Scéalta ón gCibearspás…

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-04-03 at 15.30.18Ainm?

@nascanna (nascanna.com)

Cé hiad féin?

Seo cuntas oifigiúil Twitter an tsuímh nascanna.com (naisc). Ar an suíomh sin (a bhfuil cuma álainn anois air ó rinneadh athchóiriú air le cúola le seachtain anuas) faightear comhairle, treoir agus eolas faoi na bealaí chun do ríomhaire a chur ag obair go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Scaipeann an cuntas Twitter an t-eolas seo saor in aisce agus freagraíonn ceisteanna ón bpobal faoi dheacrachtaí teicneolaíochta na Gaeilge.

Céard faoi a mbíonn siad ag giolcaireacht?

Mar a deir siad ar a suíomh féin, “tá sé i gceist againne anseo a chur ina luí ar an bpobal gur féidir an ríomhaire a chur ag feidhmiú anois trí Ghaeilge, agus táimid ag cur an eolais chuí ar fáil chuige sin”.

Ar an mórgóir, bíonn an t-eolas cuimsitheach faoi Ghaelú na ríomhairí atá ar fáil ar an suíomh á scaipeadh ag an gcuntas seo ar Twitter ach is cuntas gníomhach é sa Ghaelphobal freisin. Tá leideanna maithe ar fáil uathu faoi gach gné den Ghaeltacht Dhigiteach – cén chaoi a bhfaighidh tú an síneadh fada ar an iPhone? An bhfuil litreoir ann don Mac? An féidir mo ghlórphost a chur i nGaeilge? Is féidir ach ceist a chur ar @nascanna.

Cén fáth a leanfainn iad?

Tá sé ríthábhachtach don té ar mhaith leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid ina shaol pearsanta go mbeadh gach rud ar fáil sa teanga. Tá an teicneolaíocht fite fuaite inár saol anois agus is beag éalú a bheadh ag duine ón saol digiteach. Mar sin, bíodh bhur ríomhairí agus bhur bhfóin i nGaeilge agus, le cúnamh Dé, beidh na hinnill pháirceála agus na ATManna uilig i nGaeilge lá breá eicínt freisin. Tabharfaidh @nascanna cúnamh duit na céimeanna tosaigh a thabhairt.

Ragham amú tamall eile…

Bhí Scéalta ón gCibearspás i láthair ag MoJoCon RTÉ an tseachtain seo caite, áit ar pléadh na rudaí iontacha ar féidir a dhéanamh ar fhóin chliste. Bhain go leor den chaint le scannánú agus craoltaí teilifíse ach bhí taispeántas eile ann de na haipeanna is fearr don chineál sin oibre. Thug muid suntas don cheann seo – Panorama 360. Is don Android an ceann seo ach tá aipeanna cosúil leis ar fáil ar an iOS freisin (ní luafaidh muid fón Windows…). Ligeann sé don ghrianghrafadóir grianghraif 360° a thógáil ar ardchaighdeán. Is féidir na pictiúir sin a fheiceáil mar íomhánna 3D nó ina leideog, fuaim a chur leo agus íomhánna HD a dhéanamh díobh.

An bealach is fearr le haip a mhíniú ná é a thaispeáint, mar sin, fágfaidh muid faoinár léitheoir a mbreithiúnas a thabhairt air. Tá an aip ar fáil saor in aisce anseo. Tógaigí grianghraif agus cuirigí ar Twitter iad faoin haischlib #TuairiscPic. B’fhéidir go mbeadh duais ann don phictiúr is fearr…

An Chaint sa tSráidbhaile…

Seachtain mhór a bhí ann an tseachtain seo – go liotúirgeach agus go liteartha. D’fhógair an rialtas an Clár Comórtha do chomóradh an chéid 1916-2016 agus tharraing sé sin go leor leor cainte ar na meáin shóisialta. Ar an mórchuid, bhí muintir na hÉireann sásta leis na hathruithe a rinneadh agus is cinnte go raibh pobal na Gaeilge i bhfad níos sásta leis an méid Gaeilge atá le feiceáil sa chlár anois.

Ar ndóigh, an rud ba mhó a tharla ar líne an tseachtain seo ná Lá na nAmadán. Bíonn an chéad lá d’Aibreán ina ruaille buaille ar líne i gcónaí agus bhain Scéalta ón gCibearspás an-sult as na bréagscéalta ar fad a bhí ag dul timpeall an Ghréasáin moch maidine Dé Céadaoin. Go deimhin, bhain scéal Tuairisc.ie (nó Report.ie) siar as ár gcuid léitheoirí féin!

Seo daoibh ár rogha de na scéalta ab fhearr ó Lá na nAmadán:

1. Thuairiscigh RTÉ go mbainfidh an Túr Solais ó Shráid Uí Chonaill mar chuid de Chomóradh 1916. Dúradh go rabhthas ag iarraidh an tsráid mar a bhí sí sa bhliain 1916 a athchruthú do Sheachtain na Cásca 2016 nuair a bheadh an t-iliomad imeachtaí agus mórshiúlta ar siúl sa chathair. Chreid roinnt mhaith daoine an scéal! Rinne duine nó beirt moladh breise:

 

2. D’fhill Conradh na Gaeilge ar sheanainm na heagraíochta ‘The Gaelic League’. Tráthúil go maith bhí plé ar leathanach Facebook an Chonartha ag tús na seachtaine ar an ábhar céanna…

Conradh na Gaeilge screen shot

3. An Lomo “Instant Caribbean”. D’eisigh an comhlaht grianghrafadóireachta Lomography  an físeán seo ina fheictear an “chéad ceamara meandrach uiscedhíonach”. Faraor géar, dá leanfadh duine ar bith an nasc a luadh leis ní fheicfeadh sé ach an pictiúr meandrach seo agus teachtaireacht a deir ‘Amadán Aibreáin’!

Underwatercamera screenshot

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás…'