inscne i mbliana. “Féadfaidh beirt, cibé acu fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith

pósadh de réir dlí” a fheicfear i mBunreacht na hÉireann ma éiríonn le rún an reifrinn.

Ba é Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a spreag comhrá teasaí eile ar na meáin shóisialta agus é i mbun agallaimh le Cormac Ó hEadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt. Bhain an comhrá le scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie faoi líon na státseirbhíseach a bhfuil Gaeilge acu agus meon na Státseirbhíse i leith na teanga.

D’iarr Ó hEadhra d’Ard-Rúnaí an Chonartha ar cheart go n-áireofaí teanga iasachta in áit na Gaeilge mar scil bhreise agus iarratas ar phost sa Státseirbhís á dhéanamh, ó tharla go bhfuil 100,000 Polannach ina gcónaí in Éirinn agus cuid mhaith acu ar bheagán Béarla (gan chaint ar Ghaeilge).

“Ní dóigh liom gur cheart, a Chormaic, agus ní dóigh liom go mbeadh na Polannaigh féin fiú á lorg sin. Ní teanga oifigiúil de chuid na hÉireann í an Pholainnis agus ní dóigh liom go mbeidís ag iarraidh go mbeadh seirbhísí mar sin ar fáil. Ag deireadh an lae tá muid ag caint faoi theanga a bhaineann go dlúth leis an tír seo agus ba cheart go mbeadh an pobal in ann déileáil (leis an Stát) tríd an teanga sin gan fhadhb gan choinníoll.

“Is cearta daonna atá i gceist ag deireadh an lae ach níl an Rialtas ag iarraidh tabhairt faoi mar tá obair i gceist len é seo a chur i gcrích ach níl costas leis agus sin an pointí is tábhachtaí: má dhéanann siad tosaíocht de seo ní bheidh costas ar bith orthu,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tar éis dó an t-agallamh a chloisteáil, d’fhiafraigh Rob Mac Consnámha de bhaill an ghrúpa Facebook Gaeilge Amháin a mbarúil ar fhreagra an Spáinnigh. “Ma táimid chun troid a dhéanamh ar son na Gaeilge, ní féidir linn an doras a dhúnadh do dhaoine atá anseo agus a dteanga féin acu. Caithfidh muid seasamh le chéile,” a dúirt sé.

Lean an comhrá bríomhar ar aghaidh faoi chearta teanga agus dualgas an Stáit freastal ar lucht labhartha na dteangacha a labhraítear anseo. Ar an mórchuid, aontaíodh le tuairim Julian de Spáinn cé go ndearna Rob Mac Consnámha pointí stuama a thacaigh lena argóint féin.

“Tá ionadh orm go bhfuil Gaelgóirí ag rá gur féidir leo labhairt i mBéarla. Sin díreach an argóint chéanna ag na daoine in Éirinn nach bhfuil sásta cearta a thabhairt dúinne. Is féidir agus ba cheart tacaíocht a thabhairt do chainteoirí in Éirinn a bhfuil a dteanga féin acu, go háirithe nuair atá, ar a laghad, 100,000 cainteoir laethúil nó b’fhéidir níos mó ann,” a scríobh sé.

Is ceist an-leochaileach í ceist na gceart teanga sa tír seo agus cá bhfios cé mhéad cainteoir Gaeilge nó Polainnise, nó go deimhin aon teanga eile, a bheas anseo i gceann leathchéad bliain.

Scéalta ón gCibearspás den tuairim go bhfuil áit ar leith ag an nGaeilge in Éirinn agus gur ceart í a chaomhnú agus a chothú ar a fód dúchais – amhail gach teanga eile ar domhan.

Fág freagra ar 'Scéalta ón gcibearspás'